firstLine"; ?>

1664. Sa raith-se rugadh Muire $
Length: long 32 qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th early
Areas:
  1. Elsewhere (Holy Land)
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 1225 (D/ii/1) Bk Ui Mhaine c.1394
  2. Bodl. Rawl. B 486 14th -15th cent.
Prints:
  1. transl. Eigse xv, 93
Motifs:
  1. Inauguration (gairm riogh)
  2. pilgrimage
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde Albanach (Rawl B 486)
Poet Surnames:
  1. cname only
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. Annunciation and visit to Elizabeth
  2. Childhood miracles of Jesus
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Sa ráith-se rugadh Muire


[Ó Cuív, Brian: ‘A Poem on the Infancy of Christ’, Éigse 15, 93-102]


1 Sa ráith-se rugadh Muire,

máthair Íosa fholtbhuidhe,

an ógh is fhearr rugadh riamh

ó tugadh ceann sa gcéidrian.


2 Ar an leic thana-sa thoir

do scar Muire ré a máthair;

tugadh ó fhionnÁdhamh inn

a hiombádhadh d’Iaichim.


3 Re slios an teampaill-se thiar

táinig dá guidhe Gaibhrial;

go dtáinig líon Gaibhrial gil

ba bainghiall ríogh an ríchidh.


4 Ar scáth na tuireadh-sa thall

do scuch an ríoghan roscmhall;

rob iomnár le Muire móir

guidhe d’iomrádh ar fhíoróigh.


5 Ar an leic luim-se láimh rinn

táinig Críost ina cholainn

[is] do-róine ar síoth mar sin

gan díoth óighe don inghin.


6 An dá thulaigh-se ar a dtám

do chuir dochar don domhnán,

díobh ro cabhradh clann Ádhaimh

- adhbhar rann is ro-chrábhaidh.


7 Dá mhac is fhearr rugadh riamh,

Eóin Baiste ’s Íosa ar aoinrian,

roba cubhaidh a gcagar

- ón dá thulaigh tángadar.


8 Máthair Íosa is tulaigh thuaidh,

rosc mall glas ós a gealghruaidh

máthair Eóin is tulaigh theas,

- sceóil ris nach cubhaidh coimeas.


9 Máthair Eóin bhuadhaigh Bhaiste,

bean gan adhbhar díochaisce,

an rosc mongach nár mhór reacht,

torrach ’s an ógh i n-aoinfheacht.


10 Aon do ló do-chuaidh ar cuairt

máthair Íosa nárbh anshuairc,

d’fhios na mná sa tulaigh theas

- roba cubhaidh a gcairdeas.


11 Níor dhuine ann mac Muire

i mbroinn na cnó cubhraidhe;

níor abaigh a fheóil ná a fhuil

fá Eóin, fán abaidh uasail.


12 Biodhgais i mbroinn a mháthar

Eóin Baiste ’s níor bhaothláthar

ó dho airigh a athair

is an maighin míonscathaigh.


13 Léigis Eóin é ar a ghlúinibh

thall is an ghil ghormshúiligh,

beag nachar tholl a taobh geal

an chraobh dhonn gus an nDúileamh.


14 Tig Muire dá tigh a-dtuaidh

gus an ndún-sa gan diombuaidh;

an slios bláithse ’s an barr glan

thall is an ráith-se rugadh.


15 San ráith-se do-rinneadh fós

oileamhain Chríost fá chéadnós;

do bhí rí nimhe, an seang saor,

treall is nior mhire macaomh.


16 Lá do-chuaidh mac Muire a-mach

’na mhacámh dhata dhíomsach,

fear feadhma deas ar gach ndán

dá ndearna cleas na gcrocán.


17 Crocán i láimh gach leinibh

gus an bhfuarán bhfoithreamhail;

cuiris Moire, mear nár thuig,

fear a toighe don tiobraid.


18 Brisis Críost a chrocán féin

ris an macraidh go míchéill;

oiread copán mín don mhuigh

do chrocán díbh ní dheachaidh.


19 Éirghid go Muire mná an tsluaigh

do chasaoid Íosa i n-aonuair,

teagaid don bhonnbháin bhághaigh

congháir ’uma gcrocánaibh.


20 Éirghidh mac Muire móire

re greasacht na glanóighe;

ní ruacht bas leabhar ná lámh

ón leanabh chas gan chrocán


21 Bladh do chrocán ’na chéile

dá gcuireadh flaith finnghréine,

gér sheang a thráth is a throigh

níor fhearr a tháth ó thosaigh.


22 Ag sin reabhradh do-róine

macámh mín na móróighe,

an bláth dearg, an bile bán,

mo chridhe ceard na gcrocán.


23 Léim bheag eile tug a throigh

as an bheinn-se ar ar mbéalaibh,

léim don bheinn fhuair dár-oile

ina stuaigh sheing sheabhcaidhe.


24 Mac fir an bhaile-se i bhus

táinig taom dó do dhíomas;

fuabrais féin an cleas céadna,

bheas roba réim ro-dhéadla.


25 Lingis i ndiaidh meic Mhuire;

ní toracht trian conaire;

fuair ar sás na flatha an fear

bás - gá fatha um nach fuighbheadh?


26 Éirghid suas go Muire móir

lucht na cathrach i gcéadóir;

teagaid a n-aighidh uile

ar an raighil ríoghnaidhe.


27 “Ná meascaidh ar mo mháthair”,

ar Íosa an fhuilt chlaonráthaigh,

“tiocfa an mac céadna ar bhar gcloinn”,

ar an tslat déadla dhíoghainn.


28 Déachain ro dhéachsat na sluaigh

re hor an mhaighe mongruaidh

ad-chíd mac Moire san magh

’s an tslat oile ’na fharradh.


29 Ar sin goirthear a ghairm ríogh

do mhac Muire na móirghníomh;

raitear rí ris an ngiall nglan

do bhí riamh arna ríoghadh.


30 Teagar an tulach a dtám

do Mhuire gona macámh,

port saor i raibhe ra-bháigh

baile na naomh Neasaráidh.


31 Ad-lochar do Mhuire mhóir

an leac do bhí fán bhanóigh,

an stuagh-sa do bhí fá a bonn

an chlí thruagh-sa gá tadhall.


32 An fheóil bheag-sa ’s an bruinne

do chum Íosa umainne,

an corp tláith-se nach dual damh

truagh nach sa ráith-se rugadh.