Poem in printable PDF format
San Doiminic ’s a
dhúthracht
[McKenna,
Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 20]
1 San Doiminic ’s
a dhúthracht
do dhóigh as a
dhochtúracht
do thoghas é mar
oide
ré solas na
sochroide.
2 Ní foláir go
bhfuighe dhamh
a umhlacht gin go
n-agradh
mo thochta don
tigh neamhdha
ar bhochta m’fhir
oileamhna.
3 A Dhé ar ar
dhoirt a chridhe
do bhí ar eadh a
aimsire
fa chuing is cuid
dá mhartra
duid do dhruim a
dhúthrachta
4 Dámadh aighne
’n-a aghaidh
ar bhfisigh nó ar
bhfeallsamhain
cia a-déarthaí dá
chor san chúil
dá bhféaghthaí
sgol an sgriobtúir.
5 A chaoirigh do
chor ar iul
buachail anma an
Uird Preitsiur
an tréad is
deisean dhlighid
a seiseadh déag
Doiminig.
6 Ón ló do
chuaidh do chuingse
a Íosa ar t’fhior
chomuinse
nír sheachain ní
budh ní dheit
i gclí go
ndeachaidh Doimneic.
7 Go mbíodh le
dortadh a dheor
díbh ní fada go
bhfoillseogh
ag sírionnladh
bhar seinchion
fíriongnadh nach
foillsighthior.
8 Sgéal ris nach
sgarfa mise
fuaras am dá
innise
go gcumar é mar
bhus eol
ní mé as urradh
dom uirsgeol.
9 Lá éigin dar
fhás a ghoimh
mac Dé do dhruim
ar bpeacaidh
freagra ar mian
an uair do b’áil
do chuaidh srian
ar ar síodhcháin.
10 Do chonnaic
Dia a-nall do nimh
amharc nar
fhulaing d’fhaicsin
trí sleagha géara
n-a ghlaic
séala an cheana
do chonnaic.
11 Na sleagha do
bhí ar a bhais
buime an ríogh do
réir dúthchais
nír bhac tealgadh
na dtrí sleagh
achd sí ag
cealgadh an Choimdheadh.
12 Tugadh dháibh
ceannas a gcorp
díomas is saint
is sochrocht
do labhradh le
leanb an ríogh
ní fearg gan
adhbhar m’eissíodh
13 Do bhéarthar
uaimse ar an ógh
fear na gceansain
do chlaochlódh
fios a sgéal a
mheic mhuirnigh
deit is ná héar
mh’athchuingidh.
14 Mar do gheall
d’Íosa as a ucht
boichde is óighe
agus umhlocht
síoth an uain do
oil Muire
fuair do thoil a
thrócuire.
15 A dhul síos ar
son ar locht
San Froinseis mar
fhuair d’fhurtocht
na heolaigh is é
a-dirid
’s é [ar]
dheonuigh [do] Dhoiminig.
16 Ionann dóibh
ceannsacht cridhe
ionann umhla is
aithrighe
dá aodhuire na
n-anam
do b’aonduine ar
uraghall.
17 Ó nach éaradh
neach fa ní
i gcosmhaileas do
cuirthí
ris an naomh
oirdhreic oile
Doimneic do
thaobh trócoire.
18 Gan chomhaonta
ag a gclannaibh
measa an rogha
rugamair
fa lár do
léigeadh ó shain
grádh an dá
chéidhfhear gcrábhaidh.
19 Do
sgaoileamair leath ar leath
na huird dár
chóir a gcuibhreach
an grádhsa mar
nar dhual dúnn
ar ngrádsa uann
ar n-éalúdh.
20 Do fóirfidhe
an domhan dé
sinn do chungnamh
le chéile
mairg dár
cinneadh dol dá dhruim
an modh do
rinneadh romhuinn.
21 Dá chuid
oidhreachta dá éis
go bhfaghar mar
fhuair Froinséis
má tá ar
dtoghaine i ndán dúinn
grádh ó sgolaidhe
an sgriobtúir
22 Tarla re toil
a cholla
riamh ar fheadh a
fhoghloma
ní don eagna nar
ibh fhíon
mar dhigh acht
d’eagla an airdríogh.
23 An trócuire ar
nach téid fad
do shaor ar neart
a námhad
duine mar mhé go
minic
guidhe Dé tre
Dhoiminic
24 Achd an fear
lé bhfríoth creideamh
uatha d’aindeoin
eitreigeadh
ar éantal do Dhia
na ndúl
cia do fhéadfadh
a n-iompúdh.
25 Do dheacht ó
dhúthracht croidhe
leitir tug dá
theachtoire
nar las ar lár na
teineadh
a ghrádh as do
haithnigheadh.
26 Don lucht do
chaoin a chionta
fuair aiseag a
n-oidhriochta
ní fhuigheadh sé
a ndligheadh dháibh
muna dhligheadh é
d’fhagháil.
27 Clúmh an
bhrait do bhí ime
nar fhliuch an lá
doininne
a mheabhroghadh
go minic
deaghmholadh do
Dhoiminic.
28 Mór n-ithir ar
fhás a shíol
mór gcridhe ar ar
chuir imshníomh
ní teirce deor do
dhoirt súil
don bheol do
sgoilt an sgrioptúir.
29 Gan íotain ó
ól na sreabh
tigeadh do thigh
na n-aoigheadh
beag a dhíol don
digh eile
lér ibh d’fhíon
na haithrighe.
30 An lá do rinne
dóigh dhé
fuair dall i
n-aice uaidhe
ar dteachta an
lása ar a lic
grása agus dearca
ó Dhoimnic.
31 Gan a leabhar
do fhliuchadh
don fhairge is dá
oibriuchadh
ar an uisge gur
fhéad smacht
féag an chuidse
dá chumhacht
32 Do chí an
mháthair dar mhac sin
béal an leinbh
lán do theinidh
ciall an amhairc
fhuair an bhean
do thabhairt
uainn ní héigean.
33 Fear
cothuighthe na córa
fear ionnsuighthe
an anshógha
dá bhiodhbhuidh
do bhean a chóir
fear leis nar
bh’ionmhuin anóir.
34 Fear anaim do
chur i gcorp
fear na
n-easláinteadh d’fhurtocht
mór mbrághad do
bhean a péin
fear a námhad do
neimhréir
35 Gár
bh’iongnadh san aimsir tall
na tri cuirp ar
chuir anam
. . . . . . . . .
. . . . . . . . . . . . . .
. . . . . . . . .
. . . . . . . . . . . . .
36 Go ndeachais
céim ós a chionn
is é riamh as
rádh coitchionn
an uair thiaghair
dá thuigse
do riaghail
chruaidh chrábhuidhse.
37 Froinséis an
t-éarlamh umhal
ó aois leinb do
leanubhar
a éanrogha na
n-ord mbocht
lorg an éarlomha
ar umhlocht.
38 Fola Dé go
ndeach ar ais
ar ibhis d’uisge
chorghais
fagh a síoth an
uisge d’ól
mo chuidse dá
fhíoch d’iompódh.
39 Leabaidh do
bhuime i n-aois óig
d’éis do
theaguisg ón Tríonóid
do thréig tusa ar
an lár lom
an clár gár
bh’usa d’fhulong
40 Neach do phóg
barr do bhoise
aithrisdear gur
ionnlaisse
sal an chridhe
ler chiontuigh
bladh eile dot
imthiochtaibh.
41 Le méad
d’anmannaibh fhuair glóir
an toradh tug do
sheanmóir
eagna shaidhbhir
gá roinn rinn
do ghoill ar
ainglibh Ifrinn.
42 Tugadh mar do
thuill sise
dot sheanmóir thé
thairise
a cnú lán fhine
Ádhaimh
grádh cridhe ó na
compánaibh.
43 I ló an bháis
dá mbeitheá linn
fearg Íosa is
amhlaidh thuigir
a leinb dár las
an réatla
glas don fheirg
nach oisgéalta.
44 Is dearbhadh
thall é ar th’oineach
tú a-bhus do
bheith trócoireach
gér bhocht i
dtalamh thusa
aghadh ort do
b’urusa. San.
45 A Mhíchil ’s a
bhráthair bhoicht
do bheirim lá an
Luain ordhuirc
ribh ar-aon mar
lucht leasa
taobh re hucht an
aighneasa. San.