Poem in printable PDF format
Ríoghacht
ghaisgidh oighreacht Eoin
[Watson, W. J.
Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore
(Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 27,
p. 204]
A ughdar so
Dubhghall Mac an Ghiolla Ghlais
1 Ríoghacht
ghaisgidh oighreacht Eoin,
is aistreach dá
dheoin a ghníomh,
ní nach fhuil ’na
bhriocht do chách,
fuair iona riocht
a sáth ríogh.
2 Mac Griogóir na
gcraoiseach ngéar,
taoiseach as
tréan ar gach tír:
idir thóir agus
creich Ghall
is dóigh a bheith
go mall mín.
3 Éinrinn
ghaisgidh Gaoidheal nGréag,
leis nár
maoidheadh méad a chlú;
fear as fearr ágh
agus iocht,
an lámh a tír
sliocht an rú.
4 Seabhag
déidgheal na dtrí ngleann
leis an léigthear
geall gach gníomh;
lámh as cródha i
gcathaibh cniocht,
flath as córa don
t-sliocht ríogh.
5 Ar mhac
Phádraig na ngruaidh ndearg
’n uair ásas
fearg i n-uair éacht,
na h-álaidh
do-bheir ’na diaidh
nocha slánuigh an
liaigh Céacht.
6 Ua Mhaoil
Choluim na dearc gcorr,
ní sgaradh ré ór
gan díth;
giolla dámhach
sochrach seang,
an lámh as fearr
um gach ní.
7 Aicme Ghriogóir
timchioll Eoin,
ní mír
ceilte a bhfeoil ’s a bhfíon;
drong bhreathach
ar nach léir locht:
badh
greathach gort mar a mbíodh.
8 Clann Ghriogóir
an dream nach tréith,
’n-am nach beidís
réidh ré rígh;
Goill, giodh
fuileachtach na fir,
ní chuireadh siad
sin i mbrígh.
9 Ní mó leó
Gaoidhil ná Goill,
na saoirfhir ó
chloinn an ríogh;
aicme Ghriogóir
na gcolg gcruaidh
ó bhorb shluagh
ní ghabhadh sníomh.
10 Branán foirne
na bhfear bhfial
oighre Ghriogóir
na srian n-óir;
olc do dhuine ara
ndéin creach:
meisde do neach
théid ’na thóir.
11 Flath Ghlinne
Líomhunn na lann,
sgiath
bhríoghmhor nach gann ré cléir;
lámh mar Osgar is
gach cath:
os dá as comhail
an flath féin.
12 Urraim einigh
dá ghruaidh dheirg
do fhuair gan
cheilg mar as cóir,
ar dhíolmhanacht
do gach neach,
ar thiodhlacadh
each s óir.
13 Mac Griogóir
an teaghlaigh ghrinn,
ní h-iongnadh
linn ’na chúirt cliar;
ní fhoil coimmeas
dá ucht geal
acht an fear ’gá
roibh an Fhian.
14 Ag sin trí
freiteacha Finn:
breith an ghill
ní facas riamh;
lámh badh mhath
iorghail i ngreis;
dob ionmhain leis
fuileach fiadh.
15 Cosmhail a
mhín a mhodh
ris an rígh ’gá
robh an Fhian;
ré h-ádh Mheic
Ghriogóir na gcreach
do-bheir rádh
gach neach a mhian.
16 Math as
cubhaidh a rosg gorm
ré mac Cumhaill
na gcorn bhfiar;
ionann a n-uabhar
fá fhíon (?)
agus a rún ag
díol chliar.
17 Ionann a
suirghe is a sealg,
riú is cuibhdhe
ceard na bhFian:
atá an rath ar
sliocht an rú,
is math a gclú is
a gciall.
18 Eineach is
eangnamh is iocht
do ceangladh ar a
sliocht riamh;
fíon agus ciar
agus mil,
a mian sin le
sealgaibh fiadh.
19 Fine Eoin as
gasta gníomh,
iad mar mhacaibh
ríogh na bhFian;
agus Eoin mar an
Fion fáidh,
’na chionn ar
gach dáimh dá riar.
20 Giodh ordhearc
libh flaitheas Finn,
do caitheadh ré
linn na bhFian;
’s ar mhac
Phádraig atá an rath:
do sháruigh sé
gach math riamh.
21 Mac Griogóir
na dtochar dteann,
ceann sochar
ceall agus cliar;
taobh seang ara
mbraitheadh bean,
ó Ghleann Sraithe
na bhfear bhfial.
22 Córaide dhúinn
breith le Eoin,
is neithe dá
dheoin do-ní,
ag tiodhlacadh
each is óir,
fá seach, mar as
cóir i rígh.
23 Rí nimhe
Mac Muire Óigh
dlighidh mar as
dóigh mo dhíon;
mo bhreith sa
chathair gan cheilt,
i bhfeil Athair
Mheic an Ríogh. Ríoghacht ghaisgidh.