firstLine"; ?>

1640. Rob soraidh t’eachtra a Aodh Ruaidh $
Length: middling c.25qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Bruss.Bib.roy.6131-33 Bk O’D’s dau 17c
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA 4 (24/P/27) late 17th cent.
  4. RIA 744 (A/v/2) Dillon duan. 17th cent
  5. NLI G 167 Seam. MagUidhir 1727
Prints:
  1. transl. Bergin IBP no. 3, Duanta ERM,
Motifs:
  1. poet invokes blessing
  2. Sea-voyage
Poet Christian Names:
  1. Eoghan Ruadh (Bib.roy 6131-33,BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird (E.RmcUillOig RIA4,G 167)
Patron Christian Names:
  1. Aodh Ruadh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1602
Apologue Subclasses:
  1. Caithreim Conghail Chlairinigh
  2. Cath MuigheLeana
  3. Tuathal Teachtm.
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Rob soruidh t’eachtra, a Aodh Ruaidh


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 3]


Eoghan Ruadh Mac an Bhaird .cct.


1 Rob soruidh t’eachtra, a Aodh Ruaidh,

an Coimsidh do-chí ar n-anbhuain,

gabhaidh sé t’innfheitheamh air,

go mbé ag rinnfheitheamh romhaibh.


2 Ná tí ribh, a rí Suca,

triall sonna i sín gheamhruta,

amuigh ón chuainsin Chliodhna,

tar muir nduaibhsigh ndoighiordha.


3 Dia dot eadráin san amsa

ar ghluasacht ngaoth ccodarsna,

ar ghoin n-ainchridhigh gach fhir,

’s ar mhoir n-ainbhthinigh idir.


4 Go ttréigitt a ttrealbha laoch

dea séite na síonghaoth;

go ttille an ghaothmhuir a geóin,

nach saobhthuir inne an aeeóir.


5 Go mbé an toice, a thriath Gaillmhe,

duitse ag crúdh gach comhairle;

ná deach faoibh fréamh ar ndoibheart,

rob sén daoibh do dheoraidheacht.


6 Rob suilbhir aghaidh gach fhir

róibhsi, a rí rátha Sligigh,

títhe orláir do ghruadh ngeal,

rob tuar soghráidh a silleadh.


7 Gibé rabh a rí Chonaill

i n-aincheas bhar n-urfhoghaill

go mbé a chroidhe gá chrúdh sin

le rún toile dot thuigsin.


8 Rob gar leigheas dar leónadh,

sgeóil dá ttiocfa ar ttaithbheódhadh,

go mbeid oraibh dá reic ruinn,

rob soraidh dheit gach dodhuing.


9 An énlong ler imthigh sibh,

na coill bhárc bhréideadh suaithnidh

go ttargha an luingsin tar lear,

go hadhbha ttuirsigh tTailltean.


10 Gá ttú acht as tingheall sláinte

do thoisg, nó as tuar anbhfáilte,

gibé thí do thaobh t’eachtra,

do shní, a Aodh, ar n-aigeanta.


11 Na laoich, a llos a n-annsa,

na mná, na meic eaccalsa,

clanna ar saor, meic ar moghadh,

dheit, a Aodh, fá énomhan.


12 D’furtacht shleachta Gaoidhil Ghlais

tar muir ón tráth do thriallais,

atáid croidhe sonn gá sníomh

le trom n-oire gach airdríogh.


13 Atáid m’ionnsamhla eile,

atúsa, a Aodh, d’áiridhe,

dom buing do bhithin t’eachtra

i ttuinn fhichidh mh’aigeanta.


14 Ní chorraigh muir nach measg sinn,

ní éir gaoth nach gluais mh’intinn,

ní aithrigh síon séis mbuinne

nach sníomh dot éis oruinne.


15 Ni hé aithbhear bhar n-olc féin,

ni hé ainbhthine an aeéir

do chor ort budh urlamh linn,

acht turbhadh d’olc na hÉireann.


16 Inis Chuinn do chleacht leónadh,

gá ttám as dí theigeómhadh,

dá ttíste ruibh god rochtain

tar muir ngríste nguasachtaigh.


17 Do cuireadh clódh a teadhma

uaibhsi a n-ucht na cinneamhna,

do fhéch sibh don chríchsi Chuinn,

dá ndigh díbhsi, a Uí Dhomhnuill.


18 Mór dá haos cumtha ar cheana

do chuir a n-áit oidheadha

an bhréiginsi lér fhaoi Art,

ar aoi a héiginsi d’fhurtacht.


19 Iomdha imshníomh fhuair fá a ceann

Tuathal Teachtmhar, triath Éireann,

ar ttocht tar muinchinn muire

d’oirchill a holc d’iomghuire.


20 Cuairt dar chosain a heineach

do-rad Conghal Cláireineach,

go ttug gleó eidir ghleanntaibh tonn,

nár theó i tteanntaibh na tiomcholl.


21 Eoghan Mór mhac Mogha Néid,

do-chuaidh trá toisg a leithéitt,

don talamhsoin gar thriall sibh,

ó fhiadh fhalarsaidh Uisnigh.


22 Ríghe cogthach Chláir na Niall,

lingis Mac Con mac Maicniadh

rinn ghlasmhuire ar aba a huilc,

amhsoine as fhada iarmuirt.


23 Tusa, a rí fhréimhe hEachaidh,

ag triall ar iocht éineathair,

gé meastoir do thocht a tteann,

do dheasgaibh olc na hÉireann.


24 Atá san luingsin tar lear

oireachas Insi Gaoidheal,

a síodh, a guaisbhearta, a glóir,

díon a huaisleachta, a honóir.


25 Go bhfille ar sliocht Gaoidhil Ghlais,

a mhic Aodha, a ua Mhaghnais,

rob dimbríogh gach tonn dá ttuil,

gach imshníomh sonn rob soruidh.