firstLine"; ?>

1623. Re lan os ceann Chonnachtach $
Length: very long 58qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Cambr. Add. 3082 O’Reillys 1598-9
Prints:
  1. text Carney POR no. 1
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. comparison of patron with own family
  3. patron’s feasts
  4. patron’s liberality to poets
  5. patron’s prowess in warfare
  6. War with English
  7. imagery for kingship (buachaill)
  8. Fertility in reign of true ruler
  9. execution or imprisonment of criminals
  10. Historical comparisons
Patron Christian Names:
  1. Pilib mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1596
Apologue Subclasses:
  1. Hero v. monster in cave + takes treasure
Meter Vars:
  1. Casbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

Ré lán ós ceann Chonnachtach


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 1]


1 Ré lán ós ceann Chonnachtach,

geall dó [gnáth ’ga gheiniolach];

mac Áodha, ní hiomarcach,

slat ’s a gaol re geilfhiodhach.

2 Múr Té do thoil eachtronnach

do thoigh Néill is neimhchiontach;

clú an mhíleadh ós Mhuireadhach,

an glún díreach deirionach.

3 Leis tír Bréifne ó bharamhail,

beag nach rí é a n-ionadhuibh;

mac Aoidh a ccéim cuirfidhir,

dar nAoidh-ne is é is ionshamhuil.

4 Buain dó is iongnadh d’eascaruid,

eo siobhlach na Sionna-soin;

croinn fhoghadh an Fhilib-sin

do bhoing ocrus d’iolaruibh.

5 Ceann slóigh ó Mhuigh Mhucruimhe

do chuir tóir a ttarcuisne;

ceann uidhe clann ccoillidhe,

crann dar dhuille a dhaghcroidhe.

6 Smacht flatha fán bhFilib-si,

casg aga ar gach anduine;

croch ar ceann gach conaire

ag so a gheall ar ghaduighe.

7 Tú in crann ós do chlannaicme,

tú in t-ard ós gach iomaire;

a ttreas ar chách cinni-si

mar eas tré fhán uchtaighe.

8 Bheith dot fheilm chruaidh cneassnoighthe

buain fat fheidhm ní husaide;

Art Aoinfhear bhur n-aithghin-si

a ccath mhaoidhmheach Mucraimhe.

9 Tú in teach mór ós mhintighibh,

tú in Róimh cheart ós chathrachuibh,

tú in file ós na fileadhuibh,

libh-si tús gach tlachtmholaidh.

10 Ní fríoth fós ’s ní foghaibhthir,

gé mór díbh budh daghurraidh;

duine don chrích Chonnachtaigh,

duit-si ní bhí a mbaramhail.

11 Rug barr do dhuas ndéidhionach

geall na sluagh go síodhOileach

fuair clú nách clú thaomannach

ar cúl a dhuas ndíoghruiseach.

12 Rug ceo d’éigsibh Éirionnach

in fhéile is mó is míorbhuileach;

do lios Gallda Gaoidhealach

is adhbha don fhíoroineach.

13 Sgéul dearbh nach clú coimeasa,

geall ar chlú do chineadh-sa;

do ghruaidh tar éis adhanta

ag cléir ’na mbuaibh bithbhleachta.

14 Do ghnaoi ag tocht ’sa tighi-si

mur shín ag cor chithshneachta;

neach do chur ad chomhur-sa

sruth do mheas is mineasa.

15 Cú seilge is í h’ionshamhail,

laoich a mbeirn do bhloghabhuir;

cáin Ghall ’gon fhréimh Raghallaigh,

h’fhearg ag béin dá mboghadhuibh.

16 Tug díol do dháimh rodhoiligh

síodh in lá do locabhuir;

díoth eallaigh ar h’eascaruid

is easbhaidh dot ollamhain.

17 Gach róimh fan Aodh Iodhan-sa,

Bóinn do thaobh do thoili-se,

tús aguibh ar h’fheabhus-sa,

clú a ccartaigh ad chroidhe-se.

18 Acht gnaoi an Mhorchaidh Mumhan-sa

ní foghair gnaoi ad ghoire-se;

an daonnacht ’s an deaghaithne

a n-aonbhrugh do oilis-se.

19 Tú ag faláir na fíndighe,

a ghnúis neamhthláith niamhghairthe,

lat ’san fhionnbhrugh fhaoilidh-si

budh hiomdha fear fiadhnuise.

20 Dod bhéus, a chleath Chaonraighe,

scéla d’fhear ní iarfuighthe;

teach nar fhiosraigh énduine,

meadh don lios-soin Liathmhuine.

21 Sórt ad thigh-si ar thiompánaibh,

sórt fileadh re fionnlaoidhibh

scol ag tocht ’na ttromdhámhuibh,

do chrodh ort ní hionmhaoidhimh.

22 Cairt shealbha an chlú a ccomhdhálaibh,

srú Fhearghna is da n-ionlaoidhibh,

ní charuid na compánaigh

a n-aghaid dot iolmhaoinibh.

23 Guais truime h’fhiach d’easurraidh,

a thriath Mhuighe Muireadhaigh;

ceasda foirfe ag fileadhaibh

ní doirse do dhruideabhuir.

24 Fear fíona as-teach tugabhuir,

go teacht laoi nír luidheasduir;

ollamh re gach n-ealadhuin

ad chogur do chuireabhuir.

25 Buaidh gleoidh riamh ’gon Raghallfhuil;

ciall an sceoil far scoireaduir

d’fhagháil chruidh do Chonnachtuibh

teagmháil rut is rodhoiligh.

26 Ealta bhadhbh do bheathaighis,

do chleacht h’arm-sa a n-oileamhuin;

gér chíocrach in cloidhiomh-soin

a chíocrus do choisceabhair.

27 Sí nír dhóigh d’fhéin Ábhartaigh -

a cóir lé nír léigeaduir -

gé mór gcéd do chróileaduir

is do éug ó [a] héuchtghonuibh.

28 Dh’éis luit do chuilg craoibhlitrigh

an fhuil ’na tuinn tréndortaidh;

téid péist uaidh go héunamhuil

do léim a huaimh éndoruis.

29 Budh leat d’fhéile is d’fhíreineach

Bréifne na mbreath luaidhilleach;

do sciath is h’fheilm órchlochach

cliath a mbeirn nach buailfidhear.

30 Tú ag léim deabhtha is díchiollach,

a ghéug Leamhna luathbhuilleach,

do lann arsaidh óirlitreach,

anaidh badhbh da buachailleacht.

31 Clú do chinidh coiseonaidh

thú, a Philib, re flaithmhianuibh,

sibh réidh re Bóinn mbinnéunaigh

ar léim gleoidh tre ghailliathaibh.

32 Líon gliadh lérbh áil andúthaigh

cáin do iar[r] [ní hainiarraidh];

dhá gha ghreanta ad ghlaicmhéuruibh,

ba bleachta do bhrainfhiachaibh.

33 Tú buachail na Bréifne-si,

nuachar súd ré síni-si;

cúis da bhfoghair fiadhnuise

tú ag rochtain na ríghi-si.

34 Rath ríogh don fhréimh Chraoidhi-si

do-ní h’fhéile is h’fhírinne:

triath ar scáth do scéithi-si,

scáth riamh in gach ríbhile.

35 Dod ghnúis dhaithghil dhásachtaigh

antoil ag múr míonUisnigh:

in raon reampa réidhighidh

in ealta laoch líonmhuir-sin.

36 Bheith réidh ort ní hiarrfuidhir,

in gort réidh fan ríoghraidh-sin:

leigthear áth dot ógamhsuibh,

gnáth deireadh ag díoghruisibh.

37 Ní thug tú é d’aonduine,

ní théid do chlú ar céilidhe:

geall daoibh ó ghnaoi an Ghuairi-si,

díod gach laoi ní léigi-si.

38 Lat féin in clú críochnaighthe,

ní hiúl réidh acht réidhshlighthi:

clú h’oinigh is h’fheolchoire

snoidhfidh bú na Bréifni-si.

39 Luibh shaorus fear fiabhrusa,

caol gach eas fan Éirne-si,

fríoth leis gal is gaothluisne,

feis lér an an Éiri-si.

40 Tairthe a ttráigh ’ga taobhshnoidhe

[aige a-taid na tréidhi-si]

nír mhó fan Art Aoinfhir-si

nó lacht bó fan mBréifne-si.

41 Barr cnó a mbord na Bréifni-si

ar choll a ccló an chéd-toraidh,

bric gheala ar na grianshrothuibh,

is nid bheach ’ga mbéultomhuilt.

42 Raibhthi ag tír le ttaobhaighthir

rí d’aithne ní héugcosmhail,

gér lionmhur cuill chnuastoraidh

ag ríoghaibh Chuinn Chédchathaigh.

43 Mac Sein-éd a n-ionadhuibh

[ní choimhéd sé in seanfholaidh]

crann díona is fhearr d’ollamhuin,

is crann díona deaghthoraidh.

44 Síol Duach ó chradh cuirfidhir,

a luach acu d’ealadhain;

fuair sgol ón fhréimh Raghallaigh

crodh is é ag eascaruid.

45 Dul siar is fhearr ionchuairte

cliar a cceann na carraoide;

crú Fearghna is fiú a roifhéile,

a cclú is adhbhur anaoibhe.

45 Teach Guaire, gnúis dhathnúidhe,

múr duasbhog í dhaghCraoidhe,

ón Lios ghrésach Gheannáin-si

ní héurthur na handaoine.

47 Baird do-chlos ós choireadhaibh,

scor as gach aird d’eachlachaibh,

fir chlis ag na cleasaighibh,

file as-tigh re teasmholtaibh.

48 Ceolphuirt ag na cruitiribh

a meorchruidh gur mheasgaduir;

a ttigh chaithmhe an Chonnachtaigh

aicme re gach n-ealadhuin.

49 Táin Leamhna as a longphortuibh,

clár Eamhna is dá n-inghealtuibh;

leis féin in fhuil Fhearghna-soin,

mur théid muir ós minshreabhaibh.

50 Rí ón mBréifne mbailbheasaigh

mur bhíos éigne a n-inbhearuibh,

feilm aosda chlach ccarrmhogail

fa mhac Aodha a n-imreasuin.

51 Gé fuair oighre ar nÁodhai-ne

doilghe ó ghuais a gnáithghleice

tug péisd fhíochmhuir fhírneimhe

o chéibh iochtuir áirdshreibhe.

52 Péist aitribh an fhuaruisge,

sé re a faicsin fáiltighe,

áit a cuach ’sa ccléthghlaic-si,

fuath ’sa láimh is láidire.

53 Céim suas tar na seanaithribh

réidhe a dhuas do dhruideastair

[fiú féile in Cú Chonnacht-soin]

léi-si a cclú nar chumadair.

54 Geall fós ar mhnaoi Mhuireadhaigh

a gnaoi do Róis rugusdair;

bean díbh a gcló chomhchosmhail

ní bhí acht an Mhór Mhumhan-soin.

55 An choill chnuais ór fhásastair

re a mbuain is croinn chaomhthoraidh:

cna aipche na n-úrshlat-soin

maicne nách cna caochmhogail.

56 A mbarr fós gé fíordheacair

tarla ag Róis ó raonsgolaibh;

teisd mná fan Fhód Éunna-soin

a-tá ar nós gach naomhthobuir.

57 A Bhriain fhearrdha Í Fhoirchiollaigh,

do dhearmad ní dhearnamair;

lucht ad choinne um chuirmdheochaibh

tug duinne ’sna dearnannuibh.

58 Dod lucht ceirde is ceinnlitir

thusa, a sheingchneis sheabhcamhuil:

ré a ttuit chucu ód choirnbhleidhibh

bruit dubha ’na ndeargmhatluibh.