firstLine"; ?>

1651. Roinnfead cach re cleir Banbha $
Length: long 35qq
Certainty: 3
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540 (C/iv/1) 17th c. O Maolchonaire
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patron
  3. praise of appearance
  4. qualities of character
  5. nobility of ancestry
  6. poet as patron’s lover
  7. immunity of poets in wartime? q.23
  8. Patron’s generosity to poets
  9. prowess in war
  10. English conquest of Ireland
Poet Christian Names:
  1. Muiris mac Briain Oig (RIA540)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. Feidhlim mac Emuinn mhic Emuinn
Patron Surnames:
  1. MacDubhghaill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Roinnfead cách re cléir Banbha

[RIA 540 (C/iv/1), 174r]

Muiris mhac Bríain Óig I MháolChonaire

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Roinnfiod cách ré cléir Banbha

do réir iuil ar n-ealadhna

do-dhén roinn cháigh go cennsa

ré dáimh f[h]uinn na hEirend-sa.

2 Áoinnech dar n-éicsibh a-nall

ní raibhe a ré na saorchlann

an ghléire gan díoghuin díobh

gan ceile d’f[h]íonfhuil áirdríogh.

3 Rugus do roghuin amhluidh

d’aithris ar na hollamhnuibh

an fhlaith gan chora ’na chenn

do sgaith fhola na hÉirenn.

4 Do chuid ronna do roghuin

a ccóigedh chlann cConchobhuir

d’fóir Gháoidheal ná senam soin

gebham aoinfher mur urroidh.

5 Aoinfher a-mháin do chrú Cuinn

leigid damh-sa a ccruth cumuinn

leigfiod dóibh Gáoidheal is Gall

do dhóigh as áoinfher agam.

6 Nách lor dhamh-sa clanna Cuinn

acht úathadh dár n-áos cumuinn

do thréigion ar dhuine dhil

’s a leigion uile dh’eicsibh.

7 Is é tar chách mo chuid croinn

Feilim dáoinech Mac Dubhgoill

m’fer cumuinn mo chridhe dil

bile fuloing dár bflaithibh.

8 Mar roghuin rugador soin

fer dá ttugus serc suthoin

an dámh gé deghaithne dóibh

ní dál meraighte medhóil.

9 Ni ler dhóibh aoinneach oile

an chliar eolach egnuidhe

acht an seisi ’gá ttá ar ttoil

’s meisi rém lá ’na lenmhuin.

10 Tré imtiocht Gáoidhiol guirt Fhloinn

eigin d’eicsibh chláir Chriomhtoinn

geg d’fine chaomhfuile Chuinn

luidhe ar aonduine aguinn.

11 A ccaomhna ós d’f[h]íachuibh an fhir

éisci Fódla fáth imnidh

decoir dul on ghealchas grinn

a shenchus go a bhun beirim.

12 Bía[idh] misi féin mur gach fer

ar úa Emuinn dom áiremh

féinnidh fionnbhras go ngné ngil

os é as ionnmhas dár n-éicsibh.

13 Dual don laoch-sa nách beg bladh

riar cleire 7 cosg biodhbadh

an ghég nemhlag as ferr fos

nár mheall dermad ón dúthcos.

14 Fer iomchuir gach ualoigh thruim

oidhre Emuinn Meic Dubhguill

do nós a shen ríamh roimhe

do len an fíal foltbhuidhe.

15 Decuir lenmhuin a luirg so

fíonfhuil Néill is crú Colla

an dá aicme o Bhanbha Bhregh

maicne chalma nár cáinedh.

16 Do f[h]othruig(edh) ’na bfoluibh sin

mac Emuinn oidhre an einigh

aignedh mer gan bheim mbloidhe

do len réim na rioghroidhe.

17 Ríomh na rioghruidhe roimhe

do ghabh oilen Úghoine

a mbronnadh a nglór ’s a ngoil

as mór d’ollomh mur oboir.

18 Da n-airmhinn cert an churoidh

ar chrích chloinne Concubhoir

robadh iomdha inar láoidh linn

diomdha da tháoibh do thuillfinn.

19 Leigfiod dóibh cidh doilig[h] linn [174v]

an aicme-si ór fhás Feilim

orra ríamh giodh eólach inn

treórach an fhían i nEirinn.

20 Eigin lenmhuin a luirg soin

aicme Cholla is Neill nertmhuir

dá lecoin ar lí na sugh

cé ní decuir ré a dhenumh.

21 Cé dhiobh budh dóigh i ndeabhoidh

súas dá ghlúinibh geinealoigh

drong fár lía coinghleic is crech

nó cía narbh oirrdeirc einech.

22 Do réir a shen as [s]é a shuim

dá measdaoi mac Mic Dubhguill

as díol tírre bengán Bregh

leannan fíre na bfiledh.

23 Gabhail réna thaobh i ttres

dá lucht eoluis as oirches

féinnidh fráochdha a n-úair fhoghla

an sdúaidh laochda lanchalma.

24 Mín ré mnáibh cendsa ré cléir

mac Emuinn aigniodh glanréidh

ní lér a-nú aoinbheim air

clú a sáoirNeill as suthoin.s

25 Ní chluinim aon dhiomdhach dhe

an mac rathmur-sa Roisi

serc na cclíar cara na mbocht

grian ar n-ana ’s ar n-ansacht.

26 Firinne feile 7 fos

anóir gáois 7 gliocas

grúaidh ghlan gan chréidhim gan choir

do char Féilim go fortuil.

27 Ní leigionn dlighedh Dé dhe

ughdur é i n-iúl na heicse

gég cumhra gan tráigh ttoruidh

nách ail umhla acht d’ollamhuin.

28 Cuid do thiodhlaigthibh Dé dho

búaidh ndealbha ceille is crotho

búaidh ngaisgidh gan dermud damh

nemhlag n-aistir an t-ughdar.

29 Iomdha féinnidh bhios ’na bhrugh

iomdha fileadh is feallsumh

’s ben fhial gan áontoil do ghuth

nár aontoigh triall ón teghluch.

30 Serc na cclíar cenn na ccuradh

fer na mbocht do bhethughadh

dos díona don daimh amhluidh

’s ar dháil fhíona d’ollamhnuibh.

31 Uaithne fuloing gach fedhma

rélta eóil na laoch loinnerrdha

aire fíal ar fedh mbronnuidh

dá ngeal grían ós gaothonnuibh.

32 Úa Emuinn is Mháoil Mhórdha

láoch trén an airm fhorórdha

teas a ghráidh mur ghrís um cheann

ré dáimh a-rís ní roinnfem. Roinnfiod...

33 Fúair se mar gach sén oile

céile taobhglan toghuidhe

nár thuill goradh dá grúaidh ghil

cá moladh nách (bf)uair idir.

34 Fuair Anusdás d’iul na sgol

geall féili cá ferr moladh

cráobh do phór Gháoidhiol is Ghall

lón na n-aoidhed gach enam.

35 Nir thuill sí da seisi guth

o áoinnech ní bfúair égnach

díon don chléir an craobh cumhra

ní lér d’áon a heasumhla. et Rel