Poem in printable PDF format
Rugadh teine i
dteach Meadhbha
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 7]
Tuathal Ó hUiginn
cct.
1 Rugadh teine i
dteach Meadhbha;
do chách is cúis
soimheanma
nó gur bhuing re
teagh Teamhra
teagh Cuinn
fheadh a oileamhna.
2 Ráith Chruachan
rer cuireadh druim
sa tigh do
thogaibh pubuill
cuma d’fhior
oileamhna Cuinn
coimhiomdha agus
cion chugainn.
3 Mac Í
Chonchobhair ciabh nocht
ar feis Cruachna
do-chonnorc,
na túisigh ag
teacht dá phort
ag teacht tar
cúisibh Connocht.
4 Go rug Brian ar
bhruighin Sainbh
sa mbrugh do bás
dá thoghairm;
tugadh mionna ar
muin an Chairn
do ghiolla ar a
fhail fhearainn.
5 Sgéal ar
onchoin Átha Truim
ráith Bhreagh do
bheith i ndoghraing;
ná maoidh Brian
ar Cruachain Cuinn
is fiadh Tuathail
’n-a [thoghraim].
6 Fonn dúthaigh
Duach Galaigh
a-tá ag togra a
chomhthabhaigh;
ní róigh tar
tráth a tabhaigh
le cách cóir Í
Chonchabhair.
7 Maicne Cathail
an chruibh dhuinn
éirghid leis an
lá as doghraing
ar shín do
chúisibh Í Chuinn
rígh is túisigh
’n-a dtoghraim.
8 Fa Mhagh Fáil
ná fuilngeadh guth
ó tá ar bhreith
dá bharr chlannach;
an Bhanbha do
bhiadh ’n-a chruth
a labhra do
Bhrian Ballach.
9 Go ráith
Teamhra treall eile
rachaidh - créad
fa gceilfeidhe?
ní fhuil cró na
ríogh reimhe
dó acht ’n-a
dhíol deirbhfine.
10 Gach duine dhó
ag dul fa chuing
críoch Dá Thí
’n-a tír chomhruinn,
do-bheir troma
ceann Í Chuinn
nach orra fear a
bhfuluing.
11 Éire ní haige
as saoire,
ní ghabh comtha a
chéaddaoine,
budh mó [a] chách
cion Ó gCraoidhe;
ní tráth d’fhior
a éagcaoine.
12 Do chinn an
cíossa bunaidh
Brian ga buain a
horchradhaibh;
ní cíos a-mháin
ar Mumhain
bhíos acht cáin Í
Chonchubhair.
13 Gach tuath -
is tuar deaghshóigh -
a-tá ag togra a
gléimheadhóin;
do luigh ar
Mumhain Meadhóin
Ulaidh is d’fhuil
Éireamhóin.
14 Ar [gcomhrádh]
re chéibh sgathaigh
ní fuair fear a
chronachaidh
lámh re Magh
Maoin a-machain
daoibh is tar
cladh Chonachaidh.
15 Re múr
Cruachna cuirfe druim
do chaitheamh
Cúigidh Geanuinn;
fagháil do
chaithimh [a] Í Chuinn
anáir le
flaithibh fearuinn.
16 Gach neach ag
buain re bhunadh
ráith Airt is í
rángabhar,
teaghlach ban
agus brughadh,
go magh Teamhrach
tángubhar.
17 Caithir
Teamhra a-tá ar do chuid,
sluagh Laighean
is leat ghabhaidh,
fir Midhe bhus
daoine dhuid,
fine Craoidhe do
charuid.
18 Géabha le guth
an chadhain
d’aisdear oidhche
is d’iorghalaibh;
do-chuaidh síos
leis an Samhain
an uaill bhíos id
bhiodhbhadhaibh.
19 Sluagh Danar
an dann ruagfa
[tuirmhir] uait
as ionruagtha
do sdéad mear ag
cur cuarta
go bun fhear an
ionruagtha.
20 Don inghinsin
Inse Fáil
ní duid as déanta
andáigh,
do-ghéabha ó
mhnaoi do na mnáibh
na sgéala do
bhaoi ag bandáil.
21 Ní bhí re
aithris uaibhse
go dtaidhle ar
thaom n-anuaisle;
[mó] re mbean olc
ná uaisle
rer fhear ort don
anuainse.
22 [Crábhadh] as
a dtig éara
rer n-ucht ní
headh thoigéabha;
an gealladh bras
do-bhéara
ní seangadh as
fhoibéara.
23 An luach
áirmhe is annsa libh,
séad id bhrugh ní
bhí i dtaisgidh,
gan acht tabhair
do rádh ribh
lámh ’n-a aghaidh
le haisgidh.
24 Gnúis Briain
do bhí [dá] galaibh
ní do chách [go
gcomhthobhaigh];
léim ag an fhuil
’n-a aghaidh
do bhéin cruidh
d’Ú Chonchabhair.
25 Mac Aodha nar
iongaibh séad
rug a eineach a
n-ainmhéad;
fosdadh a fhéile
ní fhéad
tar brosdadh
méine Mairgréag.
26 An tráth
fhiuchaid an dá fhuil
- díol gach fhir
is hí a ríaghail -
saoilid gura
ceannach cruidh
do dhaoinibh
eallach d’iarraidh.
27 Ar shíol Cais
do chuir maide
’s a éara is é as
ghusfhaide;
nocho bí an éara
aige,
ní ghéabha hí -
is usaide.
28 Mac Aodha ucht
re lannaibh
fear isa clú do
chosnamair;
ar lucht comhóil
Briain Ballaigh
biaidh onóir go
hursannaibh.
29 [Uaidh]
coimhdhe clú trí nimhe
éigne innbhir
Gáiridhe;
mall a glór i
n-am eile
’s is mall gun ól
d’áiridhe.
30 Nocha fagha a
bhfuil fa thuinn,
a-tá sé ar
seachnadh chumuinn,
ní leanta ar
ceannach Ó Chuinn,
ní reacfa ar
eallach urruim.
31 An cogadh a
cheard bunaidh;
ní thréig sé ar a
sorthanaibh
is mór nach binn
le brughaidh
do ghlór chinn Ó
gConchubhair.
32 Rí Connacht as
cian miodhól
éirghe a-mach ga
mhéinneashlógh
mun mBriansa ní
bhí a thionól
go dtí iarsma
Éiriomhóin.
33 Mac mic
Fhéidhlim as ard sdair
ó mbí an Fhódla
’n-a híornaibh
síol Craoidhe ní
fhionnad air
iomad a dhaoine
ndíolmhain.
34 Oidhre díleas
Duach Galaigh
ní bhí d’fheidhm
ar orcharaibh;
sgiath Bhriain
Ballaigh ’n-a [bhlaghaibh]
biaidh re
gclannaibh Conchabhair.
35 Ráith Úghoine
- ard a chuing -
an grás is é do
fhursaing;
téid as-teach i
dTeamhraigh Cuinn
ceanglaidh a each
dá hursainn.
36 Ar seilg
Banbha bíd Ultaigh,
ar a tí a-táid
Connachtaigh,
cia ga mbiadh
Éire i n-Ultaibh
Brian a chéile i
gConnachtaibh.
37 Sé féin go
bhfaghbha uile
ceannas críche ar
mionnaine
rí Cliach an
cóigeadh duine
cóigear fa iath
nÚghoine.
38 Mac Aodha an
[bhéarla bhodhair]
cáin Fhódla ’n-a
urchomhair;
[nír aithin] ar
fhear thobhaigh
[maithimh] chean
Í Chonchobhair.
39 Drúcht inshíl
an fhóid iodhain
[ó] mbí is tír do
thuileadhaibh
leigheas duine i
ndiaidh shiobhail
i gcriaidh muighe
Muiriodhaigh.
40 Brian mac
Mairgréige is maith rug
cuairt Midhe -
móide an formud;
ar son Átha
Thruim ní thug
ná rátha Cuinn
acht comhrug.
41 Rugadh breath
le chéibh gclodhaigh
nach bí locht
’n-a leanomhain
aithnigh mór . .
. . . . . . . . . .
. . . .. . . . .
. a hór ar ealodhain.
42 Inghean Méig
Raghnuill rosg glan
re ní do
thabhairt tugadh;
bean as ceann don
bhéinne ban
gheall a réidhe
ní rugadh. Rugadh.