Poem in printable PDF format
Rug cosnamh ar
chrích Midhe
[RIA 744 (A/v/2)
‘Dillon Duanaire’, 30a]
[Deibhidhe, Dán
Díreach]
1 Rug cosnamh ar
chrích Midhe
gíodh
cían í fá ainbhfine
críoch sgathghlas Dhá Thí threasaigh
sgarfas í ré a bilgheasaibh.
2 ’Ná tráth
táinic an chabhair
tar
muir n-atmhuir n-árdchladhaigh
an
bosghlan dá ttráigh thuile
do
chosnamh chláir Chonuire.
3 Coiseónaidh an
chríoch chearnach
triath Gailinne is
Goisdealbhach
bas
bheartamhra na ngníomh ngrod
ar
shniomh neartchalma [námhad?].
4 Tríath
Cuircneach nach crúaidh cridhe
coiseónaidh gort geilMhidhe
an
balbhúadh as bleacht oineach
is
ceart daghshlúagh Díolmaineach.
5 Tug leis a-le a
Lunnuinns
ceart
ar a thír thórunnuill
tríath go mbrígh áigh is anma
fá
láimh rígh gan fhreasabhra.
6 Iomdha fáilte a
ccrích Chonnacht
ré
tríath na n-arm n-iodhonnocht
’s ag
ríoghruidh imil fhóid Bhreagh
’s a
n-innibh na ccóig
ccóigeadh.
7 A-táid clíara
chláir Chonnla
’s
oirigh gacha healadhna
lán
d’fhorbfháoilte ré a fholt tiogh
a
ngort gormbhráointe Gaoidheal.
8 As mar sin tíre
is tonna
’s
gach ní eile eattorra
foirm
néull is trágh fá thoradh
is
glár éun dá fhíadhoghadh
9 A thoigheacht
slán tar sáile
dhúinne as damhna
lúthgháire
cráobh thromfháisghle fá ttil toil
ar
dTomais-ne dil Díolmhain.
10 Ré tríath na
mbruighean mbáinte
cuirim fiche fíorfháilte
cridhe nathardha ag sníomh sleagh
do
dhíon athardha a aithreadh.
11 As mé ollamh a
aicme [30b]
láoich bú truime tíodhlaicthe
íad
sin bú robhádhach roinn
fir
dob anárach oruinn.
12 Úa úirThiobóid
’s an íarla
árdfhlaith dénta deighríaghla
ar
ndín-ne ar ccédghrádh ar cconn
an
dédbhán sídhe súlchorr.
13 A ccoillín
Fachtna fearrda
do-chífiom thrá ar ttighearna
do
dheóin Dhé día ’na thosach
mar a
mbía mé macnusach.
14 Dá roisiom don
mhúr mheadhrach
bíam
go suilbhir soimheanmnach
agum
tháin armrúaidh oireach
a
ndáil daghshlúaigh Díolmhaineach.
15 Forghla éigios
fhuinn Fhuinidh
do-ghéubh róm san ríoghbhruighin
’s
fear an tighe fá dhíol dhóibh
’s
fíon dá ibhe go híarnóin.
16 Bú mór ttríath
dá gach talmhain
san
chúirt chruithghil chláramlaigh
cinn shlúaigh is
íarluidhe ar n-eang
fa
stúaigh ríanmhuidhe Ráoileann.
17 Bú hiomdha
bhós san bhaile
láoch
a n-earradh iorghaile
’s
lucht dioghla um cheann gach coire
is
ríoghna eang n-órroidhe.
18 Bú hiomdha
réidhshleadh rúadhonn
siolgháir chrot is cháomhbhúabhall
fán
bhfinn
míonchlachuidh nár mheath
a
bpríomhchathair chinn Chuircneach.
19 Bú hiomdha ré
hucht nóna
lucht
sgagtha cheasd ccanónda
a
síodhbhrugh na séud seanta
’s
tréud d’fhíorbhun na húaisleachta.
20 Is géill a
ngeimhlibh gorma
ag
teacht go flaith fiondChnódhbha
a
ngioll ré ceart a chinidh
dar
liom ní heacht aindlighidh.
21 Bú hiomdha fós
dá bhráithribh
uime
’na chúirt chneasbhláithghil
orradh lé tóir do thromghoin
ag
bronnadh óir
d’ollamhnaibh.
22
Dúinn a n-ionadh a
athar
Rí an
bheatha dhá bhúanachadh
iona
oighreacht ’gá mbíodh bárr
dár
ndíon ar fhoirneart
n-eachtrann.
23 Íar ttocht
chugainn dár
ccosnamh
go
clár Uisnigh arosghlan
fán
ccrích n-ealaigh na sál seang
ar
slan fá fhearaibh Éireann.
24 Mar sin táinic
eacht oile
Séusar na n-arm n-iubhloidhe
don
Róimh dá cosnamh ar chách
tóir
lér cosnadh a conách.
25 Tug cath tar
ceann na Rómha
lé
Poimp na reann
róchródha
beart
dár shín soin tar sáile
soir
go tír na Teasáille.
26 Poimp don
Teasáill go tuirmheach [31a]
leanaidh Séusar slúaghbhuidhneach
air
do mháoidh flath na foghla
’s do
shráoin an Cath Cathordha.
27 Lé Séusar na
sleagh n-arsaigh
torchuir Poimp san phríomhchath-soin
lé a
ghníomh éidigh ar fhud áigh
tug a
héigin an Eattáil
28 Tug Séusar as
sin a-mach
cosnamh ar Róimh na ríoghchlach
tríath dob inghill feadh foghla
ar
inghrim fher n-allmhordha.
29 Coiseónaidh
Séusar slúaigh Breagh
mar
sin sealbha na sinnsior
beithir lonn
chleathghlan chalma
do
neamhthoil dhrong ndanardha.
30 Uíocont
Goistealbhach gnúis shéimh
cíodh
acht aithShéusar eiséin
lé
díon a thíre ar thoghail
an
ghríobh shídhe sheabhcomhuil.
31
Ionann chosnas ar
cceann slúaigh
fúinn áoibhne átha
seanLúai(th)[n]
’s na
tolcha um Mhagh nEódh n-ealtach
ar
ghleódh na ngal ngúaisbertach.
32 Bú lán gach
dún do dheaghrath
ó
tháinig tríath Goistealbhach
a
ccrích Chodhuil cháoilshleagh ccáidh
ní
homhuin d’áoinfhear éagcáir. Rug...
33 Baintríath
Ghoistealbhach gnúis náir
díol
fáilte an bhannfhlaith [....]
ar
ttoigheacht go clár Cuircneach
tar
roineart sál sruthfhuilteach.
34 Banchara bocht
is brughadh
óirchisde an áois ealadhna
máoiteach a clú ar gach conair
do
chrú fáoiteach bflathamhuil.
35 Iomda cuire ag
cur fáilte
ré a
dreich lonnruigh
líobháinte
do
shlúagh cuirmthe chráoi Midhe
lé
gnáoi uirthe d’áiridhe.
36 Ordhruic a
meas eidir mhnáibh
inghill a húaisle a hanáir
rug
an tsheang as séimh snidhe
geall
ar cheill ’s ar chráibhthighe.