Poem in printable PDF format
Réalta Connacht
clú Pilib
[Carney, James:
Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 7]
1 Réulta Connacht
clú Pilib,
sgola ag éud fán
cclú chuirid;
d’eangnamh barr
is dó dhlighid,
cló Pilib ann ní
fhuighid.
2 Clú Pilib riamh
dá rádha,
file thriallas
gach taobha
níor iarr nach
oighbhe acht éara;
réulla cliar
oighre Aodha.
3 Clú Philib na
nduas ndoiligh
lingidh suas tar
na seanaibh;
lorg Fearghna fá
dháimh ndoiligh
oighir cláir
Leamhna leanaidh.
4 Iúl deanta [ag]
cléir ó gConnla
fán réultain do
fhréimh Fhearghna;
do thuill bhloidh
fá n-uair umhla
cumhra an
tsluaigh ó Mhoigh Mheadhbha.
5 Fóir Bréifne,
do dhruim dhlighidh
gur thuill-si
ésga an oinigh,
siad riamh dá
rádh ’na roghuin,
conuir cliar is
dámh ndoiligh.
6 Réulta clú ar
coinne cléire
réar mhosguil
tnúth gach tíre,
’na deoidh is
déanta dhúinne,
réalta núidhe an
eoil fhíre.
7 Clú Sinéd cred
fá cceilinn ? -
mac Sinéd cnú ós
crobhuing;
re [a] ghnaoi
[ag] féachuin ní bhfuilim,
féachaidh fuirinn
Craoi Conuill.
8 Do ghlac Pilib
[tuar tnúidhi],
re a eineach gan
bhuain béime,
slat shealbha
a-nú go nuaidhe,
Guaire Crú
Fhearghna ar fhéile.
9 Iath Gall fá
chánaidh cuirid,
ó bheirn gábhaidh
ní ghabhuid;
ní fhuair clú
feadhma acht Filib,
dlighid crú
Fearghna a bhfaghaid.
10 Gnaoi Philib
ar dhíol ndeoradh
[ré gnaoi Filib
níor féaghadh]
do leath sí mur
do saoileadh,
leath Gaoidheal í
’na héanar.
11 Fuair Filib,
cidh fáth tnúdha,
re cách do-rinne
a raona
clú aige nach
foraois éara,
réalla sholas
d’fhuil Aodha.
12 Sóisear fine
fuair umhla
le mbearar buaidh
a mbearna,
[mionn súl ó
cCuinn a ccomhla]
dár thuill colbha
Múr Meadhbha.
13 Lúth
n-eachradh re hucht n-aonaigh
ar tteacht go
tulaigh bhféruigh
guais dóibh ’s a
n-ibhid d’fhíndigh
mílidh slóigh
Philib féghaidh.
14 An té is
fhearr is é thoghaid;
ní dhearluic sé
acht sirid:
ró teasta riamh
dá raghoid,
anuid cliar
feasda ag Filib.
15 Cliar Banbha
rug a roghuin
re ndearluic a
ccrodh cuiridh
ní heimhde re
dáimh ndoiligh
oighir Chláir
Leamhna leanaidh.
16 Gan dáil séad
a cceann chléire,
os lé dearbhthur
na daoine,
ní fhéadfa an
t-am bhus cruaidhe
réalta nuaidhe
Clann Craoidhe.
17 D’iarraidh
éara nach faghuid
ní ghéabha siad a
sirid,
drud rú asa
mbearna bheanaid
leanaid Crú
Fearghna Filib.
18 Fríoth sgél ar
ógbhaidh Uisnigh
dá sóisear a
gcéill casmhail;
do thuill sé ar
séan dá ccosnaimh
sgél cosmhail is
é arsaidh.
19 Cúig mheic
Eachach uair éigin
dar dhual ceannus
gach cúigidh,
dréim rú dob
iomnár d’ógaibh;
do thógaibh
iomrádh clú an chúigir.
20 Tarla ar
seilg, ní fios folaigh,
clann dob eighre
ar Lios Lughaidh;
gér ghnáth cuirn
óir re [a] n-aghaidh
adhaigh dóibh gan
cuirm ccubhaidh.
21 Ar ccasg
fhulachta an fhiadhaigh
tart na ccuradh
níor chéillidh;
clann soin fá
roiréidh riaghuil,
coin fiadhaigh
Oiléin Éibhir.
22 Téid fear don
chúigear churadh
[tart an chúigir
ní cheileabh]
gur fríoth sreabh
leis nár lamhadh;
aghadh leis ar
teagh dteineadh.
23 Fuair éinbhean
le taoibh dtobuir,
a féachuin ar-ís
dob eaguil,
do dhruid-se
oneis ttobuir
d’uisge an tobuir
leis leagair.
24 “Mo chuid
uisge is fhearr buadha
gan luighe leam
ní lémha,”
do ráidh bean go
ngné ghránna,
“ní dána mé ar
fhear m’éra.”
25 Bean an uisge
dá homhan,
dá huisge leis
níor leanadh;
tonn gliadh na
mbruach gan bhloghadh,
cuach folamh go
Brian bearar.
26 Triar don
chloinn nár dhiúlt deoraidh
le corn Briain ar
iúl éinfhir
teid ó Bhrian sul
fhuair aoindigh,
faoilidh Niall
uaidh gur éirigh.
27 Do ráidh
Brian, [gér] dháil doiligh,
le Niall dar
ghnáth na geimhil:
“tú an mac do
chin dár gcabhair,
tabhair digh lat,
a leinibh.”
28 Do dhiúlt
Niall teacht fán dtobur
don Bhrian dár
chneasta creideamh,
go bhfuair mhóid
fár mhó ccogadh
mogal cóig ccnó
dár creideadh.
29 Do-bhir Brian
dó gan diomdha
tós do Niall a
ttigh Teamhra
tart Briain do
chionn a chabhra,
mionn Banbha a
ndiaidh a ndearna.
30 Do ghluais
Niall, ar sean seilbhe,
ó Bhrian ar
cheann na cuirme;
lán cuaigh
do-chóidh don oighre,
fuair coibhche is
cóir do chuimhne.
31 Niall
Naoighiallach brúich Bhóinne
d’aoinmhianach is
Crú Craoidhe;
sé is Filib a
gcló a chéile
féile Fhilib dhó
is daoire.
32 Do nós Néill
mur fhuair umhlacht,
Bréithne d’uaim
is dá oighreacht,
rí dá ndlighid
gach deighbheart,
eighreacht Filib
í dh’oirbheart.
3 Fiú an énchuirn
uisge d’umhla
ó réltain Muighe
Meadhbha,
fear nach bhfuil
’na dhéidh diomdha,
ní thiobhra, a
Néill d’fhuil Fhearghna.
34 Teisd Filib is
Néill nuabhuig
re [a] chéile mur
sin sínid;
os cionn a
tteasta a-táimid,
ráinig sionn
feasda fínid.
35 Crann
cnuasaigh Fine Fearghna
le Filib uaisle a
n-umhla;
tarla crodh Gall
’san gharrdha,
garrdha sgol fán
gcrann ccumhra.
36 Ós tú bheireas
geall Ghuaire
le heineach a
gceann chléire,
bheith dá ghairm
ná hiarr uaidhe,
Sliabh Guaire
h’ainm ót fhéile.
37 Síol Conuill
dán cóir umhla,
crobhuing óir dá
mbí Banbha,
rélta an chlu
díot go ndearna,
tré chrú Fearghna
tríot tarla.
3S Síon geimhridh
a gcéill cuiridh
nach feidhm
aighneas at aghaidh;
ní hí amh-áin do
ghlac roghuin,
tráigh toraidh
lat do labhuir.
39 Do shíol Aodha
os é thoghaid,
na craobha is
léir go lighid;
siad riamh don
choill ní caruid,
anuid croinn fiar
ó Philib.
40 Fuil
Raghollaigh, croinn chumhra
tar [choill]
mbladhordhraic mBanbha;
ní hí an choill
fá mbiadh biodhbha,
iomdha cliar dan
coill chabhra.
41 Mac ríogh gan
eiteach n-éinfhir
fá deaghlaigh rí
re ríoghaibh;
dá thaobh do
thoill bloidh riaraigh,
coill mhianaigh
gloin da ghníomhuibh.
42 Tug le
héigsibh Cláir Connla
don Bhréifne, ní
dáil deaghla,
ár cruidh fá
ndlighid diomdha;
biodhbha Filib
d’fhuil Fhearghna.
43 Réulta
mhíleadh Cláir Chaoine,
ní gnáth fínid dá
féile;
rug an geall ar
Crú Craoidhe
re clú maoine a
cceann chléire.
44 Clú Roise is
éigin d’iomrádh
a ttós cléire dá
ccoimhriar;
tug druim nach
dingneadh feillghníomh
inghean
deighríogh fhuinn Oirghiall.
45 Caor bheo na
héigse as omhain
Róise gan éara
d’fhilidh,
rug tóir ar
ógmhnáibh Oiligh,
tógbháil oinigh
dhóibh dlighidh.
46 Gnaoi Róise ag
breith bháire
’na cnaoí bheo do
bhreith chléire;
do shín sé an
oirbheart uaidhe
craobh nuaidhe is
oirrdhearc fhéile.
47 Do fhréimh
Cholla an chraobh dhíona,
craobh do chosuin
a fréamha;
slat is cóir mur
a craobha,
mac Aodha róinn
is rélla.