firstLine"; ?>

1654. Rug cabhair ar Chlar mBanbha $
Length: middling 23 qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. BL Egerton 111 F. OScannail trscr. RIA 2
Prints:
  1. Extract in O’Grady & Flower, Cat.i, 484-5
Motifs:
  1. envoi to spouse: ingh. Enri
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. poet’s blessing
  4. English conquest of Ireland
  5. imagery for kingship (buacholl)
  6. territory as ruler’s spouse
  7. Fertility of land under true ruler
  8. use of place-names for ornament
  9. Sea-voyage
  10. forbidden love
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mac Airt
Patron Surnames:
  1. O Neill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Rug cabhair ar chlár mBanbha

[RIA 2 (23/F/16), ‘O’Gara’, 68]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Rucc cabhair ar chlár mBanbha

d’imdhidean a athardha

cneas seangbhán as sáoi i ndeabaigh

’s mearghradh do mnáoi Mhuireadhaig.

2 A-tá sí re seal éiccin

críoch Bhríain Mhóir mic Cinneidigh

gan fear a cabhra da cloinn

san mBanbha ar eadh a hiomruill.

3 A-nois tainic a tríath fé(a)in

d’furthacht Banbha bean ríNéill

mac rígh dána goire an gort

do brígh toile da tochmarc.

4 Fa a tríat fé(a)in do theacht ar thuinn

a-nocht as faoillidh Freamhuinn

ní tuirrseach fan ccás do-chluin

Nás no Uisneach no Eamain.

5 Mac oirbeartach Airt Uí Néill

cabur Fhod(h)la an fhuinn mhínréidh

géag abhla do chúaine Cuinn

aire Banbha ’sa búachaill.

6 Ní fhuil od theacht go Teamhraigh

as tuiccthi tra a Toirdhealbaigh

san ccrích mbáintigh mbúidh ni chel

úir nár fháiltigh nó aiear.

7 Do fhailtigh reat theacht a-túaidh

Oileach Eamhain is cCráoiph Ruaidh

bean Tuatail ’sa tromghrádh ort

’s acc orlár Chrúachain Chonnocht.

8 A-ta Colt is Caisiol Cuirc

an úair-si ar tí do thochmhairc

as mithidh leó luidhe libh

gan ceo ccridhe réd(h) chaidribh.

9 An toil rúin do-radadh dhuit

o leannán Cuinn is Cormaic

as toil mhná o chroidhe do chinn

ta ’na oire ar a hinntinn.

10 Bheith ag gach glún dot ghlúnaibh

ni col don mnáoi miorúnaigh

iomdha a-nos uaisle nac ail

an úair-si mur los leandáin.

11 Thusa fós a fear fíre

do reir iúil gach éinlíne

ta ’na ceangal céime ort

lér gealladh Éire d’f[h]urtocht.

12 Tuicc go bhfuil d’f[h]íachaibh oraibh

a caphur mur chúalophair

a ghéag chúlcas as cuing dhuit

o duthchas Cuinn is Cormaic.

13 A mic Airt a úa na ríogh

ar ccúl do-chaidh gach gairphshion

ar do theacht a thríath Doire

a-nocht go hiath nUghoine.

14 Taisccthear ’na ní iongnadh d’fhior

cuacha do ghairm san geimhreadh

ceall is tuath ac labhra liph

damhna [na] ccúach do chluinsin.

15 Do íslidh anfa na ttonn

an ghrían do las ’na lochrann

dhuit do las rélta os reandaibh

a bhas sheanta shoineamhail.

16 An chóill do mhéadaidh a meas

an talamh tucc a thoirrcheas

a-táid ’got fhogra fuinn is dinns

a bFhod(h)la Chuinn ní cheilim.

17 A úa ríogh fhréimhe hEogain

aithbheodhad[h] áois n-eidtreoraidh

a-ta a-nos san mBanbha mbinn

a los h’anma fa Éirinn.

18 A-ta an t-áos gráidh ag guidhe libhs

a-ta an file ’sa[n] féinnidh

a-ta an úair-si tra ar gach táoibh

ar n-úaisle ar mná ’s ar macáoimh.

19 Na gabh a chnú mo chroidhe

cumha óir no eachraidhe

do chéim féin no go bfhagha

do réir Néill a-nallana.

20 Cuirim do chumairce ar Dhía

ar áonmac millis Maria

dot dhíon ar ghallfhoclaibh Gall

’s ar gníomh n-anfholtaidh n-eachtrann.

21 Barr ar uaisliph innsi Fáil

rugais a láoich Iomdháins

as tú as féile uainn d’fholaidh

búaidh gach f[h]reimhe rucabhair. Rucc...

22 A inghean Enri a grúaidh gheal

altaidh é leision Dúileamh

a sdúaid gleicceal go nghloine

gur tréiccedh uaibh h’eólchuire.

23 Bar n-imneadh cuiridh ar ccúl

tainic tús ar búr bfhortún

do frioth on feile oraibh

críoch do [fh]reimhe rucabhair. Rug ...