firstLine"; ?>

1628. Ri con Eireann Abhartach $
Length: middling 24qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. possession mp (dog)
Manuscripts:
  1. RIA 625(3/C/12) O Curry trscr. of BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. text DiD no. 112
  2. transl. Ir. Monthly 52, 542
Motifs:
  1. nobility of ancestry
  2. comparison with all others
  3. caithreim, list of triumphs
  4. Historical comparisons
  5. allusions to Fiannaiocht
  6. Hunting
  7. dog
Poet Christian Names:
  1. Brian (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O Corcrain
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1608 ?
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Rí con Éireann Ábhartach


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 112]


Brian Ó Corcráin .cct.


1 Rí con Éireann Ábhartach

coiléan ciuin cruadhbhánaltach;

is tuar clú a hoirbhearta áigh

cú bhus oirrdhearca n-iomráidh.


2 Iomdha cáil inar chóir geall

don cheannphurt-sain con n-Éireann;

barr clú ní diommoltair dhi

an cú im fhionnochtaibh Éirne.


3 Mac Ioldathaigh na n-arm nocht,

fuair do chú-sa, a Chú Chonnacht,

ainm agus a clú re a cois,

an cú gidh airm i n-uarais.


4 Uasal an treabh dá dtá sin;

is mac Ábhartach d’Fhinngil;

fuair a sbairn caithréim don choin

Caithréim do b’ainm dá hathair.


5 Bíoth nach béaradh buadh ndealbha

an cú cumtha croibhfheardha

dul rompa ní clú don choin

cú as corcra crú i gconaibh.


6 Ní cú más fhíor a heachtra

achd duine i ndeilbh draoidheachta

- is tearc lá nach dearbhthar dhuibh -

a-tá mar fhearchoin agaibh.


7 Cú le mórthar gach meadhair,

cú as ghrádhmhar le Gaoidhealaibh,

cú as toileamhla fa dtád Goill

an tsoidhealbhdha ág áluinn.


8 Is d’iarrsma na gcon gcalma

an cú céillidh cathardha

ag Fionn reachtmhar rí na n-óg

do bhí neartmhar a-nall-ód.


9 Nó is í cú mheic Morna mhir

dar bh’ainm Iorghal an uair-sin

ba caithleomhan re cneas Goill

bheas do haithbheodhadh eadroinn.


10 Nó is í Foirneart cruaidh calma

an cú ceannard cathardha,

cú Osgair na gcuach gcam

ba luath gcosgair i gcomhlann.


11 Nó cú mheic Lughach na learg

dar bh’ainm chubhaidh an Ceinndearg,

an cú glan seamfhaobhrach seang

ór ghearrshaoghlach damh díleann.


12 Gá dtám, do choimmeas na gcon

do bhádar ag airdrígh Almhan,

Bran féin as daghshamhail di;

baramhail as léir linne.


13 An Bran oirrdheirc-sin Finn féin

d’Ábhartach ní thuill toibhéim

tarraidh clú dá cosgar soin

cú mar Osgar i n-iorghoil.


14 Ní fhuil fa néallaibh a-nocht

ag do choin-se, a Chú Chonnacht,

gníomh doidhéanta re damh ndonn,

roiréalta do char comhlann.


15 A bhfuil ó Dheirg go Drobhaois

dá n-iarrthar gach aonfhoraois

más fíor is folamh ’n-a gar,

’s ní foghar míol ’n-a mothar.


16 Ó bhéal Allta go hIasgaigh

tearc ann do na hilphiastaibh,

nó im bhruach roigheal líonmhar Luirg

nó im oirear míonghlan Miodhbhuilg.


17 Seachnóin Bréifne an bhruaich sgathaigh

cuairt Ábhartaigh ioldathaigh

- budh cuimhneach thiar agus thoir -

gidh fiadh d’fhuighleach níor fhágaibh.


18 Im nónaidh nochtaidh a fearg

ag Sligeach, ag Sliabh gheildearg;

fa díoghlach an deinmne soin

ag síodhLoch Meilghe ar madain.


19 I nGleann Ghaibhle druim ar druim

tug so is ag Sliabh an Iarainn

fros mílealbha muin ar muin

is prímhealmha os n-allaidh.


20 Ó tháinig i n-iath Ultach

ní hannamh ar Ábhartach

- ní fhuighinn a ríomh go réidh -

gníomh nach cuirim ’n-a caithréim.


21 Ón mbuime do oil i-se

ní hiongnadh ádh uirrei-se

ler sighneadh coiléan d’Ú Chuinn

ar n-Oiléan inghean Éamoinn.


22 Do Bhran is oidhir i-se;

d’Fhionn an cú óg eilei-se;

a Dhé, caomhain clú na gcon

ar bhrú baoghail gan bhearnadh.


23 D’iarsma na féinnei-se Finn

cáraid na gcéimeann bhfoirtill;

deacair righe rú fa rath;

mo chride an cú is a codhnach.


24 Coin Éireann ó thuinn go tuinn

is coin codhnaigh crú Ríoghdhuinn

ramharcach Tolcha Dá Thí

Abhartach ortha is airdrí. Rí.