firstLine"; ?>

1631. Righe Conaire ag cloinn Neill $
Length: short 14 1/2 qq (frag.)
Certainty: 5
Period:
  1. 13th mid
  2. 14th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 992 Nugent MS c. 1577
Prints:
  1. transl. Williams, Poems GBM, no. xvi, 184-9
Motifs:
  1. imagery for patrons
  2. mercenary soldiers ? q. 14
  3. war with Foreigners
  4. fertility under true ruler
  5. symptoms of law and order
  6. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. sname only (NLI G 992)
Poet Surnames:
  1. MacConmidhe
Patron Christian Names:
  1. sons of Niall
Patron Surnames:
  1. O Neill
Apologue Subclasses:
  1. Conaire Mor: his prosperous reign
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ríghe Conaire ag Cloinn Néill


[Williams, N. J. A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts Society 51, 1980), poem 16]


1 Ríghe Conaire ag Cloinn Néill;

oirdhearc in Eirinn fhóidréidh

a guirt gheilmhíne ar gabháil,

deighríghe phuirt Pharthaláin.


2 Éire, fa hadhbhar deighsgeoil,

do mhéadaigh mac Eidirsgeoil

gan ghoid, gan éigin innte,

gan troid n-éidigh n-innillte.


3 Gan ghleo im Theamhraigh na dtrí bhFionn,

gan aimhréidhe in iath Éirionn,

gan bhéim ar millse miodhóil,

gan léim Innse Éiriomhóin.


4 Gan chuan in easbhaidh éisg gil,

gan leirg nach lán do thoirthibh,

gan tart i dtaobh gach moighe,

gan fhalc acht braon Bealtoine.


5 Gan ghaoith ós cionn a coillteadh

do ghluasacht ghort bhfearainntiugh,

gan cheo ’mun bhFódla bhfleadhaigh,

gan ghleo d’fhógra d’fhéinneadhaibh.


6 Gan easbhaidh gcnó ar choll ngéagach,

gan bhrughaidh nár bhóichéadach,

gan tnúth bhfir re fear dá mair;

fleadh i ngach thigh im Theamhraigh.


7 Gan Ghall in Éirinn uile,

gan fhaire, gan ionghuire;

Éire Chonaire gan chion:

forfhaire gléire Gaoidhiol.


8 An ríghe chéadna ag Cloinn Néill;

Gaoidhil Éireann fa aoinréim;

léibheann gan urchra uile,

drumchla Éireann Úghuine.


9 Coillte Banbha, bun is ceann,

táinig síoth agus soineann;

gearrshaoghlach gach coll fa chnoibh,

neambaoghlach tonn dá tráchtoibh.


10 Do ionntó a caoin re Cloinn Néill

Fódla na bhfiodhbhadh mínréidh;

ráinig a bhféile ar a fad;

táinig Éire ’na hionad.


11 Do ionntódar a heatha,

do dírgheadh a droichbhreatha;

críoch shughFhódla ’na linn láin;

furfhógra gill do ghabháil.


12 Trí meíc Néill, dá nochtar mionn,

trí hadhbhair anríogh (?) Éirionn,

trí leomhain ar tí thachair,

trí heolaigh ré n-alltachaibh.


13 Trí coinnle gaisgidh Ghaoidheal,

trí catha gan chommaoidheamh,

trí seabhaic a Sléibh Uire

nach neamhait réim ríoghruidhe.


14 Trí cosantaigh crann sgeinghéar,

trí meic Cáinte Chritheirbhéal,

na trí Finn Eamhna a hEamhain

fa cinn fheadhna d’fhéinneadhaibh.


15 Trí tonna timchill Éireann

trí meic Néíll na neirtchéimeann

.................................................

.................................................