firstLine"; ?>

1642. Rogha gach beathadh bheith bocht $
Length: short 11qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. NLI G 55 Dabhith Mohir 1727-30
  2. Mayn. S. O Murch. na Raithin. 1738-47
  3. RIA 7(24/L/13) S. O Murch. na R. 1747
  4. King’s Inns 19 S. O Conaill et al. 1764-7
  5. RIA308(23/M/16) Aind. MacMathgh.1767
Prints:
  1. text DiD no. 51
  2. transl. Ir. Monthly 53, 533
Motifs:
  1. Judgement Day
  2. renunciation of the world
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (King’s Inns 19)
  2. Tadhg mac Daire (NLI G55, RIA 308)
Poet Surnames:
  1. Mac Bruaideadha
  2. O Dalaigh
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Rogha gach beathadh bheith bocht


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 51]


Tadhg mac Dáire .cct. (?)


1 Rogha gach beathadh bheith bocht

neach ag a thogha acht gidh tearc

- uirre gan bhréig ní léir locht -

san phort nach téid céim tar ceart.


2 Bheith gan toice ní díoth dhún

mar íoc im olcaibh mar chrádh

nó bheith bocht do réir mo ríogh

díol a locht ní léir dá lán.


3 A uan fionn do fhás ón óigh,

uad i ngioll red ghrás a-táim;

asad gan bhréig fa dú dóigh;

is tú an ghlóir nach téid i dtráigh.


4 Red thocht i dtionól an Luain

an chroch ’s an choróin red thaoibh

tiocfa sé [’n-a shochar] dhúinn

dúil don [rothal], a Dé, dhaoibh.


5 Ní fhuil ag neach grádh dá ghaol

- uch! ní neamh a-tám do thúr;

ar dtréidhe mo-nuar is nár;

grádh dá chéile badh dual dún.


6 Go dtí so gan doilgheas daoibh

- ós ort as oircheas a úidh -

suas don deaghbhragh, a shiur shéimh,

an t-iul réidh do dhearbhadh dhúin.


7 Gan luaghall éithigh ós aird,

gan uabhar, gan bhréithir bhuirb,

mar luagh i ndearnain an deilg

dual, a leinb, leanmhain do luirg.


8 A óigmheic arsaidh dar siair

mo chasbhraid go bhfóire féin

’s ná leig m’anam uaibh dá thaoibh

sgaoil uainn mo ralam go réidh.


9 A Choimdhe do-chí mo riocht,

dar gcoimhdhe do bhí go bocht,

go fóil ná cinn ar an gceart;

fóir led neart inn ó gach olc.


10 Ós í ceard chosmhail a clódh

sul thí th’fhearg chum dochair dhún

dá bhar dtol, a rí na ríogh,

go dtí dhíom a chor ar gcúl.


11 A bhfuaras don chruinne ché

uaibh-se dá gach uile ní

bean dot fhiortaibh dhíom, a Dhé,

más díol é i gciontaibh mo chlí.