firstLine"; ?>

1621. Rath Teamhra ag togha Domhnaill $
Length: short 11qq + 4 illegible
Certainty: 3
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/30 early 16th cent.
Prints:
  1. text Carney POR no. xxxix
Motifs:
  1. patron’s prowess in warfare
  2. Territory as spouse of ruler
  3. cios, tax, tribute
  4. the Highkingship of Ireland
Poet Christian Names:
  1. sname only (NLS 72/1/30)
Poet Surnames:
  1. O Cuirnin
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mac Briain mhic Fheilim
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ráth Teamhra ag togha Domhnaill


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 39]


........Ó Cuirnín .cc.


1 Ráth Teamhra ag togha Domhnaill

d’fhóiridhin a hanbhforlainn;

tar Banbha má do bhí a mbroid

tarla don tí dá dtánoig.

2 Suidhfidh dreagan Dúin dá Bheann

a bpurt oireachais Éireann;

do ghabh fá chuairt um Bóinn Breagh,

do-chóidh ar cuairt go Caiseal.

3 Atá ag reic a hóighe air

bean Briain na mbleidheadh gcumhdaigh

Ráith Breagh do bhí dá bhrostadh

bean dí no go ndearnastar

4 A dhuine le sirthear soin,

rún folaigh flatha Beannchoir,

sgéla ar sduaigh Léna ná lean,

a sgéla ní fhuair éinfhear.

5 A-tá ar Domhnall deargus ga

teist duine a ndiaidh a éga;

ní hí is clú do fhleisg Leamhna,

dú teist ar gach tighearna.

6 Diúltadh onchon Átha Truim

séntur leis a ló in chomhluinn

an léir d’fhoghlaidh dá n-éra

d’fhéin Fhorbhair nach aidémha.

7 . . cúis dó do dul a ndeabhaidh

do chuir shúil ’na shinnsearaibh

go bhfulaing se cách ’na cheann

gi-bé fáth ima bhfuilngeann.

8 T... leis gan teacht dá thoigh

fleadh luighe in lá do cheannaigh;

ar itheadh d’fhíon fhir Eanaigh,

do dhíol fán digh ndéidheanaigh.

9 . . . . . . . . . .. . . gruadh ngeal

go bhfagha a chíos um Chaiseal;

lán in tseoil fá fhior nEilge

go gcion a ndeoidh dhíbheirge.

10 . . . . . . . . . ar glór thais

a-dér riot, a rí Bearnais:

ní slighe gaoil do ghaolta,

maoidh ar t’fhine a n-easaonta.

11 . . . . . . . . . . . . .tigh

. . . . . . rígh a ráith Caisil;

do fógradh raibhthe um Chlar Cais

d’aithle na ngrádh do ghabhais.