firstLine"; ?>

1644. Rogha na cloinne Conall $
Length: long 43qq
Certainty: 1
Period:
  1. 13th mid
  2. 13th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Bodl Rawl. B514 O’Donn. poems 16th c
  2. RIA1080 (B/iv/2) M. O Cleirigh 1627-8
  3. Book of O’Conor Don c. 1631
  4. NLI G 131 Cuchoig. O Cleirigh
  5. RIA 2(23/F/16) O’Gara MS 1655-7
Prints:
  1. transl. Williams, PoemsGBM no. viii
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. caithreim, battle-list
  3. naval warfare
  4. War with English
  5. territory as ruler’s spouse
  6. fertility under true king
  7. reim rioghradh, regnal list
  8. king’s officers: maor
  9. Hostages
  10. Historical Comparison
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde Rawl. B 514 RIA1080, BOCD
Poet Surnames:
  1. MacConmidhe
Patron Christian Names:
  1. Domhnall Og mac Domhnaill
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1281 (poem post 1262?)
Apologue Subclasses:
  1. Conall Gulban: lent Highkgship to Laoghaire
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Rogha na cloinne Conall


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 113]


Giolla Brighde Mac Con Midhe .cct.


1 Rogha na cloinne Conall,

togha na droinge a-dearam;

tolg dar seoladh rug romham,

Conall tug d’Eoghan fhearann.


2 Lais thángadar a Teamraigh

rángadar re a ais Eidhnigh;

do shín a éill go harnaidh

re damhraidh shíl Néill neimhnigh.


3 Toghthar Conall na gcuradh

- nochar thorann gan toradh -

an tslat réidh fheardha iodhan

ionadh Néill Teamhra ar toghadh.


4 Laoghaire ag tnúdh - fa toillchiall -

rer n-aoghaire n-úr n-armchaol

craobh ris ar easbhach iomthnúdh

fionnchúl caomh fleasgach fannchaomh.


5 Aoghaire do réidh roiréidh

Laoghaire - fa léim sodháin -

ríghe laoi ’s oidhche d’fhagháil

ar ngabháil choidhche an chonáigh.


6 Teagar lá is adhaigh Éire

dar gcabhair mar do-chuala;

Conall achd gér chruaid lámha

gránna an comhall fhuair uadha.


7 Ar Laoghaire “Is leam Teamhair;

aonduine im cheann ná cuiridh”

“Achd lá riamh ann is adhaigh

faghaidh” ar barr fial Fuinidh.


8 Truagh do Laoghaire a luaighill

aonduine uadh for Éirinn

crobhuing do líon mo lámhainn

síol áluinn Conuill chéibhfhinn.


9 Síol Laoghaire ní leanann

saoruidhe na ríogh romham;

do-chuaidh fa a chró a fhearg d’fhulang

dulann dó a chealg ar Chonall.


10 Deich rígh don tsíol óg áluinn

- a ród is do shíor shíolaim -

fuair ó linn Conuill chéibhfhinn

romhuinn Éirinn bhfinn bhfíonduinn.


11 Ainmhire a arm do lúbadh

garbh re hainbhfine an t-óigfhear;

a mhóid níor mhín i n-éigean

céidfhear dhíb na gCóig gCóigeadh.


12 Do badh dhíbh Domhnall doinnmhear

nar mhín comhlann a chrannghal;

do chuir an cath re Conghal

ar Muigh fhonnghlan Rath raghlan.


13 Aodh díb ro b’fhogha uilleach,

Maol mín Cobha gan chrannach,

Conall fial caomh is Ceallach

na gciabh ngleannach gcaol gclannach.


14 Baodhán Liag, Loingseach Dobhair,

coimseach iad ar na huilibh,

Conghal caisChinn mhóir Mhaghair,

cabhair shlóigh fhairsing Fhuinidh.


15 Laithbheartach laoch nar sguchadh,

gaoth tre chlaichshneachta chiothmhar,

fir Breagh a brón do bheanfadh

an deachmhadh fear mór miodhchar.


16 Go Domhnall Óg dá n-áirmhear

dá bhfoghnann gach fód líonmhar

do chloinn Néill an tréad taoibhgheal

aoinfhear déag san réim ríoghradh.


17 Deich gcéile ad-chím don chineadh

tar ar shín Éire a hionar,

fir go mbuaidh dhí ar a ndeireadh;

fuair deighfhear í ’n-a n-ionadh.


18 Domhnall ó Dhún chas Cnucha

gan súgh mar bhlas a bhracha,

ní thoghfa mé méin seacha,

breatha Dé réim a ratha.


19 Mac Domhnaill duille ar gcraoibhe

Ó Domhnaill Tuinne Tuaidhe

mac d’fhíonLasair a hÁine

gráinne a míonfhrasaibh Muaidhe.


20 Ó Domhnaill chéibhfhinn Codhail

comhrainn d’Éirinn ní fhuirigh;

go mbeire an fear fál droighin

lámh re froighidh bhfear bhFuinidh.


21 Do líon gach linn ar dtrághadh

mar do ríogh sinn an saoirfhear;

níor lia bó is lacht ga líonadh

sa ló ar ríoghadh Art Aoinfhear.


22 Bláth gach tíre ’n-a thoradh,

gnáth díle mar a dubhadh,

gach fiodh cnó mbán ag bloghadh,

gach domhan lán bó is brughadh.


23 Gach coill mhín choimhthe chomhlán,

toirthe ’n-a thír ga dtuilshníomh,

tonna an chalaidh ar comhshnámh

lomnán maghair is muirmhíol.


24 Maighre geal solas Sionna

dar lean gach sonas sunna;

do shaoirchleith mhín Deirg Droma

tonna i dtír do theilg tunna.


25 Fíon garg go tonnDruim Tuama

nach tard d’Ua Dhomhnuill daonna;

tonna an chuain ag cur fíona,

go bun Síodha fhuair Aodha.


26 Clann Dálaigh, Domhnuill Teamhrach

tárraid go tonnDruim Dairbhreach

fir do chloinn líonmhair Lughdhach,

coill ubhlach, míonghloin mhaighreach.


27 Mear toghdha glór na ngiolla

colbha na slógh sleagh ’s leanna,

sona a gcnuic chasa chorra,

donna a mbruit, glasa a ngleanna.


28 Géill ba thuaidh ’n-a n-idh uain-ne

gach ré n-uair na fir fúin-ne,

ní bhí uann cáin dá chéile,

dual Éire dháibh is dúin-ne.


29 Seacht ndaighfhir díbh a-dearaim

rígh ’n-a n-aighidh ní fhaghaim

ar son na seacht ríogh romhainn

síol gConaill ag teacht tharainn.


30 Brian, dá Aodh, Niall cas Caille,

Niall na bhFras fa caomh gcloinne,

tug geall do Chonall Cime

Colam Cille ar gceann coinne.


31 Ó Domhnaill shaoir ó Shionnainn,

a mhaoir ar dhonnDruim Dabhaill;

do fhóir geiléan caomh Coruinn

ceinéal gConuill saor Sabhaill.


32 Nós ríogh Eamhna gur éirigh

a ghníomh go feardha fáilidh

nochar dhéanta ’n-a nduanaibh

sluaghaidh náid éachta d’áirimh.


33 Gidh áluinn rabh laogh lachta

nó damh caomh nocha chreapfa;

abaigh bláth na gcnó gcorcra;

tráth molta dhó badh dheachta.


34 Ó Duib-dhíorma an tarbh tuilmhear

do mharbh an ríoghdha rinngheal;

ní cuirthe i ndán go ndearnadh

eangnamh ná dál nach dingneadh.


35 Tug teach Fordroma fíonduinn

gan ardlonga gan ógluing;

do mharbh Ó Maoil aird Fhábhuill,

’s do airg Máluinn gcaoin gcnódhuinn.


36 Do ionnsaigh fear saor Sligigh

Aodh gur lean as a leabaidh;

fa ruathar suairc cruaidh cagaidh

cuairt chladaigh uair an Eabair.


37 Rug beo - is doiligh fa dheireadh -

Mág Uidhir leo gur leanadh;

lom gach teach as a dtabhar

go caladh creach long leabhar.


38 Goill go mín ó a chéim chagaidh,

a ngéill ’gun rígh ’n-a ribibh;

do fhromh deabhaidh an dreagain

tor eagair sleamhain Sligigh.


39 Ruaig ’s a rionnlán áigh uirre

d’iomrádh nochan áil linne;

do ba ruadh colg ón choinne

do-roinne im bhord bhfuar bhFinne.


40 Ruaig gharg an leomhain loinnmhir

go hArd Eoghain do fholmhuigh;

do-chuaidh dá breith a Boirnibh

le coinnlibh creich gcruaidh gcodhnaigh.


41 Gé rug bú iomdha uain-ne

a dhiomdha níor dhú dhúin-ne

- is é linn táith ar dtíre -

i ríghe cinn bhláith Bhúille.


42 Is cáineadh dháibh dá ndearnuinn

áireamh a áigh shaorloinn;

gan srian re hágh ní fhuilngim,

ní thuirmhim trian dál Domhnaill.


43 Mac Domhnaill Domhnaigh Cobha

nochar odhraigh a fhola

ag Brian do bhí ’n-a thogha

rí an bhrogha riamh a rogha. Rogha.