firstLine"; ?>

164. Adhbhal anadh na nGaoidheal $
Length: long 37qq (aceph.)
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 744(A/v/2) Dillon Duanaire late 17 c
Motifs:
  1. internal dating
  2. ref. to spouse
  3. imagery for patron (healing herb)
  4. qualities of patron’s character
  5. patron’s feasts
  6. patron’s liberality to poets
  7. plight of subjects after his death
  8. general grief for patron
  9. patron’s reward in Heaven assured
  10. Historical comparisons
  11. house
Patron Christian Names:
  1. Lucas
Patron Surnames:
  1. Dillon d. 1655
Apologue Subclasses:
  1. Death of Cormac mac Airt: now in Heaven
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Adhbhal anágh na nGaoidheal (acephalous)

[RIA 744 (A/v/2), ‘Dillon Duanaire’, 28a]

[date: 1655 at qt 36]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Sior Lúcás go lúadh bfortail

anágh don chrích Chonnachtaigh

sdiúrthóir thráichtmhín thréd a threabh

a ég ’s do láintír Laighean.

2 In gach tír thúaidh is theas

a ég gá haidhbhle doilgheas

Lúcás Díolmhan dreach gan neimh

creach ar míonbhan an mílidh.

3 Dob fhiú a ágh ’s a uaisleacht d’fuil

a mhaith a mheanma chonnail

uird Bhanbha uime gan ágh

uille an damhna ná an doágh.

4 Gach maith dár mhaith an duine

(a) Lúcás mar láoch Líathmhuine

nó mar Ghúaire flaith ar bhfonn

nó gur sgaith úaidhe a anam.

5 Dearbh nach bás acht beatha síor

fúair an fhlaith go bfúath míghníomh

’s a thoil do tégadh a ngus (?)

air ní shénabh a shonus.

6 Cosmhail bésa is beatha an fhir

ré sdaid rígh do fhréimh Gháoidhil

deaghúa Cuinn Cormbac mac Airt

borrghart shlat fuinn ar n-amhairc.

7 Áirdrí(gh) Éireann thúaidh is teas

deaghmhac Airt ughdar eicceas

sdiúrtha a ghníomh ’s bá maith a mhéin

don fhlaith ní chríon a chaithréim.

8 Féithle ceangail an chirt ghloin

oighre Airt an iúil fhortail

in gach cró clíleanta an sdiúir

a gcló dírreachta an deighiúil.

9 Slán brégnaithe a bhúaidhbhreath sean

fá áon dá eólcha an dligheadh

slán maithis a mhéine so

fá mhéine flaithis Fódla.

10 Iúl dubáilte is ceart uí Chuinn

a fhéile a chródhacht comhlainn

tearc rí ina bfoighthear fillte

fá chlí froightheadh firminnte.

11 Tráchtar air-sean go bfúair neamh

tré chreideamh dhó don Dúileamh

gion go ccúala an croideamh cáigh

búadha a oideadh 'na orláimh.

12 Teasbhail Chormbaic cumhain leam

adhbhal úaidh anágh Éireann

san am a tteasda tuir Mhis

teasda ann luibh a leighis.

13 Beatha búan an bhúaidhrígh ghloin

(n) árdchlú air go síor suthain

’s bheith ar aghaidh Dé go díl

dár adhair sé go súaithnidh.

14 Dá réir so samhailtear leam

go ndligh Lúcás láoch Ráoileann

bheith go búan san dealbhdhún daith

dúal dá mheanmrún an mhórmhaith.

15 Compráid do cháoimhchéill Chormbaic

cíall cháoin Lúcáis lánorrdhairc

maith do lean a lorg dar lat

an fear gan colg go comhrac.

16 Mac Sir Teabóid toghtha an mac

gion gur chodhnach mur Chormbac

sdaid a mhéine leantair lais

ar bheartaibh céime an chádhais.

17 Da mbeith inmhe áirdrígh Breagh [28b]

aige ’na chúirt do chaithfeadh

mar do chaith lé féile a bfúair

tré mhaith méine go mórbhúaidh.

18 Eidir chách mar cháomhchrann fáis

mairfidh sénmhaith Sir Lúcáis

fear nár thairg cillchlíar do chreim

go himchían ’s gach áird d’Éirinn.

19 Dar leat bá hárdfhlaith d’Éirinn

Lúcás go ndeilbh ndeighshéimhsheing

d’aidhbhle anáigh cáigh dá chion

dáil nach rónáir a raidhtear.

20 Inntliocht bhuadhach búadhcheart mbreath

grinne mbeart beódhacht aidhbhseach

’s féile go n-aidhble n-oinigh

tréighe daingne an Díolmhuinigh.

21 Luibh leighis chrécht na gCuircneach

a mhaith dhíadha dhearlaigtheach

tragh don mhaith-si(n) meath dá sódh

creach darab foichse fíorbrón.

22 Báogal linn do los a bháis

teirce daidhbhre díth sóláis

do bheith ’s gach íath thíar dar thil

’s a mbeith go cían a cCuircnibh.

23 Tré mhaith Lúcáis búdh léir gart

fóir nach faiceadh a amharc

bá lán do chion an chodhnaigh

t[iu?]gh an t-ágh don fhollamhnaigh.

24 Méin Sir Teabóid leantar lais

Lúcás lúain céile an chadhais

sáorghart lé slóghdháimh dhomhan

mórdhail dáonnacht dearlogadh.

25 Ríoghmhúr Lúcáis na ttor tte

cúirt bhláith bhúadhLocha Glinne

ré a grésdath tnúdh na tteallach

an mhúr fhéasdach fhithcheallach.

26 Níor chúirt nár chúirt go ndeaghshódh

cúirt mhíadhach meic Eilghionór

cúirt raithrionnach cúirt go ccruth

an chúirt aithfrionnach ordach.

27 Bronnadh fíal fleadha meince

san gcúirt ordhairc innillte

ciúil 'gá gcoimhseinm cáta ar chléir

sdáta ar rodheilbh an ráoiléin.

28 Cúirt a bhfaghtháoi áineas te

cúirt adhach Locha Glinne

cúirt an óir ’s an fhíona sin

’s gan díogha a hóil ag éigsibh.

29 Mór n-ágh bá hágh go ndeaghrath

do chuir Lúcás lúithmheadhrach

ar Loch Glinne na miodh mear

a-niodh linne nach lúaidhtear.

30 Gach rath dár lá ar loch an fhis

úalach trom tríall dá aithris

teichmheach ré a thromúalach me

tonnúalach geirtheach Glinne.

31 Mar tá an loch-sa ó [a]-né go [a]-niodh

gan lúth greadh gan gáir bféinneadh

cúis nach near [.................]

beart do [beal?]ochaibh [leg. bheartaibh?] an bheatha.

32 Mar tá bhanfhlait [...]

[.............................]

d’ég a céile crádh linne

lám na féile fairsinge.

33 Anágh d’Éirinn ég an fhir [29a]

Lúcás Frémhann flaith Airtigh

mar gach anáir dá n-éir dí

a hanár ós léir linne.

34 Fada bhús galar go ngoimh

ég búaidhmhic Uícant Díolmhain

d’fhóir a thalmhan in gach tann

dá gconnmhadh cóir is comhthrom.

35 Ég ní hiongnadh dá bfeadhnaibh

Cuircnigh chrodha is Goisdealbaigh

d’ég an daighfhir gá ttás tte

a bhás ’s is dainimh dhúinne.

36 Cúig bhlíadhna beachtcháoga a-mháin

sé chéud déug dearbhtha an annáil

áois Chríosd go Lúcás do ládh

grúgcás ón díosg ar ndeaghágh.

37 Tré ég a ttríath teidhm nach tais

éttrén trá a ttúath 'sa n-eaglais

cáoimhfhir ar geabhán ’s ar magh

Gáoidhil go n-anágh n-adhbhal. Adhbhal...

[The following, consisting of 1 quatrain, follows the above poem]


Críoch Theathfa bá bleachtach ba

mór a hágh go hég d’Fachtna

a hanágh dá ég ar tteacht

ronár dár ég a hoireachd.