Poem in printable PDF format
Ro chuala ar
thagrais, a Thaidhg
[McKenna, L.
Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21,
1918); poem 6]
Lughaidh Ó
Cléirigh .cct.
1 Ro chuala ar
thagrais a Thaidhg
a chloisdin ní
cúis iomairg
acht an bhréag do
chur ar gcúl
’s gan páirt
araile d’iompúdh.
2 Do bhéar-sa
aire dhuid-se
tar cheann Torna
san troid-se
le fírinne
bristear cath
san ghliaidh madh
calma an ciontach.
3 Ó nach fuilim
re teann
anfad i bhfos
misde leam
ní fearr dhaoibh
mo dhul ba dheas
im dhán is measa
m’aighneas.
4 Ní éistiobh
dhuit déanamh truim
tar riaghail ar
chlannaibh Chuinn
’s gach a
ndearnais orm badh dhéin
atáim orramach
ainn-séin.
5 Ná bíodh fearg
ar Leith Mogha
fá ngoin i
n-aghaidh gona
dá raibh bíodh a
n-aithbhear ort
tré th’fhala
dhóibh do dhúsacht.
6 Ní bhiú re
forbhthas ndána
’s a lán agam
ré rádha
bhar n-eang-sa dá
leantar leam
ní bhia
m’fhuighle go haithghearr.
7 Gibé fréamh ó
bhfuil do chúis
do bheanas í go
bhfios dúinn
ceannas
Éireamhóin nárbh fhann
ar Éibhear mar do
dhearbhsam.
8 Féach leat
Leabhar ha hUidhre
is ann
dearbhóchad m’fhuighle
is an amhras i
dtéid sibh
ar bhreith
Aimhirghin ghlúin-ghil.
9 Breith
Aimhirgin ón uair sin
atá i nÉirinn gá
n-uaislibh
do bhéar rosg dá
dhearbhadh dheit
go bhfuil na
sein-bhreith oirdhreic.
10 Do ghéabha an
rosg-sa madh áil
i ndlighthibh
ríogh Inse Fáil
eagna le heaglais
a-dir
agus feabhtha la
flaithibh.
11 Madh é an t-óg
bhus foirbhthe gníomh
toghthar é san
suidhe ríogh
gibé gá mbí an
eagna lais
is é toghthar san
eaglais.
12 Ná habair
gurab sinnsir
do thoghthaoi i
nÉirinn innsigh
minic do chuaidh
óg tar sean
i ndligheadh
maicne Míleadh.
13 Mór dár
seanchas ar gach taoibh
nach faghthar i
rosg ná i laoidh
ar laoidh féin ní
faghthar dath
gan leabhar glan
dá chumhdach.
14 A ndubhairt re
hÉibhear Fionn
más bréag mar
a-deire riom
do shaoil sinne
gá rádha
gurbh fhíor
Leabhar Gabhála.
15 Don leabhar
sin creidid cách
do bhréagnuigh tú
gibé fáth
i n-iongnadh ní
curtha dhúinn
curthar
saoibh-chiall sa sgrioptúir.
16 Creididh tú do
na leabhraibh
madh ní
thaithneas léd mheanmain
más faibhle is
milis a mblas
madh re síol
nÉibhir bheanas.
17 Níor
sgríobhadh éin-leabhar riamh
is an domhan
thoir ná thiar
gidh é an
sgrioptúir do-sgara
fa mhian fir na
hantola.
18 Gibé fuair
ceannas san Spáin
tar Éibhear
bhFionn ré dteacht dáibh
ná cuir i
n-iongnadh i bhfus
a bheith ós chách
i gceannus.
19 An tIbernia
a-deire
d’fhaicsin i
dteangthaibh eile
san gcás sin
choidhche ná creid
i dteangthaibh
nach í an Scoitic.
20 San Scoitic má
fuair éin-fhear
gairm Hibernia ó
Éibhear
fearr an fhínné
ná a bhfuil lat
don dá bhéarla
seachtmoghat.
21 Is uirre as
mhó atá d’fhiachaibh
coimhéad
seanchais Fhuinn Fhiachaidh
ag sin fáth as a
ndleaghair
mo chéadfaidh do
chreideamhain.
22 Do léighis
féin fiadh fuinidh
do ghairm don
Éirinn fhuiligh
créad an fáth a
ndubhradh ria
más bréag
tionntúdh Hibernia.
23 Munab ag
fuineadh gréine
atá an tír dán
hainm Éire
ná creid duain
sheanchais ar sean
Canam Bunadhas na
nGaoidheal.
24 Ní san aird
thoir éirgheas grian
ó nach luigheann
san aird thiar
fuineadh gréine
ó nach áil
ní cóir
teacht tar a thurgbháil.
25 Mar tá a fhios
ag gach éin-fhear
Hibernia nach
ó Éibhear
gár bheag dhúinn
dá dhearbhadh ort
an sruth Hiber
a-dubhart.
26 Misde an
seanchas a dhiamhra
’s nach fuair sé
acht seal bliadhna
don leith as
lugha d’Iath Breagh
gairm Hibernia ó
Éibhear.
27 Leath Éibhir
más fíor dhuid-se
is í as fhearr
don dá chuid-se
dámadh fíor do
b’fhallsa an bhreath
ná dearbh as acht
go haireach.
28 Do dhligh
Éireamhón Teamhra
tar Éibhear go
méad meanma
an leath as
fhearr d’Inis Breagh
dá gcreide do
Chath Laighean.
29 Níor lugha do
mhil do mheas
an taobh
thuaidh-se ná an taobh theas
re linn ranna an
dá thionól
Éibhear Fionn is
Éireamhón.
30 Fearg an
naoimh neimhnigh ní bréag
rug ar mbeacha i
Loch Béilséad
an barr meala
maoidhthear libh
ní raibhe i
n-aimsir Éibhir.
31 Ná bí réd
chathrachaibh dhúinn
ní fhuil ionnta
acht oil i n-úir
do chuimhne ar
ghabháltas nGall
sochar d’Éibhear
ní dhéanann.
32 Má tá libh
cnuasach cumhra
do thaoibh
sochair bhar lubh-ghort
ní cóir teacht
tar choill mar sin
nach raibhe i
n-aimsir Éibhir.
33 Do cheil tú
inbheara an éisg
do bhuí ar chuid
Éireamhóin fhéil
fagham a
n-aithghin agaibh
rompa i bhfus dá
bhfuaradair.
34 Sein-bhriathar
leam na n-aghaidh
ón aird thuaidh
thig an chabhair
na hughdair do
ghéanadh trom
ar an aird
thuaidh dá labhram.
35 Cuid dom
dhearbhadh dhá chosnamh
do ghéabhtha i
gCath Ceall Osnadh
bail nar thuit le
mac Earca
rí Caisil ’s a
chuideachta.
36 Más
í leath Éibhir do bfhearr
créad thug
d’Éireamhón gan fheall
nach í do
shealbhuigh fa dheoidh
iar n-ath-roinn
Éireann dá aindeoin.
37 Do rad
cóigeadh do mhac Ír
iar marbhadh
Éibhir fán tír
i n-ainm dá
chúigeadh do bhir
an Mhumha do
chloinn Éibhir.
38 D’Éibhear
Fionn ní dhearna tír
bhar ngreasacht
oirnn go sliocht Ír
sinn ó chéile ní
chuirfe
dhaoibh-se
d’fhagháil fuaruighthe.
39 Gach rainn dá
bhfuairsead sliocht Ír
dár dtoil féin do
bheansad dínn
ní hámhlaidh sin
tharla an leath
do bhí uaibh-se
ag sliocht Luighdheach.
40 Ríghe Mumhan
gach re bhfeacht
do bhuí ag
Dáirine tré neart
gur ghlac Oilioll
Ólum thiar
Lugha mar dhalta
ó Mhaicniadh.
41 Ní mó ná an
leath eile dhí
eadraibh-se is
Éarna do bhí
créad í an roinn
i raibhe
fiarfaigh dot
Chath Mucroimhe.
42 An leath do
bhí ag Éibhear Fhionn
más leath
chomhthrom ní léir liom
ar do leith-sgéal
má tá dath
ní fhéad ar
ndúthaigh d’fholach.
43 Roinn cloinne
Deala mhic Lóigh
más innte
chuirthí bhar ndóigh
níorbh fhiú a
n-eolus ar an bhfonn
roinn na
gcúigeadh i gcomhthrom.
44 Roinn
aith-ghearr do réir toile
do rónsad sin ré
roile
roinn shíor gan
chombáidh maicne
do roinn Cearmna
is Sobhairche.
45 Roinn toile
ní hí as ghnáthach
idir dhís más dís
bráthar
fa roinn críche
is gnáithche tol
idir cúigear nó
ceathrar.
46 Do dheabhadh
ar roinn toile
do dhéanamh
dhóibh ré roile
gach port i
dtigdís i dtír
do ansad ann gan
eissídh.
47 Más roinn
cheart ar aoi n-anma
thugsad Fir Bolg
ar Banbha
is tearc don
ríoghraidh do ghabh
an Mhumha mar dhá
chúigeadh.
48 Ceithre chuid
do niad d’Éirinn
iarsma Fhear
mBolg is Éilim
éin-fhear dhíobh
fa rí Mumhan
i riocht gurab í
an ceathrumhadh.
49 Éin-rí amháin
mar as chubhaidh
ó shoin i le
ar an Mumhain
ní roinn cheart
do chúig tíre
’s a
dó dhíobh i n-éinríghe.
50 An cóigeadh
saor áirmhe libh
ní tré
theann tharla acht mar sin
d’éis bhar ndá
chúigeadh do mheas
gan barr ionnta
acht ar áirmheas.
51 Na saoirse
cóigidh ná creid
muna bhfuil dá
dhearbhadh dheid
acht mar cheann
Ard-mhacha mhóir
rí Caisil go
bhfuair onóir.
52 Cádhus aige ní
raibhe
go bhfuair
Pádraig an baile
ní do rígh Caisil
mar sin
tugadh comairce
Caisil.
53 Níorbh é sin
ríogh-phort Muimhneach
go dtáinig Corc
mac Luighdheach
cia an ríoghphort
oile tré theann
do bhí saor ag
rígh Éireann.
54 Atá i gceart
gach ríogh go réil
rann eile as a
dtuigfe féin
gach onóir a
deirthí a-nois
nach é fuair acht
an eaglais.
55 Ní féidir a
n-abra rinn
nach bréag fa
leith Éibhir Fhinn
leath Mhogha
Nuadhat ó Chonn
má dearbthar a
bheith comhthrom.
56 Conall
Cruachna dearbhaim dhuid
do rann Éirinn i
ndá chuid
nach raibhe i
gcomhthrom do Chonn
a Thaidhg ná
cuir-se ar Chonall.
57 Gá líon
tríocha i nÉirinn áin
ní molta an roinn
d’Inis Fáil
mar dubhart annso
tar m’éis
gan leabhar ghlan
dá fhaisnéis.
58 Ó nach
tigmid ré chéile
i sean-roinn dá
bhfuair Éire
anam ar roinn
Gall a-nos
más lór téada dá
tómhas.
59 Atáid rér oile
a n-urdail
do bhreith na
laoch ó Lonnduin
líon condae bhar
ndá chóigeadh
áirmhidh i n-ar
n-aon-chóigeadh.
60 Dá réir sin ní
mó ná leath
rug Eoghan
ó Chonn na gcreach
gibé duine a-deir
go rug
áirmheadh
dighnite a n-eapscop.
61 Do phuirt
oireachais más fearr
a Mhic Dáire is
iongnadh leam
Partolón iar
bhfios a sgéal
d’anmhain i nInis
Saiméar.
62 Ard-rí Éireann
an Daghda
ar mbreith roghan
don Bhanbha
is clann Cearmada
fa seach
d’anmhain ar-aon
i nOileach.
63 Gá dás
dó ’s ní hiad a-mháin
acht a dtárraidh
Inis Fáil
do b’í a rogha
bheith i bhfus
lorg a
n-áitighthe dhearbhas.
64 Cia dod
phortaibh áille thiar
nar shuidh rí
Éireann go Brian
ós iad na háite
do b’fhearr
do thoghsad
ríoghradh Éireann.
65 Ní maoidhte ar
phortaibh Muimhneach
Corcach
Portlairge Luimneach
puirt nuaidhe do
rónsad Gaill
ní bheanann siad
dár seanrainn.
66 Tiodhlaicthe
Dé dár bhflaithibh
a gcur ar gcúl ná
braithidh
dá meastá a gcur
ní chreid sinn
nach mór a sochar
d’Éirinn.
67 Tré
fhíor-fhlatha feasach dhaoibh
tig mar deir
Morann mac Maoin
iasg i n-inbhear
ón aithbhe
is i dtrághaibh
torchairthe.
68 Mar sin is
tiodhlaicthe ón Rígh
do bheir locha is
aibhne i dtír
’s do thabhairt
éisg is torchar
mheabhas ciumhsa
caladh-phort.
69 Ná tathaoir
abhann ná loch
mór tarbha a
néamhann ’s a gcloch
’s as dá maidhm
móide an sochar
tig an tír do
thiormochadh.
70 Cuid mhór dá
sochar do chách
mar choisgthear
leo a sgís do gnáth
do thaobh aisdir
an oirir
d’iomchur neith i
n-arthraighibh.
71 Cuid eile thig
dá tharbha
na muilne ag
meilt an arbha
mór a bhfeidhm i
n-aimsir the
d’fhionn-fhuaradh
ceathra is daoine.
72 An tír as a
moltar soin
blogh talmhan do
bhuain don mhuir
báthadh na tíre
tig dhé
’s ní bhíd na
trághaibh toirthe.
73 Atáid daoine
is tír sin féin
thairngeas an
mhuir chuca i gcéin
féach a Thaidhg
an mó an sochar
maidhm na sruth
gan tiormochadh.
74 Don ard-rígh
ré linn tarla
áirmid leabhair a
tharbha
gach abhann gach
loch dar ling
feadh a aimsire
ar Éirinn.
75 Fada ó
Ioruaidh an fhuil ríogh
ní do
Romhánchaibh a shíol
is as nach
áirimhthear dhó
breith Chríost i
mBeithil Iúda.
76 Ochtauin
August an rígh
do reac re
hIoruaidh an tír
ar Ochtauin
maoidhtear sin
bhreith Chríost
ré linn i mBeithil.
77 A Thaidhg is
do thaobh tnútha
cheileas tusa ar
mhac Úna
a thiodhlaicthe
ón Rígh do nimh
mar a-deir Airne
Fhínghin.
78 Más beag a
mbrígh mar deire
a bhfuair Conn
oidhche a gheine
a bhfagháil do
budh luinn lat
ré maoidheamh ar
Mhogh Nuadhat.
79 Is iongnadh
más ionann sin
maoidhtear linne
agus libh
d’Eoghan Mhór
coigill an bhídh
’s tiodhlaicthe
Dé dár n-áirdrígh.
80 Níor choigill
Conn a chuid bídh
’s ní raibhe
gorta na thír
d’fhaichill gorta
’s é as déanta
do rígh a bheith
fíréanta.
81 Ní bhiadh dá
bhfoicleadh mar Chonn
gorta i gcuid
Eoghain don fhonn
re haindligheadh
thig do ghnáth
meisde d’Eoghan a
iomrádh.
82 Créad do ní
fuil Éibhir dhíobh
sochair áirmhi-se
nach fíor
ré linn nach
facas plágha
glór eile nárbh
ionrádha.
83 Eanna is
Muineamhóin más díbh
bás don phláigh
fuairsead na rígh
ar abra feasda
iar na bhfios
nach raibhe
pláigh na bhflaitheas.
84 Uaithe a ríogh
ar Fonn mBanbha
d’fhuil Éibhir is
é as damhna
más lugha plágha
is gorta
na ré a fhir an
fhor-mholta.
85 Ná habair riom
gurab ró
is dá n-abrainn
ní-sa mhó
roinn mac
nIughoine gur mhar
ar Éirinn trí
céad bliadhan.
86 Fuaras i
ráithibh fileadh
go bhfuil agam ó
dhligheadh
dá dtugthaoi
áireamh cinnte
léim thar uimhir
éigcinnte.
87 Is beag teasda
do thrí céad
nár chaith féin
na trí fir dhéag
ríomhthar i
ndiaidh ar oile
do shliocht
uaibhreach Iughoine.
88 Neach na
n-aghaidh níor éirigh
acht ceathrar do
shliocht Éibhir
tig tar gealladh
orra is-teagh
gearr an ré dóibh
do fuilngeadh.
89 Ar aba an
cheathrair do theacht
i gceannus
Teamhra tar cheart
níor beanadh an
roinn roimhe
dár mhair do
shliocht Iughoine.
90 Ré as mhó ná
ar n-áireamh bliadhan
do bhádar do réir
fiadhan
cuid don tsliocht
sin luaidhtear linn
i dtreise ann
ngach aird Éirinn.
91 Críoch
Chonnacht a ndúthchas féin
na leith ní
cuirthe mar chéim
is cóigeadh
Laighean uile
aca ó aimsir
Iughoine.
92 Do badh
dhíobh-san na hÉarna
cuimhnigh féin
fad a dtéarma
i gceannus Mumhan
i-muigh
is Dál bhFiatach
i nUlltaibh.
93 Clann Deadhadh
go gcruas gcéimeann
treas laoch-aicme
na hÉireann
don tsliocht
chéadna mar ad chlos
Teamhair Éarna is
é a ndomhghnas.
94 Mar sin nach
iongnadh a rádh
gach réd dár
dhealbhas im dhán
bail ar a roinn
go raibhe
tar éis cloinne
Iughoine.
95 Ní righim a
leas a ríomh
m’áireamh
bliadhan m’áireamh ríogh
do dhearbhadh
ceirt mar fuair sinn
shleactha
Iughoine ar Éirinn.
96 Tugsad
Gaoidhil mar tá róm
sealbh Éireann
d’Iughoine mhór
dá chloinn tar
éis a n-athar
dí do léigsead
rudhrachadh.
97 Fuair Tuathal
ar dteacht tar tuinn
an tseilbh
chéadna mar do thuill
ní hiad Aithigh
Tuaith do bhir
an tseilbh
dhó-san acht Gaoidhil.
98 Ar sheilbh
Thuathail ná cuir brat
Corb Ólum níorbh
óige an mac
ar son nár
chathuigh fá ceann
mar nár leis
sealbh na hÉireann.
99 Iar sgrios
Aitheach a Éireann
tug Tuathal dar
mhac Feidhlim
a dhúthchas féin
da gach fhear
dár mhair do
mhaicne Míleadh.
100 Dar ndóigh is
dearmad thug ort
mar do ráidhi-se
’s ní locht
nach iad Gaoidhil
thug a dtol
re seilbh Éireann
do Thuathal.
101 Ar gheallsad
sliocht Éibhir Fhinn
do chomhaillsead
i leith rinn
créad fá mbeimis
diomdhach dhíobh
ní mór do rónsad
d’fhoirbríogh.
102 Re linn
seasgadh ríogh ’s a seacht
ó do
thairbhirsead a gceart
níor ghabh Fódhla
acht éin-rígh dhíbh
is Eoghan Mór na
leith-rígh.
103 Más olc an
chairt-se ar Bhanbha
fagham leat a
mac-samhla
ó taoi re
tubha ar gcomhráidh
is bíom réidh nár
n-iomarbháidh.
104 Iar
dtairbhirt a gceirt fá dhó
do shaoil Niall
nárbh ainbhios dó
dá ngoireadh
an-fhlaith d’fhuil Chuirc
ní mise a-deir
mar dubhairt.
105 Más é do thug
ort-sa a rádh
olc do ráidhis re
Niall nár
nar leis an Éire
mar soin
le tiomna ar
aithris Tuathail.
106 Ó tá leat-sa
do mheabhair
an rann-sa a-déar
im dheaghaidh
ná habair nach
raibhe bail
ar tiomna Néill
Naoi-ghiallaigh.
107 Do rannsad a
mhic iar sin
Inis Airt ba
hamhra in fhir
is dóibh do
berair a ngéill
céin biaidh na
niuill im ghréin ghil.
108 Munar leis í
ré tiomna
créad fár
fhuluing a bhíodhbha
Éire dá ghaol is
dá shliocht
sé céad bliadhan
i n-oighreacht.
109 Más mór leat
ar ríoghadh dhíobh
ag sinn duit
aimsear na ríogh
créad an
leith-sgéal do bhire
uait ar son na
haimsire.
110 Na tairg
claochlódh m’áirmhe ríogh
’s dá léiginn a
ndá dtrian díom
lém ríogha gur ba
treise
ná an síol Éibhir
áirmhei-se.
111 Rígh go
bhfreasabhra ó thairge
do rádh re Conn
re Cairbre
is re Cormac na
mbreath bhfíor
dod ghlór is
déanta dimbríogh.
112 Ní rí Conn do
réir riaghla
a-deir tusa acht
seacht mbliadhna
más dá ríghe an
ré nár lamh
buain don roinn
do bhí ag Eoghan.
113 Cia do
b’aird-rí ar Inis Fáil
naoi mbliadhna
Eoghain sa Spáin
más é Conn ba rí
cá fad
ria ndíbeirt
Mhogha Nuadhad.
114 Iar dtuitim
Eoghain i gcath
cia ba rí ó shoin
amach
ar ghrádh
th-einigh abair rinn
an feadh do mhair
mac Féidhlim.
115 Ar m’áireamh
atáid fiadhna
féach an mó náid
seacht mbliadhna
mása mó
ní creidhte ód dhán
nach dearna saobh
ná seachrán.
116 Bheith ag
síor-chur bréag id leith
éigean dúinn nó
ar ndearbhtha ar cleith
gibé dhíbh-sin as
usa
dúinne ní dál
urusa.
117 Cosmhuil sin
is mar deire
nar chuir Conn
fógra reimhe
gan leith-sgéal
agat acht soin
san chath i
gceann na flatha.
118 Nach maith an
fógra catha
ré cur i gceann
na flatha
longphort do
ghabháil na ghar
is teachta Chuinn
do chrochadh.
119 Sgéal gan
dath chuire ar do thriath
níorbh ’fhiú
Fiacha Fear-Dá-Liach
Cormac fo ghabhal
do chor
níorbh
fhír-bhreath dhó dá ndearnadh.
120 Créad thug
d’Fhiacha gan ríghe
do bhuain dé nó
roinn tíre
dá mbeith Cormac
i láimh leis
iar maidhm fair
mar do mhaoidhis.
121 Do sgéal ar
Chormac tré thár
re Fiacha as
oircheas a rádh
a hucht druadh dá
n-iarradh neart
do b’fhiú a
dhúthchas re draoidheacht.
122 Gidh lag
draoidheacht mar dhearbhadh
admhaim é gion go
ndearnadh
is faghaibh
fiadhain oile
re maidhm Droma
Damhghaire.
123 Bréag ar Mogh
Ruith do fheadar
do chur sa sgéal
so ar Pheadar
go ndubhairt ris
ní rádh ceart
méaraidh
choidhche do dhruidheacht.
124 Sgéal fuar ar
a bhfionntar bréag
ní cóir a
chreideamh go h-éag
’s gan congnamh
éinleabair lais
is mar sin atá
th’fhorbhais.
125 Más ag triall
ríghe Mumhan
do thuit Cairbre
na gcuradh
fada uaithe an
áit nar thuit
i nGabhar Aichle
ordhruic.
126 Seacht
mbliadhna déag don churaidh
ós chrích Fódla
is ós Mhumhain
gus an gcath-sa
ionar chalma
do b’é an rí gan
fhreasabhra.
127 Ní thiocfadh
Mogh Corb na dháil
’s ní gheabhadh
an cath do láimh
gur cheannuigh ón
bhFéin teacht lais
olc do chéad
críoch a dturais.
128 Curthar an
cath go ngaisge
níor lamh neach
oighidh Cairbre
acht an
t-anghlonn nachar mhín
Osgar arnaidh mac
Oisín.
129 Tuairgnid na
fir a chéile
dá nglan-armaibh
go ngéire
fágbhaidh Cairbre
a niort gaile
Osgar sínte i
gcró-luighe.
130 Tig Caoilte
is Oisín san ár
is Osgar
beo-mharbh na thámh
is do ráidhsead
na ndís ris
nach rachadh
d’easbaidh leighis.
131 Do ráidh-sean
riú a bhfuaras riamh
do chréacht-ghoin
thoir agus thiar
doilghe leam
sleagh Chairbre Í Chuinn
idir mh’imlinn is
mh’árainn.
132 Do thuit
Osgar gan chairde
is do chear fa
dheoidh Cairbre
iar gcomhrac
Osguir fhortail
le Semeon
d’Fhothartaibh.
133 Ar fhéin
Fhinn is maoidhte an ghleo
ar son Mogha do
theacht leo
fáth a n-éachta
maoidhtear leat
a gceannach má do
thuilsead.
134 Guin Airt
níor chuirthe ar Mhac Con
gé tá so na leith
dá chor
ros mhudhaidh gér
bo cara
Lughaidh i gcath
Mucramha.
135 Créad as
chiall dó so más fíor
Lugh do mharbhadh
na dtrí ríogh
bás na ngiolla
congraim lag
i gcath Crionna
la Cormac.
136 Do bhás
Cairbre is ionann ord
dá chor mar sin
ar Mhogh Corb
’s nach leis
adrochair sa ngleodh
acht lé bhráthair
féin Semeon.
137 Dá gcurthaoi
na rígh-se ar gcúl
ní fuighthí go
feasach dún
dá threise do bhí
ar Bhanbha
rígh oile gan
fhreasabhra.
138 Minic riamh
tarr ghéar-shmacht ríogh
do briseadh le
cách a síodh
ní dhé sin tré
cheart n-anma
goirthear rí go
bhfreasabhra.
139 Gach rí rérbh
ionrádha an t-ainm
fada ród ó fuair
a ghairm
ós aca do
b’fhearr a n-eol
ná tairg na
filidh d’aithcheodh.
140 Níor áirmheas
le claon sligheadh
rígh go
bhfreasabhra ó dhligheadh
acht
comh-fhlaitheas ag druing díobh
le bráithribh nar
thuill eissíodh.
141 Dá ngoirthí
rígh leam-sa dhíobh
re gabháil giall
re cuaird ríogh
iomdha mar sin
dhíobh re mheas
dár chóir an
t-ainm nár airmheas.
142 Muircheartach
Domhnall Ó Néill
dá rígh Fódla an
bhfaice féin
níor áirmheas iad
mar tharla
a ngairm ríogh go
bhfreasabhra.
143 Ar son nach
maoidhfe acht go mín
Domhnall Ó Lochluinn
mar rígh
do chuir sé catha fá
ceann
ag cosnamh Innse
hÉireann.
144 Dá chath
dhíobh-san sraointear lais
i gCeann Coradh ar
Dhál gCais
’s i Maigh Adhair
gan time
cath ar Ghallaibh
Duibh-linne.
145 Bladh do dhíol
na huinge d’ór
Ceann Coradh
Luimneach do dódh
le Domhnall do
rinneadh sin
más díol i
gclochaibh Oiligh.
146 Do fhéadfadh
Muircheartach lais
na clocha do bhreith
tar ais
bráighde Mumhan tug
is-teach
don chuaird ríogh go
Luimneach.
147 Níor áirmheas
Toirdhealbhach mór
náidh Ruaidhrí do
bhronnadh ór
níor shaoil mé gur
mhór tarbha
áireamh ríogh go
bhfreasabhra.
148 Buailtear
airgead na ríogh róinn
don dá rígh-se i
gCluain Mic Nóis
sgríobhaid filidh ar
gach fear
go ndearnsad aonach
Tailltean.
149 Tug
Toirdhealbach cuaird fo thrí
don Mhumhain go
riacht Tráigh Lí
idir Mac gCarthaigh
do rainn
is clann Diarmuda an
fearann.
150 Ón dá rann tug
bráighde lais
ó chloinn Charthaigh
ó Dhál gCais
tárraidh géill Gall
don eachtra
is géill Laighean na
gcuideachta.
151 Acht a ghoire
dhó do bhí
do mhaoidhfinn é mar
gach ní
mar sin nach bíu dhá
maoidheamh
Ceann Coradh do
dhío-sgaoileadh.
152 Féach an chuaird
ríógh rug ar dtriath
Ruaidhrí ar ndol go
Gréin Cliach
Domhnall Ó Briain
tig dá thoigh
is mac Cormaic Mhéig
Carthaigh.
153 Do rann Mumhain
i ndá chuid
eatorra ar-aon go
gcead duid
is tug a bhráighde
do bharr
ó Mhágh Carthaigh ré
comhall.
154 Ní fhuighthear
éin-rígh oile
acht a bpairt féin
rér oile
dá ndearnsad
d’Éirinn dá chuid
acht aon-roinn
Mhogha Nuadhaid.
155 Ní iarrfadh sibh
roinn sa leanbh
dámadh libh
ó cheart a sealbh
más í an ríghe as
leanbh ann
is oirne do bhí a
haltrom.
156 A leithéid sin
lé dhearbhadh
it áireamh ríogh go
neamh-ghlan
gidh beag do
háirmheadh leat go dána
measaim nach fuil
agat-sa.
157 Muircheartach
mór más leith-rí
’s a mhac sin Tadhg
a-deirthí
do háirmheadh leat
go dána
iad na ríoghaibh
iomlána.
158 Má fuair
Donnchadh géill Midhe
do fhuiling féin ’s
a fhine
naoi mbliadhna an
ríghe gan roinn
tar éis Briain do
Mhaoilsheachluinn.
159 Ainm sleachta
Néill go ndeagh-rath
ceithre fhine na
Teamhrach
an ríghe dhóibh go
ndleaghar
an t-ainm fós dhá
dheimhneaghadh.
160 Ní dá gcuid
ar dtús don tír
Teamhair Breagh i
mbídís rígh
acht port ríogh do
dhéanamh dhí
is teacht chuca don
ríghe
161 I dTeamhraigh ní
raibhe rí
ó do easgain
Ruadhan í
do bhí an ríghe ar a
shon soin
aca ’s gan iad i
dTeamhraigh.
162 RíTeamhrach ainm
gach ríogh dhíobh
ar dtréigean
Teamhrach na ríogh
Teamhair gach baile
i mbí rí
fáth an fhor-anma
ad-chluintí.
163 Gach rí dár
ríoghadh d’fhuil Néill
do níodh Teamhair dá
threibh féin
créad thug do
shliocht Éibhir Fhinn
nach dearnadh sin re
hÉirinn.
164 A Mhic Dáire is
mairg nár chreid
sean-roinn fileadh
a-déar dheid
atá i bhfail nár
léigheadh leam
airdheanna Inse
Éireann.
165 Ro dét i Mumhain
gan cheas
drong ríogh ríoghna
rígh-éigeas
gan ionnsaighid for
Niall neart
sonas sáimhe
sádhaileacht.
166 Do righnis trom
eile ar Niall
níor chóir a rádh
gér mhaith Brian
gur mhó a fhoghnamh
don Bhanbha
ná foghnamh Néill
nathardha.
167 Tug Niall gá
foghnamh as mhó
go hÉirinn re humhla
dhó
bráighde ó
ríoghachtaibh oile
nach tiobhradh Brian
Bóroimhe.
168 Ag sin fáth
for-anma Néill
mar thug tar mhuir
ceithre géill
is mar áirmhid cách
na gceann
bráighde cúigeadh na
hÉireann.
169 Sgríobhthar ar
n-a fhíor-fhlatha
mar do briseadh
seacht gcatha
ria n-a chrop iar
n-éag do rinn
ótha Muir nIocht go
hÉirinn.
170 Créad nach
áireomhuinn an rí
mac Fiachrach dárbh
ainm Dá Thí
do ghabh neart go
Sliabh nEalpa
béim air cia darbh
inbheanta.
171 Díbheirt
cniocht-ghall chuire ar Bhrian
más é mhaoidheas
tusa ar Niall
níor lamhsad sin
teacht ré linn
gá bhfearr a gcor a
hÉirinn.
172 Níor chuir Brian
iad a hÉirinn
is níor sháimh dá
haos léighinn
ar mbeith dhóibh i
nDuibhlinn thoir
le Danmarga
ad-rochair.
173 Do dhéandaois
eachtrainn re Niall
connradh nach
dearnsad re Brian
gan teacht dóibh go
Clár Cobhthaigh
’s gan dol soir ar
eachtrannchaibh.
174 Más é a ghlór
agrai-se ar Niall
fá dtugais a bharr
do Bhrian
ní chlos trom ón
ndís oile
Conn Céad-chathach
Conaire.
175 Do chreid Brian
i gCríost mac Dé
’s do chreidsead
cách i na ré
tagra ris is deacair
dhamh
as lucht adhartha
iodhal.
176 Ní fheadar acht
sin a-mháin
muna gcuirthea
breith le báidh
créad fá dtugais
barr na bhfear
do rígh dár chin ó
Éibhear.
177 Níor chin uaidh
samhail na ríogh
ba fearr smacht ba
faide síodh
sé fichid bliadhan
acht beag
aon olc ré linn níor
léigsead.
178 Acht fulung
Chonaire dháibh
clann Duinn Déasa
rér fhear báidh
’s a gcur a hÉirinn
fa dheoidh
is aos an uilc dá
n-aimhdheoin.
179 Is iad as fhearr
fuair ríghe
níorbh fhada a léim
tar líne
is do chumhdaigh
ceart a sean
’s a dtogha i n-áit
a n-aithreadh.
180 Is dóibh ba
torthaighe an fonn
idir thoradh tíre is
tonn
do dhearbh an t-ioth
is an meas
gur maith fuairsead
a bhflaitheas.
181 Níor fhéach
Brian ceart fán ríghe
acht a buain dá
flaith fíre
tar éis tríochad
glún do thocht
ria mBrian suas nár
ghabh ríoghacht.
182 Acht iad
d’fhuireach i mbun ceirt
dar ndóigh is ní
d’easbaidh neirt
tug dóibh so gan
teacht is-teagh
mar Brian tháinig
tar dligheadh.
183 Nuimhir an dá
bhliadhan déag
dá n-áirmhe na rígh
ní bréag
níor bho rí Brian ós
Banbha
acht a trí gan
fhreasabhra.
184 Aois Críost a dó
is míle
do tionnsgain Brian
a ríghe
’s níor ghabh gus an
deich iar-soin
bráighde Chonaill is
Eoghain.
185 Léightear leat
iomthúsa Briain
i ngach bhliadhain
diaidh i ndiaidh
is sgrúd a Thaidhg a
dhála
i leabhraibh aosta
annála.
186 Do bhliadhnaibhh
dhá bhliadhain déag
leis gan aithcheodh
ar n-a éag
dá léigthe dot
aighneas mhaith
ní bhiadh Brian ina
an-fhlaith.
187 Mór th’fheidhm
don Bhrian-sa dÍbh Bloid
tar ceann cháich dá
sheasmhadh duid
ó táid bhar sochair
uile
dá gcor i n-ucht
aon-duine.
188 Is beag gach
sochar dá mhéad
nach raibhe acht dá
bhliadhain déag
d’aimsir Bhriain is
é na hirr
ag déanamh leasa
d’Éirinn.
189 Faide seal
Chonaire an ríogh
seacht ndeich do
bhliadhnaibh go fíor
Éire as na aimsir do
b’fhearr
ré n-abrai-se seal
aith-ghearr.
190 Gibé heile is dá
mhíle
do bhliadhnaibh ro
bhaí an ríghe
gan puinn do shochar
na sean
re mBrian ag macaibh
Míleadh.
191 Cuid don tsochar
mhaoidhe ar Bhrian
ní mhaoidhfinn ar
Chonn ná ar Niall
Do bheir lom ar
chách gidh eadh
ní nár dhéanta do
dhéanamh.
192 Níor chuirthe i
n-iongnadh ar rígh
re linn creidimh do
ghabh tír
dá móradh an eaglais
seal
mar gach rígh dar
ghabh creideamh.
193 Thoir ar tús
thig gach eolas
tar mhuir go hÉirinn
sheolas
tángadar sloinnte
mar sin
re linn Briain más
fáth maoidhimh.
194 Bíodh nach badh
rí é ar Éirinn
má thug déirc do
lucht léighinn
is beag nach iomnár
don fhior
atá go mór dhá
mhaoidheamh.
195 Ar th-aithris ní
mhaoidhfe mé
an fhurtacht thig
d’eaglais Dé
do bhí i ndaoirse
feacht oile
re dtoigheacht
d’Aodh Ornaidhe.
196 Iar saoradh
naomh is neimheadh
miorbhal Dé air níor
ceileadh
fuil Chríost mochen
ad chonnairc
tig na ré as an
tSacramaint.
197 Céile Dé don
fhairrge a ndeas
tigheadh go hAodh ar
a leas
is sgríbheann do
nimh ar dteacht
gach laoi ré
ndéanadh proiceapt.
198 Gidh
maoidhmheach tusa as do Bhrian
ní hé fuair na frasa
acht Niall
d’fhíor-fhlatha is
eadh as thuigthe
do bheir Dia na
tiodhlaicthe.
199 Ní maoidhte ar
Bhrian acht go mín
gan ar ndúthaigh do
bhuain dínn
dá dtairgeadh do
b’eagail lais
ní nach dearnsam do
ghéanmais.
200 Ní fhuigheadh sé
an ríghe féin
acht tré iomthnúth
fola Néill
is Aodh Craoibhe
Tolcha thoir
i gcogadh re mac
Ardgair.
201 Ar son
timcheallaidh Banbha
don Dál gCais sin go
calma
maith leo filleadh
gan tachar
’s gan síol gCuinn
do ghream-achadh.
202 Ní fhuair
Muircheartach gairm ríogh
mac Néill
Ghlún-duibh fa beo ghníomh
tug cuaird re
h-éin-mhíle fear
timcheall Éireann ar
éigean.
203 Tug rígh Mumhan
leis i láimh
Ceallachán gan cead
d’Íbh Táil
gé deir tú nach
tugdaois treall
umhla do ríoghaibh
Éireann.
204 Ná hiarr
dearbhadh air níos mó
nach rabhsad fa
ain-bhreith dhó
go Cluain Tairbh
créad gan a ndul
do Bhrian dá mbeidís
umhal.
205 Ní mór go
dtaithneann ré lán
mar a-deirthi a
Thaidhg id dhán
nár dhoirtsead fuil
mar Dhál gCais
síol Cuinn tar
cheann a ndúthchais.
206 Na bréig ort
gidh nach leanfainn
mac Maolruanaidh
Maoilsheachluinn
do chur ár Danmarg
fo thrí
is do mharbh
Tuirgéis a n-aird-rí.
207 Áirmhid leabhair
dhá céad déag
do laochraidh
Lochlann i n-éag
i gcath Cais-ghlinne
do chuir
’S do bhris cath i
Ráith Comair.
208 Cuimhnigh Conall
is Eoghan
ar shluagh Danmarg
do b’eolach
tugsad dhá chath fo
seach dháibh
ag Eas Ruaidh ag Ard
Breacáin.
209 Cath Sgéithe
Neachtain do rad
Lorcan rí Laighean
nár lag
tuilleadh ar mhíle
do bharr
fa marbh do
mhaithibh Lochlann.
210 Aodh Finnliath
tug an deabhadh
d’fhéin Lochlann ag
Loch Feabhail
dá chéad déag do
cheannaibh fear
i n-aon-charn díobh
do háirmheadh.
211 Tug cath i gCill
Ó nDaighre
ar shliocht Danmarg
go ndaingne
tarla rí Connacht dá
cur
naoi gcéad easbaidh
na nDanar.
212 Bristear le
Connachtaibh cath
ar loingeas Luimnigh
amach
tugsad cath oile i
ro ort
Maol dúin
ríogh-dhamhna Connacht.
213 Do chuala tú a
bhás mar Brian
Niall Glún-dubh do
b’ua do Niall
ní hallas do dhoirt
acht fuil
re sluagh Danmharg
ad rochair.
214 Tuitim Néill
Ghlún-duibh don ghleo
Donnchadh mac Flainn
níor léig leo
nach mór tearnó
dhíobh a-nonn
tug ár ar laochraidh
Lochlann.
215 Eachtar iarthair
Eorpa a ainm
mac Néill
Ghlún-duibh a los airm
re dtoigheacht
Briain is Murchaidh
do thuit sé re
Lochlonnchaibh.
216 Ní do Dhál gCais
na ngéir-reann
mac Maoil-mhithigh
rí Éireann
iar dtuitim seacht
míle leis
re Gallaibh Lochlann
tuitis.
217 Ó Canannáin
Ruaidhrí ar dtriath
ar dtionól sluagh go
hÁth Cliath
cath Muine Brogáin
do chuir
nar thuit féin re
cloinn Íomhuir.
218 Don tsluagh lér
thuit do bhean díol
dhá mhíle is eadh
torchair dhíobh
ria san gcath-sa atú
do rádh
tug cath ar
Amhlaoibh Cuarán.
219 Tug rí Conaill
cath oile
don druing-se
a-dubhairt roimhe
ar shluagh Lochlann
tug trom-ár
’s do thuit Niall Ó
Canannáin.
220 Cath ag
Biothlainn i Laighnibh
d’fhéin Lochlonn
tugsad Laighnigh
i dtorchair Ughaire
a rí
ní do Dhál gCais a
gcluintí.
221 Féach a Thaidhg
an don Tál-fhuil
Éigneachán mór mac
Dálaigh
do chuir cath i
gCean Maghair
dá dtug ár ar
Dhanaraibh.
222 D’éis óir na
nGall do dhagh-roinn
annsin ar cinéal
gConaill
fuair aisiog iar na
dháil
ré thabhairt do mac
Lonáin.
223 Más é as adhbhar
maoidhte dheit
bás Briain Bóroimhe
’s a mheic
re sluagh Danmharg i
ndeabhaidh
féach a gcor re
Gaoidhealaibh.
224 Níor fhéadsad
Dál gCais do ghnáth
a gcosg d’Éirinn
acht mar chách
gach re seal a-nonn
’s a-nall
ní maoidhte cogadh
Lochlann.
225 Níor áirmhis na
cúig míle
re Maoil-sheachluinn
sliocht fíre
do thuit i gcath
Teamhra thall
mar aon as mac ríogh
Lochlann.
226 Ceithre catha
nar mhaoidh mé
’s an cath-sa
Teamhra tug sé
nár chuir ár luchta
an éididh
’s gan é na mhac
Chinnéidigh.
227 A n-aisiog
dó níor saoileadh
a mbuí leo do bhroid
Gaoidheal
go bhfuair
Maoil-sheachluinn tar ais
ar Áth Cliath do bhí
a fhorbhais.
228 Tug iar sin
fógra oirdheirc
do chách iar gcosg
gach fhoirneirt
le saoirse a sean le
sochar
d’fhearaibh Éireann
d’ordachadh.
229 An chéad
bhliadhain dá ríghe
tug
Maoil-sheachluinn sliocht fíre
na sochair sin do
bhean ris
gidh ar Bhrian theas
do mhaoidhis.
230 I n-iongnadh na
cuire ar Bhrian
a theacht sa neart
mall do thriall
do bheir dhuit a
mhaoidheamh air
réimheas an ríogh ’s
a shochair.
231 Caith Chairn
Fordroma nár thais
ar Thuadh Mumhan
tugadh lais
i bhFearta Nimhe i
Maigh Breagh
cath oile ar Bhrian
do bhris-sean.
232 Na bhfoilcheas
ort má táid sin
an dá chath-sin
thaobhaim ribh
féach leabhar Dhuibh
Dhá Leithe
’s ní bhia ort na
inchleithe.
233 I gcoimhmeas
níor chuirthe Brian
tar
Maoil-sheachluinn suas re Niall
níor mheisde Brian
breith a bhairr
gé do aithrígh
Maoil-sheachluinn.
234 Is é do b’fhaide
na rígh
is do b’fhearr ceart
ar an dtír
’s as mó ar a
sgríobhaid filidh
’s as lugha ainm
ain-dlighidh.
235 Trí céad dalta
do Mhac Dé
i n-onóir Críost do
oil sé
cuid dá theisd gibé
heile
’s a bhás iar
mbuaidh n-aithrighe.
236 Ní fuair éin-rí
d’aicme Bhriain
an gcáin roimhe ná
na dhiaidh
do Laighnibh tar tír
oile
níor dhligh buain na
Bóruimhe.
237 Dá leanadh Brian
mar mhaoidhe
lorg canóna gan
chlaoine
aith-ríoghadh do
b’olc an bhreath
ar rígh chórónta
chráibhtheach.
238 Tuathal
Teachtmhar do dhaingnigh
bóroimhe ar tús ar
Laighnibh
i n-íoc a inghean
gan oil
dá dtugsad éag i
meabhail.
239 Do mhaith
Fionnactha re mBrian
an buar-so go bráth
do Dhia
ceathracha ríogh go
a ré soin
do shíol Tuathail do
thobhaigh.
240 An bóruimhe ó
ráidhtear Brian
mar ghlóir
dhíomhaoin tugadh thiar
an t-ainm
bladhmannach dar leam
ó bhuar Laighean nár
dhligh-sean.
241 Ar Bhrian dá
ríomh ní racham
cluiche ó gCais i
gCnoc Grafann
ar mhnáibh na nGall
dóid frí dóid
iar mbriseadh catha
i Sulchóid.
242 Mas é as
an-fhlaith díbh go ceart
rí imreas ceart mar
a neart
i n-aghaidh Briain
is tú lais
tug dot aire nár
thagrais.
243 Ár Danmarg do
chur fá dhó
i Maigh Íotha i
gCalgaigh dhó
re Niall Caille cidh
shíne
mac Criomhthainn i
gcoimh-ríghe.
244 Níor chuirthe
dhuit ainm do ríogh
tar a chompráid féin
’s gan é fíor
a mhéad is meisde an
loghadh
amhlaidh atá
t’fhor-mholadh.
245 An dá fhocal
thugais lat
as do laidin féin go
glan
atá an treas focal
ann dna
i ndiaidh Scotorum
Scriba.
246 Mairg nár léigh
na trí focail
ó taoi i
dteangthaibh go fortail
ria siu do thugais
go grinn
barr Néill do
thabhairt d’Fhéidhlim.
247 Más molta an
beatha do neach
tochrádh naomh gibé
do neath
do fhéad tusa a
déanamh teinn
mar sin a beathaidh
Fhéidhlim.
248 Do easgain
Ciarán Cluana
mac Criomhthainn cia
nach cuala
im chrodh a chille
iar na chrádh
is dé tháinig a
thiughdál.
249 Do thaidhbhseadh
dhó Ciarán cáidh
go n-a bhachaill i
na láimh
go dtard forgamh dar
leis air
’s níor mhair mac
Criomhtainn bliadhain.
250 Do gheall Ciarán
fós nach biadh
neart Fhéilim ó
Chluain a-niar
nach maith an
fhiadhnaise so
re duain Giolla Mo
Dhubhda.
251 A cheart féin
nach beanfadh dhíbh
Flann ’s é ar Éirinn
na rígh
an gcreidid cách ’s
gur léig sibh
bhar leathrom le
rígh chóigidh.
252 Aodh an ghai
bhearnaigh do ghearr
bile an Mhuighe is
iongnadh leam
aird-rí Éireann mar
nár laimh
imbeirt cluiche ar
Maigh Adhair.
253 Tug taise
Donnchaidh Uí Ruairc
ó Chnoc Saingil
cuid dá chuairt
cead gud Dhál
gCais-se níor ghabh
is tug bradán Chinn
Choradh.
254 Ná cuir bréag ar
fhuil na Niall
níor ghabhsad
tuarasdal riamh
ó aoin-neach i nInis
Airt
baoth don chéad
Thadhg a labhairt.
255 Tuarasdal Taidhg
Chaol-uisge
aithne dhamh-sa is
duit-se
eich Uí Néill ’s a
eachraidh féin
do dhiúltadh dhó mar
chaithréim.
256 Ag so a dheimhin
dhuit madh áil
do Lugh Lágha is
beag nach náir
ó do mhaoidhis Art
Aoin-fhear
cia ar bhadh cóir a
chomh-mhaoidheamh.
257 Tar a bhfuair do
ghonaibh arm
is é Líoghairne ros
mharbh
iar dtuitim Airt ar
an maigh
is ann ros dhícheann
Lughaidh.
258 Ar Laighnibh is
ar Mumhain
do iarr Cormac a
chumhail
’s do chuir go gcead
dod chuimhne
bás Airt i leith
Líoghairne.
259 Léightear libh
an teachda breath
bhar n-amharas orm
dá mbeath
ar Laighnibh
dearbhócha dhuit
gur iarr Cormac a
éaruic.
260 Cladar feart
fuirmithir lia
ní leanabh dhé-sin
níos sia
cuir an corp sin i
gcuimhne
sul shaorfas tú
Líoghairne.
261 Dearbhadh oile
ar Lugha sonn
fo bhás Airt
a-dubhairt Goll
is nár dhuit gach ar
gheallais
más fear marbh do
dhí-cheannais.
262 ’S é Nuaidheadha
an ghaisgidh ghrinn
más é thug ort-sa an
bhreith ghill
thugais do Lughaidh
Lágha
ná heirg ann go
han-dána.
263 Cuiridh an dán
sin gan chéill
Eachtar tar Aichill
mac Péil
’s nach sgríobhthar
barr d’aoin-fhear air
acht do Shamson nó
d’Earcail.
264 Neart do Lugha
más searbh guth
fo seach i gConall
Chearnach
atá sa dán-sa
a-dirim
ag so an fáth fá
bhfoillsighim.
265 Do bhí Cu Raoi
mac Dáire
d’fhuil Éireamhóin
gan táidhe
féach cia dhíbh ba
chalma i gcath
i n-éin-ré is Conall
Cearnach.
266 Dod Lugh níorbh
iarrtha a n-urraim
Cumhall féin Fionn
mac Cumhaill
d’fhuil Éireamhóin
iad fo seach
Osgar Aonghus
Gaoi-bhuaibhtheach.
267 Cáit i raibhe do
Lughaidh
Cairbre Músg leat
más cumhain
ar Lugh Mac Con an
uair thug
teicheadh i gcath
Cinn Feabhradh.
268 Art mac Cuinn
Conn is Cairbre
chuirfeam an uair-se
ar cairde
ní fiú dhúinn go
nuaidhe ’nos
bheith dá n-iomrádh
re th-amos.
269 Ní d’easbaidh
gníomh gcóir ré ráidh
má táid uaim ’s ní
labhra láin
neithe nach ionráidh
ann-so
acht freagra thugas
ort-sa.
270 Dá nguidhinn
Críost mac Dé im dhán
gan claonadh ar
fhuath ná ar ghrádh
a-déarthaoi
béal-chráibhtheach rum
mar dubhradh riot-sa
romham.
271 Déanamh Néidhe
dhíom ná tairg
gémadh Feircheirtne
thú a Thaidhg
do léigfinn
th-ollamhnacht daoibh
’s ní thairgfinn
suidhe id chathaoir.
272 Ní cosmhail mise
is Néidhe
an chóir áirmheas tú
id thréidhe
bheith im aghaidh
dhí ní gar
biaidh mo chathaoir
gan claonadh.
273 Mó dhlighfinn
mh’fhiacha do dhíol
seasamh córa d’fhuil
mo ríogh
ná an umhla dhíom ro
dleacht
dot aois a Thaidhg
dot oideacht.
274 Ag admháil
th’oidis má tám
níor leanas do lorg
im dhán
mise ag cumhdach na
córa
tusa ag díon na
héagcóra. RO CHUALA.