firstLine"; ?>

1652. Roinnfead m’eigse re hArt Og $
Length: short 10qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 1076(24/P/33) L.Cl. Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no. xxxiv
Motifs:
  1. poet absent from patron’s court ?
  2. imagery for patron
  3. qualities of patron’s character
  4. intellectual achievements of patron
  5. poet as patron’s spouse or lover
  6. functions of poetry
Patron Christian Names:
  1. Art Og mac Seaain
Patron Surnames:
  1. O Neill Buidhe d. 1677
Poem:

Poem in printable PDF format

Roinnfead m’éigse re hArt Óg


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 34]


1 Roinnfiod m’éigsi re hArt Óg,

ní nach fholáir don fhioród,

toradh slatchoille ó Néill náir,

réir ar n-acfuinne d’fhagháil.


2 Spás aimsire iarruim air

go tilleadh dhamh óm dhúthaigh,

’s go dtí dhínn déinimh duaine

do ghríbh chéimmir Chraobhruaidhe.


3 Leithsgél agum re a aghaidh

aithne Airt ar ealadhain,

an saoirfher go bhfeidhm bhfromhtha,

’s ar dheilbh laoidheadh locartha.


4 Madh im beo ’s mo bheith re dán

díolfad re hArt a fhuarán

do laoidh fhúair re gaibhnecht ghloin

’s a huaim re haidhmbert n-ughdoir.


5 Gealluim fós da ghruaidh ghairthe,

dá n-aghum uain saothraighthe

go bhfuighe ar nAirtne duain di

an uair as aibche m’éigsi.


6 Buain do chroinic Chloinne Néill

as ualach d’ollamh eiséin;

breith einge a ríogh go roile

gníomh dar leinne as líonmhuire.


7 Féile egna uaisle Airt,

saoilim, gidh líomhtha ar labhairt,

nach bia im nert uile a n-áireamh,

tearc go bhfuighe a bhfriotháileamh.


8 Cruithneacht fhíorghlan fhola Néill,

ua na mBrían nar thuill toibhéim,

eo Line, maighre Mena,

cridhe as aidhbhle aisgeadha.


9 Do fhás Art Óg mur a fhuil,

glan pór ón ithir uasuil,

mac Áine agus a athar,

slat as áilne aipcheachadh.


10 Tar chrois éiges gcríche Cuinn

mac Seaáin isé thoghuim;

ní ghébh do chrú Chréidhe cead,

mo chéile ní rú roinnfead.