Poem in printable PDF format
St. Catherine of
Alexandria
[McKenna,
L.:Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 99]
1 Réalta [an]
chruinne Caitir fhíona
fhóireas
Gréagaigh,
fóiridh forgla
clann gach chóigidh
ann ar
éagaibh.
2 Caitir fhíona
inghean [chasda]
craobh na
buaidhe,
gnúis mar bhlath
na habhla úire
abhra
[uaine].
3 Abhra uaine ag
inghin [Gréigríogh]
nar ghabh
guidhe
[a-táid] i ndath
a gruadh gile
’s snuadh na
suibhe.
4 Snuadh na
suibhe [is] samhradh gréine
’n-a gruaidh
chorcra,
iomdha glún as a
fréimh feactha
’n-a céibh
choptha.
5 Ar deilbh
corrshúl Caitreach-fíona
nír chinn
Gréigbhean,
súil chorr nachar
fhéagh ar óigfhear
béal donn
déidgheal.
6 Gnúis mar
abhaill, ucht mar eala
ógh nar
truailleadh,
nír ghile clúimh
ná a bas bháingheal
súil ghlas
ghruaidhgheal.
7 Ní fhaghaim
óigh ar a gruaidhse
gan a guidhe
go síntear brat
ar mo bhuile
ó Mhac Muire.
8 Brighid Éireann
agus Alban
ógh na
n-oiléan
is í blath
braoingheal na mbanóg
caoilthreabh
[coiréal].
9 Athrachta
fhóireas na Luighnigh
lór a déine
is í an bhanóg
bhoinnfhionn Bhúille
coinneall
chéire.
10 Ciarán
caoimhfhionn, Colam Cille
caomh an
fhoireann
Pádraig, Martain,
Mongan, Manann
Coman,
Coireall.
11 An Tríonóid,
mórMhuire is Míchéal
macradh
gréine
aoinmhíle déag
banógh mBúille
glanógh gléire.
Re.