firstLine"; ?>

1647. Roinn leithe air anbhuain Eireann $
Length: very long 59 qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. RIA 5 (23/D/4) 17th c. Munster
  3. NLS Adv. 72/1/44 17th cent.
  4. Mayn. B 8 Heinri O Carraic 1701-8
  5. RIA 1366 (d) (23/O/57) 18th cent.
Motifs:
  1. envoi to spouse (?or mother) Mairgreg
  2. praise of appearance
  3. moral qualities of woman patron
  4. mercenary soldiers
  5. functions of kingship
  6. Hostages
  7. historical precedents
  8. allusion to Fiannaigheacht
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (RIA 2, 5)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Eoghan Og
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne [na dTuath, d. 1596?]
Apologue Subclasses:
  1. Cath Ruis na Riogh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Roinn leithe ar anbhuain Éireann

[RIA 2 (23/F/16), ‘O’Gara’, 47]

Ó hEoghusa .i. Eochaidh cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Roinn leithe air anbhúain Éireann

do réir cuimhne a gcathréimend

ni leathroinn fa Bhanbha mBreagh

tarla idir mercloinn Mhíledh.

2 Da droing a-tá re tréimsi

ós cionn an chláir Fheidhlim-si

fa mhúr ngéiggheal bfhonnbhláith bFháil

rér comhgnáth eigean d’fhagháil.

3 A-ta ríamh air gach ndruincc díbh

bíaidh go brách beac da himshniomh

crioch Fhloinn na [n-u](bhfí)arsrath n-úaine

roinn d’úalach a hanbhúaine.

4 A-táid ríamh o ré an céidfhir

lán d’anbhúain is d’fhoireigin

o fhairbhríogh adhbha Logha

airdrigh Banbha a buannadha.

5 Inis Chuinn na gcoll n-úaine

da righ is rann anbhúaine

coimhdhe a smachta crú[dh] a cceasd

a falta (?) a tnút do thoirmeascc.

6 Beith d’Éirinn na n-íath solus

fáoi gan fhíoch gan fholtanas

gan cliathaigh gan chor ccatha

bladh d’fhiachaibh a hardfhlatha.

7 A-tá d’iomat a heigin

Banbha Bríain meic Cinneidigh

nach gníomh roréidh da righaibh

díon an oiléin eissiodhaigh.

8 Gidh edh is íad a buanna

re hucht éigne is anbhúana

críoch bhúadhach na mbuinne tte

as truime úalach impe.

9 Minic dhóirtid crú a ccathaibh

fan ccrich-[s]e Cuinn Céadchathaigh

drong rendfhaobhrach nár ríadh treas

gearrsháoghlach ríamh a réimeas.

10 Cuctha curthar cúis omhain

dígann gach[a] docamhail

dóibh is cóir céadrinn theannta

on fhóir ghéigshlim Gaoidh[e]alta.

11 Trithe thuitid a n-úrmhór

síad fhóireas air eachtrannslogh

crioch Bhreagh na srólpobal slim

’s ar mhórcogadh fhear nÉrionn.

12 Ag díon Banbha ni bhiú ris

mo iná leith o lucht flaithis

do shíor[sh]luaghaibh uilc re hedh

air righbuannaibh ghuirt Gaoidhil.

13 Re linn Cuinn os cionn Banbha [48]

fa mór ccath da comhardha

ro-rad s(h)áorChumhal slios seang

fa lios ráoncumhann Ráoidhleann.

14 Ni bfhúar Chormac mór mac Airt

ní fhúair Art na n-éucht ordairc

gleó nach bfhúaradar fían Fhinn

fa fhíadh bfhúarabaidh bFheidhlim.

15 Fa Fhionntraigh na n-inbear tte

ar Magh Léana la eile

ga líon eantachair dob f[h]earr

ag díon réaltachaidh Ráoileann.

16 Gach baogal gach bás do rinn

da bfuairséd fa fhíadh bFheilim

crioch na n-eas ngéigfhillte ngeal

beas dob egcinte á n-aireamh.

17 Cluithe 7 gáire a ngábhadh

a n-anbhúain a n-imbadhadh

san ccrích cuirr shédbhúadhaigh sin

do céadbuannuibh fhuinn Eimhir.

18 Re hainbhúain re hucht gcogaidh

ni guth dóibh nach dearnada[i]r

leath a ndé(a)ninn síol Suibhne

ag díon Éirionn iathghuirme.

19 Dream as mó fhuilngheas d’olcuibh

dream as gnáth a ngúasachtaibh

dream as diombuaine o char gcath

fa magh linnúaine Lu(i)ghach.

20 Gach cogadh gach cúis dimmbaigh

gach anbhúain gach eigeanndáil

gach deabhaidh nach seasaid sin

’na ndeagaidh greasaid Gáoidhil.

21 Clann tShuibhne fen gidh íad ann

nír fhóbair go madh ionann

slogh dearccorr na ngeibhend nglan

le lethtrom Ereann d’iomchar.

22 Ar Eogan Óg mac Suibhne

c[u]r(a)thar le cath Modairne

earr is díghend gach deacra

dream na sítheang súaitheanta.

23 Ris theag[h]mus tús a ngábaidh

air chuirid crú riDáluigh

cuire lonn o bhreacshrath Breag

trom a ndeacrach fa dheairedh.

24 Ni thicc úathbhas nó anbhúain

gábadh nó gúais eachtrannslúaigh

nach dírighthear ’na ndáil soin

le righbeithribh chlair cCongail.

25 Mac Suibhne srainedh tachair

ni réidh f[h]úair o Ulltachaibh

ar bhoing d’anbhúain is d’amhsibh

don chloinn crannruaidh Conaill-sin.

26 Úain codail ni chaith Eogan

da gcaitheadh ní choideoladh

gan ró díbfeirge a ndhál cath

do cládh fhírfheirge U(a)lltach.

27 Minic fúair iomláoid álaidh

ag cosnamh chrú rioghDhálaigh

fa dhórus bfhrithir bfedhma

crithir sholas sheinEamhno.

28 Minic iomcras feidhm catha

ar impidhe a ardflatho

diúltaid fían Eamhna uile

a ngrían bearna báoghlaighe.

29 Cú Chulainn an crotha ghloin

fa cend meic F[h]achtna Fhathaig[h]

do-roighne mur do-ní [a]-niogh

ní fa coimhdhe don chuigeadh.

30 Téid Conchubhar cían o shin

feacht n-áon le huathadh sluaghaidh

air Cairbhre neartmhar Nía Fear

go ria go lechtmhagh Laigean.

31 Do-rindedh leó leath ar leth

fir Uladh ogbaidh Laighneach

do diotha fa Ró(i)s na Riogh

a los fhíocha an da airdrigh.

32 Sul tairnic d’ógbaidh Uladh

cruinnughadh um Chonchubhar

do mheabaig[h] mur nar moigh ríamh

ré bfhedhain ngloin Gailían.

33 “Ar th’íonchaib[h] cuirim an cath

a Chonaill na gcleas mbháoglach

ar ceann sídh míonmhúir Macha

“dighbhúidh dinn ar ndeacra.”

34 “As urcra d’fhilleadh ar gcúl

cath” air Conall “do chláochlú

d’eis a mbí a mbearna do bhoing

a rí Eamhna ní fháomhaim.”

35 Briathra an riogh do rún toile

“tuc láimh linn a Láoghaire

freagair sunna seas an cath

a(i) threas urra na nUlltach.”

36 “As túairgain darach [do] dhórn(adh)”

ar Láogaire “a fhlaith Modhorn

na Laigh[i]n(igh) a gcath do chlódh

rath at h’a[ig](t)hidh ar n-iompódh.”

37 “Díon an catha cuirim ort

a Eogain mhóir mic Dúrrtacht

th’aire rinn” a[r] rí Uladh

“ód-chí sinn dar sarúghadh.”

38 “Ni geabh-sa ní gabhtha dhamh [49]

an feidhm-sin úait” ar Eogan

“as snámh easa ’na aghaidh

cladh an treasa a ttárlabhair.”

39 Ga ttám do a ttrath an tachair

nir gabh éinfhear d’Ultachaibh

gér l(e)ór fraochmhaire na bfhear

le clódh Láocraidhe Laighean.

40 “Gabh ar do chomairce an cath

don chur-sa” air airdri(gh) Ulltach

“a dhaltán a Chú na gcleas

ar ttachrádh ós tú thuigeas.”

41 “Fáomhaim freastul an chatha

coisgfid díot a deacracha

a phuba” ar Cú na ceardcha

“cuige a-n(i)ú a níam(h) náoidheanta.”

42 Líona[i]s do lasair nimhe

iomthús oigre Deitchine

do fhill air Laighnibh lonna

go rinn ainghidh onchonna.

43 A-tá ón lo-sin a leith

go ló an bráith bíaidh ar chuimhne

ar tháith [leg. thaoth?] fhan mbendmhagh-sin mBreagh

do mhergasraidh láoch Laigean.

44 Minic fhúasglas amhlaid sin

mac Suibhe da s(h)lecht fiodhbaidh

ta[i]rneamh fhíocsluaigh Teamhra an Trír

a fhircrúaidh fedhma a airdrigh.

45 Gach féidhm nach bfháomhaid Ulaidh

gach cath gach cúis do(a)camhail

gus leomain cáor gan (?) ccrithir

a ttáobh [E]ogain fuicfidhir.

46 Ní nair le hénmac [d’]Ult[aib]h

a rinn ngliadh no a nguasachtaibh

feithimh a ndeacra a ndún cloch

teachta ar a chúl da gcu(i)mhdac[h].

47 Ní bhí báogal a mbia goimh

o Eas Rúaidh go Ráth Cruachain

damh ré ó iathmhagh na nArt

nach é iarrthar da fhurtacht.

48 Ionann fheit[h]eas amhlaidh sin

o Sruth [leg. Shrubh?] Broin go brúach Sligig

is on Dealgain tiormcáoin te

go Leargain (?) finncháoil uisge.

49 A-tá ar cumas Eogain Óig

síol Cuinn ’sa clos a n-urchóid

a síth do cur o chéle

no a sgur d’fhích is d’aimhreidhe.

50 A bfhear cogaidh a ccend sídh

a ttuir chatha a cosg fairbhrigh

a ngarrdha cáomhanta a gcath

aondalta anma Úlltach.

51 Sgáoileadh a ngíall a ngabhail

a n-aimhríar a n-ionggabhail

díon a roighnead[h] a rinn áigh

toirneamh a ttinn a ttógbhail.

52 Doras báis bearna báogail

slios fa s(h)reathaid iolfhaobhair

éigne ón bhailbhFheóir thonnbáin te

táighleoir urlair na heigne.

53 Tuir nach beantar da bhonnaibh

glór da ccreidid Conallaigh

troigh mhe[i](a)rshlim is malla a gcath

énrinn ágha na n-Ulltach.

54 Mac Mairgreg muir gan fhoras

beithir lonn lán d’foltanas

uille re fonn bfhadglas bFhlainn

tonn le ttangus tar thórainn. Roinn...

55 Inghin Cuinn nar char lochta

dáilfi[o]t deiredh m’adhmholta

da cáomhmalaigh mur cráoibh phinn

da sáoraghaid[h] cáoimh cruthslim.

56 Ní dearmet an déd barrslim

no an glór féta focailbhinn

no an sdím ccorramhlaigh chuil cais

no an súil mongabhraig[h] mallglais.

57 No an t-eineach nar íarr aslach

no an ghrúaidh air ghné ndonnlasrach

nó an roscc dealbh(a)dha suaimhneach sáor

on luaimhneach meanma macáomh.

58 Ní mholfuinn í gan f[h]achain

andamh éinbean d’Ultachaibh

bas corcra nar coinnaimh séd

a gcomar molta is Mairghreag.

59 Cnú óir is uaisli crobhaing

móradh ban shíol tsháorConaill

fuath bannala comhdha cean

bannamha foghla(dh) is airgnedh. Roinn...