firstLine"; ?>

1656. Rug cobhair ar choir Ghaoidheal $
Length: long 38qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
Motifs:
  1. nobility of ancestry
  2. patron’s liberality to poets
  3. caithreim (of Jesus)
  4. English conquest of Ireland
  5. imprisonment (of patron)
  6. prophecies of Aodh Eanghach
  7. comparison of highkingship with homeland
  8. poetry offered to God & saint
  9. legal terminology (coir)
  10. historical precedent
Poet Christian Names:
  1. MacCon mac Concoigcriche (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Maghnais
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (d. 1600)
Apologue Subclasses:
  1. Tuathal Teachtmhar banishes Aitheachtuatha
  2. Colmcille: Synod of Druim Ceat
Meter Vars:
  1. deibhidhe
  2. RannBheag &
Poem:

Poem in printable PDF format

Rug cobhair ar chóir Gaoidheal

[NLI G 167, 156]

(see ‘A Poem Book of the O’Donnells’, Tomás Ó Cléirigh, Éigse 1 (1939) 51-61, 130-42; poem 45)

Mac Con (mac Con Coigcríche) Ó Cléirigh

[Rannaíocht Bheag, Dán Díreach down to qt 30; Deibhidhe thereafter? A separate poem?]


1 Rug cobhair ar chóir Gaoidheal

lór do chosnamh a ccánadh

mór an ní do fhóir aoinfhear

cóir Ghaoidheal do bhí a mbádhadh.

2 Fiadh Airt fa ainbhreith ndeóradh [157]

(a)riamh o aimsir mhac Milidh

buain di nir dhóigh acht d’aoinfhear

cóir Ghaoidheal is sí ar síneadh.

3 Leath Cuinn gan cóir ’na n-aghaidh

fa dhruing deoradh as doiligh

ni hí an chreach gan tóir Temhair

dlegha[i]r a leth d’f[h]óir Oiligh.

4 Iath Banbha ar bhruid da bfóiredh

oidhre Maghnais na maoidhemh

fine Cuirc fa dháimh ndeoradh

nair do leomhan ghuirt Gaoidheal.

5 Teid mar sin tar an senroinn

mar théid an mhuir meirbhlinns

nar gheall Conn diol Í Dhomhnaill

biodh gur chomhroinn fonn Feidhlim.

6 Súil re tréd fionnchraoi Oiligh

ni gheabha a n-iomlaoid d’f[h]earaibh

triath acht an tAodh rer fhuirigh

d’iath fuinidh ni thaobh Temhair.

7 Ge do bhaoi fa bhreith Danar

do ghabh le hAodh go humhal

biaidh ar Bhoinn ’na bharr faladh

madh anadh thall d’f[h]óir Uladh.

8 Si ar mbuain céille do chobhair

go bfuair a ceile cubhaidh

d’egla Gall ni reac roghain

mall go lobhair leac Lu(i)ghaidh

9 Nir fír tarbha f[h]uinn Oiligh

gan leanmhain luirg a chinidh

beg nach cóir do chlaon Temhair

dedhail d’Aodh re Boinn mbiligh

10 Sínidh ríu do réir toile

súil ar Eirinn ’ga fhine

do-bheir soin súil ar Dhoire

sa[n] tshúil eile ar mha[i]gh Midhe.

11 Ni bhéra cóir do Chuailgne

do Bhoinn gurb f[h]éidir éirghe

ben Chuinn ag éd far nAoidh(i)-ne

cred acht aoibh(i)nne f[h]uinn Éirne.

12 Beg an t-iongnamh d’f[h]iadh Fuinidh

go mbiadh d’iomdha ’na n-aghaidh

Eass Ruaidh mar rug do roghuin

s(a)oraidh da huaim tug Temhair.

13 Endamh ag diall re a damhraidh [158]

nach géabha on triall sa turbaidh

sé ar ccar a thoile i tTemhraigh

damh dealbaigh mhuighe Murbaigh.

14 Tolcha míne um iath nOiligh

da sírbhreith riamh mar roghain

fada a-tuaidh gan táth Temhair

Áth Senaidh uaidh fa fhalaidh.

15 Geall n-áille as cóir nach ccuirther

le clár Boinne da mbeirther

a fhir an chláir do charthoin

gabhthar libh laimh le Leithbhior.

16 Cnuic chaomha mhoighe Murbhaigh

ag fosdadh Aodha Eangaidh

o Mhúr Té ni ham d’anmhain

faghlaidh é thall ar Themhraigh

17 Cúig rígh fa Art dob éigen

nir ghabh gan cíos on chúigear

magh Eithne a-bháin do bregadh

na[i]r trégadh ceithre ccuigeadh.

18 Brath aice ar (a) ceile cubaidh

a haithne féin go bfoghair

ben Neill is í eider fhearaibh

benaidh sí ceill do chobhuir.

19 Sgél aosta ar athchor ndeóradh

don Aodh-sa as cosmail cceimeadh

gnath dóich a sgél do sgaoileadh

lén Gaoidheal do fhóir einfher.

20 D’eis fógra catha ar chniochtaibh

do ghasraid Thuathail Tectmhair

gan geall re trén ni tigther

sgél go litribh lem leantar.

21 Tuathal dob oidhre ar Fhiachaidh

luadhail na fóirne feachaidh

mór bfáidh ag fógra Tuathail

saith nuachair Fó[d]lla ar fhéachain.

22 Sé ar sgrios Aitheachtuath Eirenn

sliocht Danarthuath gan dionbhannr

lion gleo do ghabh aonfhonns

magh Freumhonn leo go líonann.

23 Fuair Tuathal tráth don mheisnigh (?)

fuaradh (?) le cách a cluinsin

báidh le Bóinn buing fan bfer-soin

do fhóir easb[h]aidh fhuinn Uisnigh.

24 Tuathal na ttachar bfrithir

d’fuagar Danar go ndeachaidh

doibh séin fa damhna dochair

gein shochair ádhbha Eachaidh.

25 Do ghabh Tuathal fád Fuinidh

dar fuagradh an dámh doiligh

do mhac Fiacha(idh) as séd samhail

géag tharaidh iatha Oiligh.

26 Sé ar bfuagra Danar ndorrdha

Tuathal na ttachar bferrdha

fógraidh Aodh fine Fomhra

craobh chomhdha tighe Temhra.

27 Brath nuachair ag iath Éanna

re Tuathal tiad a thaoma

ge a-tá an t-ainm riamh ’ga rádha

cára a ghairm ’na iath Aodha.

28 Sealbh meic F[h]iachaidh gan f[h]aire

ar léigthe ar iathmhuigh Eithne

treabh Thuathail a léim l(u)ighe

slighe nuachair reidh reimhe.

29 Gairm ’ga cur ar chath Murbhuidh

a brath ar ndul dot dhiomdaid[h]

fada is-tegh a-tá it mhenmain

lá i tTemhraigh Breagh ’gud bhiodhbhaidh.

30 Da mbeith gan adhbhar eile

acht Banbha ’gut fhreimh roimhe

ben Néill do dhruim a ndlighe

d’fine Cuinn as leim luighe.

[change of metre here]

31 Ar Choluim ni cuirthe a suim

fuasgladh geill do chrú Conuill

giall Laighneach do bhean a broid

is fer ainbhreath do fhuasluicc.

32 Aodh O Domhnuill os dó a-táim

sguirim do sgealaibh Sgannláin

mithidh festa a breith a broid

ni cnesta a beith ’na brághoid.

33 Deacra na réllann do ríomh

riomh míorbhal mh[e]ic an Airdriogh

cóir don ghabhail da ghaol féin

Aodh do chabhair ’na chaithréim.

34 Do bhen gabhail Aodha a n-ór

d’éiccsibh Eirenn da n-urmhór

nir mhór do Choluim a chur

ar n-ór oruinn re a fhuasgladh.

35 Fáth oile far thriall tar tuinn

mac Feilim fuair an doghruing

a crích Fó[d]lla nar ail lais

an dáimh d’f[h]ógra fa athais.

36 Nir mhó an eigen uair eile

dámha an fhuinn-si Úghoine

tárr as fóir a hachrann Aodh

a Chathbharr óir na n-ardnáomh.

37 Acc so uair admhála an ghaoil

a mh[e]ic Eithne an fhuilt óirchlaoin

ben ar ngiall a glasaibh Gall

a niamh mar lasair lóchrann.

38 Tabhair anál d’f[h]uil Chonuill

sgaoil trath an glas gnáthgobuing

ben a glas don Aodh Engach

do ghaol as ni hoirbhernach. Rucc...