firstLine"; ?>

1641. Rogha an chuaine Cu Chonnacht $
Length: long 35qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Copenhagen Ny kgl.Saml.268b 16th c.
  2. RIA 540 (C/iv/1)Aodh B. McCruitin 1713
  3. TCD1361(H.4.20) T. O Neachtain 1725
  4. TCD 1288 (H.1.14) Hugh O Daly 1750
Prints:
  1. transl. Greene, DMU, no. xvii
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. liberality to poets
  3. Historical Comparison
  4. reference to sidhe
  5. Pun ? q. 32
Poet Christian Names:
  1. Seaan mac Ruaidhri Oig (Copenhagen,
Poet Surnames:
  1. O hUiginn RIA540)
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1589
Apologue Subclasses:
  1. Cuchulainn receives his name
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Rogha an chuaine, Cú Chonnacht


[Greene, David: Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 17]


Seaán mac Ruaidhrí Óig Hí Uiginn .cc.


1 Rogha an chuaine Cú Chonnacht

ní fríth clú ’na chonchlannacht;

a cherda tar crú Logha

cú sealga gach síthbhrogha.

2 Caor óir as uaisle mianach,

ní cú do chleacht minfhiadhach;

fuair ó chliaraibh clú gaoissi

cú fiadhaigh gach foraoisi.

3 Budh cú bona a mBeind Bhoirchi

ferchú na ccles nemhfhoirbhthe,

tar éis sealga Sléibhe Mis

a thréighe cerda coiccliss.

4 Biaidh an cúisin tar gach coin

fán Choirrshliabh ’na choin énaigh;

luath an cú fá bhuar Bernais

ac tuar chlú don chéidengrais.

6 A lucht sealga Banbha Bregh,

a chland Néill na naoi ngeimheal,

Fiadh Fáil ’na thenchair thoraibh

ac ferchoin Chláir Conchubhoir.

6 Sliabh Betha is dá shealgaibh soin,

cú do chonaibh Clann cCobhthaigh;

nír an ar éill dá hiallaibh

a ngar don fhéin Oirghiallaigh.

7 Tussa, a chú na ccéimend nglan

bhus cú bairr a mBeind Ghulban;

biaidh sibh ó Dhrobhaois co Duibh,

budh libh an fhoraois fhiadhaicch.

8 Do-ghéntar sealg Sléibhe Bregh

le coin énaigh mac Míleadh;

fuilénaigh gan bhú ón bhladh

cú do chuilénaibh Cruachan.

9 Sliabh Fuaid a bhforaois sealga

gnáth dá conaibh croibhdherga;

gealchorcra do chrú na ccon

an cú ferchonta fiochmhar.

10 Do-ghéntar le Coin Condacht

iath Banbha do bhuachollacht,

ar dhruim uaine gach achaidh

tar cuaine Cuinn Chédchathaigh.

11 Ruc geall ar ghníomhraidh goile

mur coin fhréimhe Rudhroighe,

sealg na consin tar crú cCuind

is cosmhuil re Cú Culuinn.

12 Cédlabhra do chléir dhoilidh

moladh an duind deghoinigh,

ní fhuil a n-athlabhra ar olc

ar Coin ccathchalma Condacht.

13 Cú Chondacht an chrotha gloin

coilén soighe ó Thigh Thuathail;

ní lethchuaine do chrú Chuind

an cú dreachnuaidhe díghuind.

14 Ar Choin cCulainn léghthar lem

sgél arsaidh uaigneach aithgherr;

terc baramhail dá chlú a ccéin

cú fá daghshamhail doiséin.

15 Ionad con agus curadh

do-níodh an Chú am Chonchubhar,

do cheird an ghaiscedhaigh ghloin

ghaisgeamhail co bhfeirg bhfiochmhuir.

16 Lá dá raibhe a ráith Emhna

gérbh óg é dob ionfhedhma,

cú do fhulaing cach omhan

Cú Chulaind ac Conchubhar.

17 Macraidh Uladh leth ar leth

ac cor bháire, bert uaibhreach,

siad uile a n-aghaidh na Con

gan cabhair duine ar domhan.

18 Ruc Cú Chuloind na ngníomh nglan

ó mhacraidh Dúine Dealgan,

dob indála dá ghruaidh ghil,

buaidh na hiomána an uairsin.

19 Cuillend cerd d’airdrígh Uladh

fledh aige arna hullmhughadh,

rí ’na aimsir nárbh ónna,

do bhí an t-aimsin ionóla.

20 Téid airdrí Emhna Macha

ceithri chaocca ionchatha

ar cuiredh le Cuillend cerd,

an bhuidhen mhuingfhionn mhaoithderg.

21 Cú Chulainn na ccles ngoile

lenais lorg na heachruidhe,

ruc aithne ar thóir na tána

im nóin d’aithle a hiomána.

22 Cú neimhe lé ccuirthí cath

do sgaoiliodh hí dá hiallach

mun mhuingfhi[o]nd do dherg dumhaigh

le Cuilli[o]nd cerd Conchubhair.

23 Do-chí chuige an ccoin neimhe

dob fháth dénta deithbhire;

nír ghníomh nárbh fhoirbhthe a hoighidh

san oidhchi dá ionnsoighidh.

24 An cú confadhach neimhe

marbthur le mac Deichtine,

inshluaghaigh a cháil don choin,

dá láimh iolbhuadhaigh échtaigh.

25 “Do-bhér uaim éraic do chon,”

ar daltán Dúna Dealgan,

“a Chuillind gan tend dtabhaigh

uirrim as ferr fuarobhair.”

26 “As í éraic luaidhter lem,

d’fhagháil am choin,” ar Cuilentt,

“tú do dhénaimh a nderna

cú ar fhéghain dob infhedhma.”

27 Cú Chulainn do chorcradh ga

a n-ionadh chon an cherda

gurbh inghníomha clann na con

- barr imshníomha fán adhbhor.

28 Do hoiledh ac Cuillionn cerd

an cú gar mheineic móirshealg;

guais ar gach uillind d’Fhiadh Bhregh

ó Shliabh Chuillind do cuireadh.

29 Ní bhíodh ó chlesradh na con

thoir nó thiar ar fhud Uladh

- cú fíocha nár fhég d’omhan -

tríocha chéd gan chuartughadh.

30 Tussa, a oighre Chon Connacht,

gan crích mBregh do bhuachollacht,

ná fuloingsi ar chlú na con

an Cú Chuloinnsi ar clessradh.

31 A chú sealga bend mBanbha

tar conaibh do chomhanma,

sgaoilter clú ollbhladhach ort

a Chú chomhromhach Connachtt.

32 Rún sealga as imdha agaibh

ar ndrud éille h’órsgabail,

tú an cúisin is iall oraibh

do dhúissigh Fiadh Feradhaigh.

33 Cossmhail re Coin na Tána

tussa a dtráth na tegmhála,

tarrla clú oirbhertach ort

a Chú choinghleacach Condachtt.

34 Dá choin as cosmhuile a ccath

cosmhail a lúth ’s a lámhach,

mac Deichtine is Cú ó cCuind

cú lé leicfidhe a luaghuill.

35 Mac Siobháine taobh mur thuinn

gaisgeadhach mur Coin Culaind

buaidh na con ’gun choin oile

’s gan dol ar sgoil Sgáthoighe.