firstLine"; ?>

165. Adhbhar beadhga bas deisi $
Length: long 40qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA no 5 (23/D/4) 17th c. Munster
Prints:
  1. transl. Misc. Celt. Soc. , pp. 370-83
Motifs:
  1. envoi to Christ
  2. qualities of patron’s character
  3. Function of poetry
  4. naval warfare
  5. Ireland’s woes the fruit of God’s anger
  6. Landscape withering on ruler’s death
  7. general grief
  8. poet’s mourning
  9. allusions to Ruaraiocht
  10. Classical allusion
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh (RIA 5)
Poet Surnames:
  1. O Futhail
Patron Christian Names:
  1. Conchobhar & Conchubhar Og
Patron Surnames:
  1. O hEidirsceoil c. 1619
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Adhbhar beadhghtha bás deise


[Text below from RIA 5 (23/D/ 4), p. 190-6; published with translation in: J. O’Donovan, Miscellany of the Celtic Society (1849), 370-83]


Donchadh O Futhuil cecinit


[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Adhbhar beadhghtha bás deisi

sgeal so is crádh lem chroidhe-si

fa guirt bás gach duine dhíobh

da ruire fár fhás mh’imshniomh.


2 An mac mar-aon ’sa[n] t-athair

d’imtheacht uaim le hanachain

a-táid re seal dar snoighe

an sean ’sa[n] t-óg eagnoidhe.


3 Bás an mhic ge doiligh damh

mo ar sníomh tré éag an athar

do mhear a sgís re seal sinn

gach fear don dís a-deirim.


4 Ní hiongnadh me a riocht rolag

ar aoi ar ndeisi dearbhcharad

marbhadh mo dhuine no dhó

don chruinne is adhbhar iarghnó.


5 Tógbhuid leó loingeas tar lear

dá airsig innsi Gaoidheal

gur lingsiod da ttoil tar toinn

o shoin nír fhillsiod oroinn.


6 Gníomh fhollas fáth na heachtra [191]

far ciorrbhadh mo chuideachta

cúis leonta a long le teine

fonn na hEorpa d’foiridhin.


7 Táinig leo a los a soibheart

cosnamh clú don Criosduigheacht

laoich uaisle do cha(i)ll ro-m chraidh

le barr uaisle le hanáir.


8 Sgéal fíor nach fuairsiod masla

ar tír na ar tuinn chodarsna

no gur leag donas an dís

nar bheag sonas re seirbhís.


9 Ní chuala ag fáidh na ag fisidh

samhuil don bheirt bhuighnei-si[n]

ar ghréas fhíorghlan ar meinn mir

ar cheill ar ghíomhradh gaisgidh.


10 Conall Cearnach Cú an chleasruidh

ní rug an días deghfhear-soin

laoich armnochta eang nUludh

geall calmachta o Chonchubhur.


11 Ní rug Samson mear morgach

ní rug Oscur anghlonnach

dream fán doilge mo thuirsi

geall mo choingre cumuinn-si.


12 Pliuchrus nar bheag n-anma [192]

Foirtiobras fear baramhla

ar luas a n-ádh no a n-éigin

no ar chruas lámh da leithéidibh.


13 Ní riacht sean na óg amhra

feadh na cruinne cathardha

sgéal fior as crádh lem chroidhe

tar gniomh lámh na laochraidhe.


14 Ge mór n-iath nach aithnidh dhamh

’nar chuir cuairt Conall Gulban

do chuartaibh tar cró nUludh

mó do chuartaig Conchobhur.


15 Ní dheachaidh Hector féin féin

na Aicilés a n-aeinchéim

ní huair chlaochláidh don chumaidh

tar fhraochláimh chruaidh Conchubhair.


16 Tar ceann a bhfríth d’áitheas áidh

le Fear Diag deaghmhac Damháin

ursa chatha crú Lughaidh

ní racha os clú Conchubhair.


17 Nír ghlioca Fionn fáidh cuimhneach

no Cató mhar chomhairleach

gnúis catha cruaidh na ccuradh

uair catha na Conchubhar.


18 Do cuirsead fós lámh tar láimh [193]

clú a bhfeadhma ar fhud an domhnáin

ar ghniomh na ngaisgeadhach ngrinn

na ngriomh n-aisdireach n-inghill.


19 Fríth le Saxaibh leath ar leath

fríth le Fraing na bhfód ttoirtheach

laoich armnochta treoin a ttroid

sgeoil a calmochta [a] ccomhroig.


20 Molaid úird na n-eang Spáinneach

sa[n] t-impre árd Almainneach

fíorbhun ar bhfóirne ar bfeisdeoir

gníomhradh oighre í Eidirsgeoil.


21 Éag na grímhe nar ghriomh tais

maith chaoinid laochraidh Flóndrais

bheith gach laoi do laghdaigh sinn

da chaoi a nAlbain ’sa nEirinn.


22 Maoidhig tir an Turcaigh fein

suaimhneas acu ar n-éag coirnéil

luighios go lá ’na codladh

grá Muiris gan muslagadh.


23 Bás coirnéil óig ’sa athar

is fearg Dé do dheonachadh

cruaidh le hEirinn a n-easbaidh

bhuain chreidhim a gcuimeasgair.


24 Tuitim choghnaidh cláir Lughaidh [194]

mór bfear da(a)na fáth dhocamhail

cian bhus cás cumhadh um chionn

bás na ccuradh dar chreidsiom.


25 A gcluin me d’iomrádh orra

lór do sheanmóir shaoghalta

nir bhean beadhgadh roimhe rinn

as treadhgadh croidhe a ccluinim.


26 Ní fhuil fan marcshluagh (ccalma) meardha

do ghad maoith a mórmheanma

fear nach cáointeach da ccumhadh

na bean fhaoilteach d’iarMhumhan.


27 Do dhorchaidh briocht nél nimhe

sreathaid soighnéin teinntighe

ní faicthear crann lubtha ós linn

óm chúpla thall do thuitim.


28 A-táid tragha a-taid tonna

a-tá re agus réaltonna

a mbrón fa cheas na ccuradh

is glór eas ag árdughadh.


29 Do-ní an talamh ’sa[n] teine

do-ní an éanlaith ainglidhe

le héigean le teas tuirsi

cúis fám chéidfhear cumuin[n]-si.


30 Tig diobh dúile balbha [195]

do chaoi go hárd osgardha

ní daoire dún da deinimh

caoine na ndúl ndíthcheillig.


31 Ní áirmhim iath na oireacht

ní fhuil cúil don Críosduigheacht

do bhríogh a mbás na ccuradh

nár líon cás na cConchubhar.


32 Do las tuirsi o eing go heing

a ndiaigh na ccuradh chaoinim

ar sgothaibh Eorpa uile

fochuin leonta laochruidhe


33 Iomdha laoch da lucht feithmhe

iomdha banntracht buaidheirthe

iomdha sgol cnaoite ó chomhaidh

ar son claoite Conchubhair.


34 Mór do sheanGallaibh féin féin

tarla a mbrón nach brón soirbhréig

do-nia(i)d fionnGhaoidhil faoi sin

caoi ’s ní hionmhaoidhimh ortha[ibh].


35 Ní mór gur maoite damh-sa

méd mh’orchra ar an adhbhar-sa

fuairsiod le chéile a ccrádh leam

Éire mar tám ’na ttimcheall.


36 Bí[odh] go bhfuarus fáth tuirsi [196]

riompa is damhna doghuilsi

cruaidhe [io]na gach cás oile

bás cuaine na Carrthuighe.


37 Fiu mh’ollamhnacht om aos gráidh

fiú ar ndúthchus riú ’s ar róbháidh

’s as fiú an dís tar chách ro-m char

do ghnáth re sgís nach sgarabh.


38 Dlighid éigsi is uird ceinil

dlús caoi um oighri Eibhilín

gríomh comhdhalach craobhshlat dhil

saormhac fagh[bhá]lach Finghin.


39 Fada on laochráidh a lucht grá[i]dh(a)

cían ó úir insi Harcáin

fáth tromcomhadh a táid soin

Conbhubhar óg is [a] athair.


40 Iomdha oram adhbhar nuaidhe

a úain Dé is fáth anbhuaine

anuig inn ar mo dhamhnadh

glanaidh sinn ó ar seanadhbhar. Adhbhar beadgtha bás...