firstLine"; ?>

1620. Rath fa chroidhe chumas Dia $
Length: long 39qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 998 (23/F/21) Vellum 16th cent.
Prints:
  1. text Carney PB no. ix
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patron
  3. praise of appearance
  4. qualities of patron’s character
  5. comparison of patron with all others
  6. liberality to poets
  7. fertility of land under true prince
  8. symptoms of law and order
  9. God as Creator
  10. almsgiving
Poet Christian Names:
  1. Domhnall (RIA 998)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Theobald (Teaboid) mac Piaruis
Patron Surnames:
  1. Butler (lord of Caher) d. 1596
Apologue Subclasses:
  1. Fionn’s three virtues: truth, courage, fame
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Rath fá chroidhe chumas Dia


[Carney, James: Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D. 1400-1650), Dublin, 1945, poem 9]


Domhnall Mac An Bhaird


1 Rath fá chroidhe chumus Dia,

ós é a bhreitheamh Mac Mairia,

dá gach aon don uile fhear,

saor na cruinne dá ccreidtear.


2 Do-chíthear dó a-nuas do nimh -

ós cuid d’fheartaibh Dé dhúiligh -

méin gach duini d’fhuil Eabha,

’s do-chluin uile a n-airdheana.


3 Ós aige as fearr fios na sgél

maith ronnus Dia ar a dheibhlén,

nach fuil fáth doghuilsi dhe,

bláth an domhain-si dhúinne.


4 Ní hionann dáiltear dhó sin

ní is d’fhior an chroidhe chaithmhigh,

don tí as aigeanta a n-ucht áigh

’s do lucht chaigealta an chonáigh.


5 Gibé do-bhéradh a chrodh

’s a fhagháil dó mar dubhradh,

a luagh d’aonduine ní fhuil

do shluagh caomMuighe Criomhthain.


6 Ní fhuigheadh acht an tí a-tá

’na fhior oinigh gach aon-lá,

neach gan díoth éinfhir eile,

Críoch Éibhir dá n-imthighe.


7 Ní thiobhradh uaidh d’iomad slóigh

’s ní thaidheóladh taom d’égóir,

fonn sáimh as míne muighe,

ar ríghe Cláir Conaire.


8 A neart bhós do bheith do shíor

ní hiongnadh d’fhior a dheighgníomh,

an crann do uaisligh a fhiodh

tar uaislibh Gall is Ghaoidheal.


9 An té ara ndoirtfeadh Dia a rath

deacair nach dó bhus baoghlach -

glór é lér fíoradh gach fáidh -

muna dhíoladh é d’fhagháil.


10 Ós dó bheanus bríogh na sgéal,

do thiodhluic Teabóid Builtér -

gníomh é dob oirdhearca d’fhior -

toirbhearta Dé mar dlighthear.


11 Dearbh nár chuir acht mar budh cáir

a bhfuair do dhuille an domhnáin,

teisd cáich nach iongantach air

fá Ráith bhfionnacrach bhFiachaidh.


12 Ní chuirfe cuid an ollaimh

a n-ainbhfeas le hanorraidh -

gruadh gheal nach gébha donnadh -

’s ní fear éra anorradh.


13 Ní thiobhradh - do theisd aoinfhir! -

ar grádh nó ar glóir dhíomhaoinigh,

fear gan annsa ar ní fá nimh,

gidh í an almsa nó a haithghin.


14 Cuma leis ó ló a mbronnta

eachtra na séd saoghalta,

gé fuair crodh mar budh cubhaidh,

a dhol uaidh nó a anamhain.


15 Oighre Piaruis na bport nglan

tnúth ris ag ríoghraidh Mumhan,

eite lúidh Gaoidheal is Ghall,

tnúidh re haoinfhear ní fhóbrann.


16 Díol tnútha mar táthar faoi

gibé bheas cor an chaomhlaoi

láimh re Súir bhfíonmhair bhfleadhaigh

don chlúimh fhíorghlain fhoithreamhail.


17 Foghar beach a mbarraibh fiodh,

foghar énlaithi is oireamh,

cuan sídh as míne muighe,

ríghe mar Thír Tarrngaire.


18 Mu chin triath gá ttarla sin;

geall gach muighe ag Magh Feimhin;

tar chrích oile d’fhiadh Mumhan

mian le croidhe a chuartughadh.


9 Gé lán súl amharc an fhuinn

’s toirthi meince an fhóid álainn,

ní thug Dia a dháil acht d’aoinfhear;

cia ara cáir a chomhmaoidheamh?


20 Deimhin riamh nár bhris a bhóid,

luach a chroidhe a-tá ag Teabóid;

mar tá an chríoch ainglidhi fhionn

fríoth a tairngire ón Táilgeann.


21 Gan fhuath an fhir d’ar-oile,

gan chogadh, gan chorraighe,

as beith lán d’aoibhneas uile,

clár na ccaoimhlios ccumhraidhe.


22 Gach aoinfhear mar as áil leis

a-tá re linn a fhlaitheis;

fál re ngroighibh, gart deighshíl

ó smacht oighir Aibhilín.


23 Trí baramhla bheanus ris

do-bhér uaim, ní hiúl ainbhfis;

nír thuill sé a ghruaidh do ghoradh

mar fuair mé re a mheabhrughadh.


24 Lá do bhí Pádraig Puirt Breagh

d’Oisín mhac Fhinn fhuair áireamh

ag súr sgél, nárbh iongnadh air,

fá a thrén ar fionnMhagh bhFiachaidh.


25 “Trí hadhbhair innisim duid,”

ar Oisín ann re Pádruig,

“anáir ós cionn a ccluine

nárbh fhaláir d’Fhionn Almhuine.”


26 Briathra an mheic-sin fa mac d’Fhionn

sloinnidh ar tús don Táilgeann,

nachar éar duine ar domhan

prémh an uile ealadhan.


27 Cruas a chroidhe ag cor chatha

cuid d’obair an ardfhlatha,

lér ghnáth doilghi an uilc d’fhagháil

a gcoinne Phuirt Pharthaláin.


28 Dearbh gémadh í an bhriathar bheag

nach brisfeadh í ná a hoiread -

clú an ríogh re meas ar marthuin -

an treas gníomh dá ghníomharthaibh.


29 Na trí hadhbhair fá n-uair rath

mac Cumhuill, croidhe seasmhach -

tearc iath a iomachair sin -

ag triath fhionnAchaidh Fheimhin.


30 Ní hiongnadh d’fhior a chridhe

gach maith leis dá luaidhfidhe -

slat chnuasaigh do chuaidh ós choill -

do bhuail fán ua-soin Émoinn.


31 Gé labhrus a lán orra

ar grádh na séd saoghalla,

tnúth dá dtaoibh ní éirigh ann,

ar mhaoin éinfhir ní fhógrann.


32 Gnúis chéillidh an chrotha caoimh

ní thug, ní thiobhra tathaoir

le tnúidh le haoinfhear eile,

súil gach aoigheadh d’áiridhe.


33 Ní tearc gá bhfuil fios na sgél

mar tá tír Teabóid Builtér;

luach a dhaighríghe as sé soin,

an té as ainmhíne a n-iorghuil.


34 Don té nár iarr, nár ob cath,

cosmhail nach fuil Dia diomdhach,

ós é as oirdhearca a cceann cáigh

’s na toirbhearta as fhearr d’fhagháil.


35 Tugadh dó bhós dár mbreithni

rath caithmhe agus cruinnighthi,

rath caoimhchéilli iona cheann sin,

aoinchéile as fhearr ag éigsibh.


36 Le tnúth muna tigthear ris

cosmhail re linn a fhlaithis

gibé rabh ar tí a thíre

gur an sí ’na sáimhríghe.


37 Dom aithni ní hiongnadh sin

- d’oighre Phiaruis phuirt Chaisil,

fear céillidh nár clódh a ccath,

mór do éirigh dá aonrath. R.


38 Máire Ciomhsóg, cruth faoilidh,

bean fhóireas ar andaoinibh;

gnúis daghnuaidhe ós cách is corr

a ttráth anbhuaine d’fhulang.


39 Gruadh geal ar gné na suibhe

as luaithi ag cor corrthuire,

gnúis mhaordha nach mall cceirde,

as aobhdha a n-am fhírfheirge.