firstLine"; ?>

1634. Riu fein meastor gasraidh Gall $
Length: middling 30qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
  2. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 744 (A/v/2) 17th cent.
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patrons
  3. qualities of patron’s character
  4. nobility of patron’s ancestry
  5. comparison with all others
  6. patron’s feasts -
  7. patron’s liberality to poets
  8. decline of poetry?
  9. cooperation between English & Irish
  10. spend & defend
  11. historical allusion (Mongan)
Poet Christian Names:
  1. Doighre mac Aonghuis (RIA 744)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Lucas mac Teaboid
Patron Surnames:
  1. Dillon d. 1655
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Riú féin meastar gasraidh Gall

[RIA 744 (A/v/2), 12b]

Doíghre mhac Áonghuis Uí Dhálaigh

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Riú féin meastor gasraidh Gall

láoich úaisle nár ob comhland

díon deaghanma oirir Airt

seanadhbha an einigh orrdhairc.

2 Riú féin meastor maith na bfhear

Goill Bhanbha na mbrugh slisgheal

ar thoirbheart mar as dú dhóibh

ar chlú ar oirbheart ar onóir.

3 Ní chúala ríamh rompa féin

samhail a ccéime a ccaithréim

’s ní foghthoir ar ghnáoi ar ghloine

um tholchaibh chráoi Chonaire.

4 Ní cóir coimeas ré a cclú soin

Goill Éireand an fhóid iobhraigh

teallach einigh fhuinn Chonnla

deighfhir go ccuing ccathorrdha.

5 Ar ndíoghbhódh einigh bfhear bFháil

ionghantach aidbhle an iomráidh

cáoimhleandán nachar chlódh toil

pór na sáoirbheangán sochair.

6 Gé táid uile ar ndiúltadh dho

úaisle Gháoidheal ghuirt Énno

ag sin Goill ré a cclú do chor

’s gan poind a-nú dá nochtad[h].

7 Do chindeadar túar toile

ar úaislibh fhuind Iúghoine

an úair-si fá ainm einigh

g(e)airm a n-úaisli ar áiteighidh.

8 Ní beag d’aisnéis a n-anma

díol clíar comhdha a n-atharrdha

turnamh rioghshlógh coimhéd ceall

is díoghbhodh oiréd Éireand.

9 A-táid ríamh ó ré an chuntais

[fa] Bhanbha an bhrúaich rélluntais

eidir slúagh fionnmhuighe Fáil

ag túar ionmhoine d’fhagháil.

10 Mar sin d’ógbhaidh na ttreas tte

ag leanmhain luirg a chéile

gach áon diobh ag dáil a chruidh

más cóir bríogh isna bronntaibh.

11 Leanuid a-niú dá nós soin

drong do Ghallaibh chláir Chobhthaigh

ar bhárr réidhe um dhíol dáimhe

do ghníomh d’fhéile d’iomláine.

12 Mic Dhíolmhaineach na ttreas ttrom

rothghabhla an einigh d’altrom

drong ghairthe náoidheanta náir

sáoirealta chaithmhe an chonáigh.

13 Leómhain cheandsa is úaisle d’fhuil

croind chumhra go ccnúas n-abaigh

fir choilglíomhtha do thúair toil

fá boirbfhíochdha a ttrúaill tachair.

14 A-tá fear don druing dhearcghlais

mhóras ainm an oirrdhearcais

gnúis leómhanta a ccaidreab[h] chath

aigneadh beóghanta baoghlach.

15 Sáormhac Teabóid thornas goimh [13a]

Lúcás Díolmhoin dreach fhosaigh

sdúaigh níamhtha tteannál ttromdha

beangán íartha ar n-ealadna.

16 Tríath leanbdha Locha Glinne

sás árdaighthe ar n-inntinne

glac mhear fá cródha a ccleasaibh

nach ónna ar f[h]eadh n-imreasain.

17 Árdfhlaith is feirde fine

Sior Lúcás cuing céillighe

gríobh neamhomhghlárach sháor sheang

leabhordhánach cháomh choitchiond.

18 Seabhac echtach aigneadh sáor

tuir chobhsaigh nar char mítháom

sur droibhél cathfhoghla is creach

coilén nathorrdha neimhnioch.

19 Mo-ghénair aicme ór fhás sin

fear cosanta clú a chinidh

dídean cean gasraighe Gall

fear lén cosmhaile comand.

20 Fear mur Mhongán fá maith modh

ar chlú ar indtleact ar eangnomh

gég airmneimh[e?] as clisde cor

tairrngeire brisde bíodhbhadh.

21 Fear as réidhe ag ríar sgoile

céile an einigh d’ionghaire

cúl altach cearnbhuidhe cláon

deaghdhuine Marcas macáomh.

22 Fear nár athraigh ainm a shean

fear gan úabhar gan aithbhear

creachthóir ionmhoine gach f[h]ir

seachnóin fionnmhuighe Fuinigh.

23 Iomdha um Lúcás na ttreas tte

feadh leasa Locha Glinne

tuir dhealbhdha nár éimhigh áon

féinnidh merrdha agas macáomh.

24 Gnáth ag íadhadh ’má fholt cas

fir lé dán dream le seanchas

gan lúadh leóin ar feadh bfleidhe

is fear ceóil nach ceilfidhe.

25 Geall cosnaimh agas caithmhe

fúair sé ní seól meraighthe

gécc neamhfhoghlach nach cláon cor

an sáor ealadhnach athlamh.

26 Lúcás Diolmhain dearc mur ghloin

crúaidh fá rún bog fá bhronntaibh

is mó dár cosmhaile ar ccion

ar n-andsoi-ne as dó dlighthior.x

27 Gabhuim mur leannán lé soin

Siobhan m[h?]udhar méin iodhain

gnuis neamhghrod fá ttriall ar ttoil

a dearmad nior chíall chosmhuil.

28 Inghean tSheóin nach daor do dhaimh

le sgaoiltear duille an domhnain

sdúaigh chéillidhe nár chláon breath

an chraobh shéimhidhe shúaimhnioch.

29 Dual searc da treidhibh tromdha

’s dá comhradh mín measorrdha

rug geall d’fheile 7 d’oineach

’s as reidhe um cheann ccomhoigheach.