firstLine"; ?>

1663. Rugas ainbreith ar Fheilim $
Length: short 13qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. G 348 S. O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS c.1726<1622 ex
  3. TCD1288 (H.1.14) Aodh O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 48
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. eulogy of personal appearance
  3. patron’s liberality to poets
  4. poet insults patron
  5. patron’s prowess in warfare
  6. king’s officers: maor
Poet Christian Names:
  1. Aonghus (Harvard MS)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Feidhlim mac Fiachaidh mhic Aodha
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1630
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Rugas ainbhreith ar Fhéilim


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 48]


Aonghus Ó Dálaigh .cc.


1 Rugas ainbhreith ar Fhéilim;

móide clú an bhuig bhaismhéirsheing,

saoirdhreach nach cumhang croidhe,

fulang daoirbhreath dámhscoile.

2 Munar fhulaing ainbhreith damh

nó dom ionnshamhuil d’ollamh,

roisc thaidhleacha, taobh mar thuinn,

ainbhreatha d’aon níor fhulaing.

3 Ní fhéd énlaoch a n-am gleóidh

breith a bhuaidh d’áis ná d’aimhdheóin,

cruth séghuinn ar snuadh gcaoire,

’s do-bhéruinn uadh iolmhaoine.

4 Ar mhac meic Aodha an airm ghloin

treisi mé do mhaor tabhoigh

ná an tí as treisi lámh is lann,

’s gan meisi a n-ágh acht anbhfann.

5 Fá cheann fhiach nár dhlighios de,

rugus ar ríoghmhac Saidhbhe

breath daor budh doiligh d’fhulang,

an saor oinigh abhramhall.

6 Misi ag doirbhios ré a dhreich gloin,

foidhideach é rém iomaidh;

bas seingrinn ren suirghioch sinn,

cuimhnioch ar Fheidhlim m’intinn.

7 Do bhreith eólach a n-iúl ghrinn

is tuar ardfhlaithis d’Fhéilim,

cúl dromannach ós dreich gil,

bheith úr orramach d éigsibh.

8 Go n-íoca Dia ré a dhreich mbuig

gach uirrim uadh dá bhfaghaid

scola duilghe Cláir Connla,

fuidhle áir na healadhna.

9 Ní fhuileóngadh duine a ndoirr

acht mac ríghfhréimhe Raghnoill;

filidh Chláir iobhraigh Éibhir,

ionmhuin dáibh an deighfhéinidh.

10 Ionmhoin loinnear a ghruaidh ghloin,

is ruisc mhalla mheic Fhiachaidh,

’s a chneas géigmhíolla saor slim

nach daor éigcríonna intinn.

11 Níor bhraith mé mana seirce

aniú acht an t-óg innilte

ar feadh fhuinn mheadhraigh Mhaisdin

don druing mheanmnaigh mhóraisdrigh.

12 Siad féin as dídion don druing,

gasruidh fhial d’fhine Raghnuill,

laoich reannchorcra nách dáigh a ttroid,

ceannphorta cáigh a gcomhruig.

13 Tarla d’éis a sgagtha a scoil

deoch molta ag mnáibh Ó tTuathoil;

fuair Úna dáil na dighe

tar mnáibh úra a haimsire.