Poem in printable PDF format
Reacfad feasda
dán re Dia
[McKenna, L.:
Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem
47]
1 Reacfad feasda
dán re Dia
trí rainn déag do
Mhac Mharia
ós é as truma
duais dána
is guais d’urra a
bhfaghála.
2 A-tá againn re
hathaidh
tar Críosd is
ciall mearachaidh
súil ris an
saoghal mo-nuar
baoghal dúin
gurab díombuan.
3 Molaim Íosa ós
í an chóir
sul dtí lá
sléibhe Si-óin
ní huain
adhmholta ar éan-chor
m’anlochta an
uair fhoillséachar.
4 Is í an chéad
duais iarraim air
cruthuightheoir
cloinne Ádhaim
gidh bé as damhna
d’amhan ann
gan tadhal m’anma
i nIofrann.
5 Airteagail
uaisle an chreidimh
ní fágthar uaim
d’fhaoiseidin
tearc do
ghlain-teagair ar ngníomh
seacht
n-airteagail an Aird-ríogh.
6 Eachtra Íosa
a-nuas do nimh
céadairteagal an
chreidimh
toirrcheas óighe
ar chlainn gan chean
gan chaill a
hóighe ag aoin-fhear.
7 A Chríosd cia
leis nach eagal
is é an dara
hairteagal
cóir a bhuidhe do
bhreith ribh
Muire dod bhreith
sa Bheithil.
8 Is é an
t-airteagal oile
a Mheic ochta
ógh-Mhuire
goin do chridhe
chorcra i gcrois
lochta t’fhine do
íocais.
9 Airteagal díobh
a-deir me
t’adhlacadh d’éis
do pháise
tú liaigh do
chlann-mhaicne i gclí
i ndiaigh
t’adhlaicthe a Aird-rí.
10 Do éirigh tusa
an treas tráth
ón uaimh gérbh
éachtra ionghnáth
do chrú led
ghrásaibh i ngioll
is tú do fhásaigh
Ifreann.
11 Uasal an
féasda an dar-daoin
súil re grás Dé
ní díomhaoin
d’éis a chéasda i
gcéill do chuir
an féasda na
fhéil uasail.
12 Do chuaidh ar
dheis Dé nimhe
oighre an Athar
ainglidhe
a thurbhadh uaim
dá fhagháil
uaidh a-dubhradh
deasgabháil.
13 Tiocfaidh
aird-bhreitheamh laoi an luain
do mheas ar locht
lór d’anbhuain
beith na thigh
leam go leagar
ag sin earr ar
n-airteagal.
14 A Mhíchíl a
mhaoir an Ríogh
saor me tar mead
mo mhí-ghníomh
méala an
mhí-mhéin ar m’aire
déana a fhíréin
m’ionghuire. REACFAD