firstLine"; ?>

1659. Rug eadrain ar iath nAlban $
Length: middling 26qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv. 72/1/36 c. 1690
Prints:
  1. transl. Watson, Scot.Gael.St. iii (1931), 152-9
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. patron’s intellectual attainments
  3. honours received from king
  4. poets’ privileges
  5. poet to be compensated for injury received
  6. patron’s prowess in war
  7. allusions to Fiannaigheacht
  8. allusions to Classics
Patron Christian Names:
  1. Giolla Easbuig, Archibald
Patron Surnames:
  1. Campbell (1st Marquis Argyll, fl. 1640)
Apologue Subclasses:
  1. Cuchulainn saves poets
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Rug eadrain ar iath nAlban


[W. J. Watson, ‘Unpublished Gaelic poetry IV, V’ Scottish Gaelic Studies 3, 139-59: 152-9]


1 Rug eadrain ar iath nAlban,

ón decair í d’ionnarbadh,

fear cabhra Gaoidheal is Gall,

saoirfhear gan labhra ar leatram.


2 Ársaidh ar ccríoch do chosnamh,

ar mionn óir, ar n-árasbhrugh;

lámh Osgair a n-am feadhma,

ar ccrann fosguidh fíneamhna.


3 Madh síoth madh cogadh do chách,

MacCailín is é ar n-ursgáth;

lámh leantar mar thuinn ttoruidh,

Eachtair an fhuinn Albanuigh.


4 Poimpe maighe mhaicne Duibhne,

Cato a ccruth a ríoghchuimhne,

Sésar le sénuibh ccatha,

’s é go mbésuibh mbuan-fhlatha.


5 Fear ar ccoimhéid-ne a ccúirt ríogh,

chonmhas síoth ’s nach ob eisíoth;

fuilngidh soin créchtfhoghuil ccuim,

mar Choin ccédfadhuigh cCulainn.


6 Leómhan léimneach tar gach toigh,

triath chothuighthe a ccreidimh;

a n-iath Alban ’n a phosda triath,

go n-ardbhladh n-eaglasda.


7 Go bhfuil ’na Mharcus ar méd,

tré itche cliar da choimhéd;

dóigh le cách tuaith is theas

gur ’na thráth fuar gach flaitheas.


8 Do bhéir tré chomhrádh ccunnail

aimsir eile ar th’agalluimh,

a mhéin ríoghdha, a sgiath sgaoilte,

a thriath dhíona an Duibhnaicme.


9 Ní chreidim nach cuala sibh

gur aomadar mic Mílidh

cur na bfileadh tar sál soir

gan dligheadh tar Chlár Conghail.


10 A h-ucht a n-ainbhreithe féin

as do h-ionnarbadh iadséin,

cliar Bhanbha na mbreath ccoimheach,

a dhearc amhra ionnsoigheach.


11 Ní h-ionann dóibh is damhsa,

ní bhead is cách codarsna,

áros an ghrianfhuinn ghuirmghil,

ort gé iarruinn athchuinge.


12 Do fosdadh le Coin na ccleas

tré oineach an t-ord éigeas,

mar dhearbhthar ar bheithir Bhreagh,

do neamhthoil cheithre ccóigeadh.


13 Gá córa do Choin cCulainn

iomchar uilc is anfhulaing,

a dhonnabhruigh shaoir gan tsal,

ná daoibh d’ollamhnuibh Alban?


14 Da mhó th’ainm ar aoi ngarma,

mó th’inmhe, as fearr th’athardha,

iná Cú comhluinn na ccleas

anú a bfoghluim ’sa bflaitheas.


15 A Mhic MhicCailín, éisdidh inn;

déna dhamhsa bhur ndichioll;

bi ar mo shon ag labhra libh,

adhbhar dom chur a ccéimibh.


16 A chodhnuigh chloinne Duibhne,

an tan-sa éisd m’orfhuighle;

gabh ’na thráth m’égnach at ucht,

a chédrath, a bhláth bheannacht.


17 Léigidh dhamh dúthchas m’athar,

a n-onóir na h-ealadhan,

a ghég tarla fá thoradh,

do mhéd th’anma is adhmholadh.


18 Tuig féin, a sgeallán na sgol,

’s a rélta eoil na n-ollamh,

ós tú is coimhdhe dod chinneadh,

nach dú oirne th’aindligheadh.


19 Cíos na n-aithreach ór fhás mé,

díghruis gráidh, cruas a cceirde,

caidhe mál as buaine bladh,

a lámh as cruaidhe a ccogadh?


20 Ní h-ór, ní h-ionmhus eile,

do ghéibha uaim d’áiridhe,

ní cána no comha cruidh,

acht rogha ar ndána dheacruigh.


21 Mairidh a sein-leabhruibh suadh,

’s a ndíoghluim ar ndréacht bhfionnuar,

gach maith da ndiongantur dhamh,

a bhraithfhionn ardghlan iarladh.


22 Níor thuill th’athair, gá tám dhó,

sul tarraidh sé ainm iarla,

a choillbhile is tiogh toradh,

oirbhire ó fhior ealadhan.


23 A thriath oirdheirc fhóid Abha,

a sdiúrthóir chóig ccédfatha,

a bhile thairtheach ós tráigh,

a chridhe chaithmheach conáigh.


24 A thaobh tláith go tlacht ccuilce,

mo chúis ar do chomairce;

a throim-meanmhna nach beag bladh,

a léag loinneardha lóghmhar.


25 A cheannlaoch Locha Fíne,

a chraobh óir na h-airdríghe,

a fhir nár dhonnadh le dáimh,

ná sir ar th’ollamh éadáil.


26 A Chonaill Chearnaigh ar ghoil,

a fhoghluim Arasdotuil,

ó do chneasghuin ní dú dradh,

a chnú chleasruidh an chomhruig.