firstLine"; ?>

1667. San Sbainn do toirneadh Teamhair $
Length: very long c.51qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) O Gara MS 1655-9
  2. RIA1387(23/O/78)Uill.R.MacCoitir 1723
  3. NLI G 140 M.Troy & R.Tipper 1724-40
  4. RIA3 (23/L/17)S.O Murch. na Raith. 1744
  5. BL Egerton 111 F. OScannail trscr. RIA2
Prints:
  1. transl. Eigse vii, 166
Motifs:
  1. patron’s liberality to poets
  2. Foreign conquest of Ireland
  3. Ireland’s woes foretold in prophesies
  4. Landscape withers when ruler lost
  5. death of patron signals end to peace
  6. contrast btn former joys & present grief
  7. general grief for patron
  8. plight of true faith
  9. use of place-names for ornament
Poet Christian Names:
  1. Domhnall mac Eoghain (RIA2)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mac Domhnaill
Patron Surnames:
  1. O Suilleabhain Beirre d. 1618
Apologue Subclasses:
  1. Death of Hector
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

San Sbáinn do toirneadh Teamhair


[R. B. Breatnach: ‘Elegy on Donal O’Sullivan Beare (†1618)’, Éigse 7, 162-81]


Domhnall mac Eoghain Í Dhálaigh cc.


1 San Sbáinn do toirneadh Teamhair:

Ráth na Niall, Múr Muireadhaigh,

Teagh Táil gan niamhadh a-niogh,

sa Sbáinn tiaran do toirniodh.


2 Ceann Coradh is Cruacha Aoi

do toirneadh d’fhoghuil aonlaoi,

is Ráth Chaisil fá caomh cruth,

mar aon re taisibh Teamhruch.


3 Cia an teagh nár toirneadh dá thaoibh,

ón Sbáinn gérbh fhada an fhorraoin,

don oidhidh fuairsion a bhfeall

do thoighibh uaisleadh Éireann?


4 Dún Baoi do toirneadh a theagh,

do-chóidh a gcruth nár saoileadh;

seanmóir gan chéile gan cheann

seanróimh fhéile na hÉireann.


5 Leór d’aislinge mar tá an teagh:

Dún Baoi a n-éagcruth íseal,

a mbeirt bhróin doidhealbhdha dreas,

róimh oileamhna na n-éigeas.


6 Gé tá ’na foithribh folmha

Dún Baoi an treabh théagardha,

do-chínn lá lán an lis-sin:

’na thrágh atá an tuili-sin.


7 Uaisle Ghaoidheal Ghuirt Bhanbha

fuilngid feasda a neamhchalma,

a dtéarma ar dtocht re Teamhair

téarna an gort re Gaoidhealaibh.


8 An uile dhúil ’na dheaghuidh

a gcló a chéile a chreideamhain

d’aonbháidh orchra ceann a gceann

’na mbraonláibh dorcha díleann.


9 Atá ag dul gach lá dhá láibh

d’Fhine Chuinn, d’éis a iomráidh,

ar cheann dobróin dhóibh ar ndul,

glóir a tromshlóigh dá thurnamh.


10 Fada ó shoin do mhothuigh mé

gurbh fhogus léan dár loise -

ní mhair raitheas síne acht seal -

flaitheas ar dtíre ar dtoirneadh.


11 Atá re h-athuidh d’aimsir

ag fuagra an uilc adhbhail-sin

glór na ndruadh, treathan na dtonn

is feachadh uar na n-abhann.


12 Tig iomad airdheadh don ghréin

mar tá an réalta is ré an aidhéir

mar na daoine - ní daghrúin -

ag caoine an cheathardhúil.


13 Ní faghthar muir ’na muir mhín,

ní thig lá acht lá ’na dhoishín,

bruit chumhadh fán sín ó soin

gá ndubhadh a sín samhroidh.


14 A mbí ar biseach dhá oidhidh

aibhne miona méadoighidh;

ní fhill cnuas fiodhraidh na bhfeadh,

an fhiodhbhaidh suas ag síneadh.


15 Ní fhuil lá dhá dtig thairse

nách lia sa lia a dochair-se;

ní hí an bhruid-si ar Bhéirre amháin

a Éire dhuid-si is díoghbháil.


16 Gé táid uile a gceas chumhadh

óig is arsuidh Iar-Mhumhan,

lia gáir na n-oiléan oile

fá roiléan Chláir Chonoire.


17 Ní caoine mar chaoine cháigh

do-niad uime san Easbáin:

ní hí an Mhumha a gcló chaoine,

mó cumha na Casdaoille.


18 Riú bheanus an teidhm tinn-si

cinn ghaisgidh na Gaillinnsi,

seal caoine ar mhnáibh san Mhumhain

dáibh ní saoire a Saghsanaibh.


19 ’Na mbearnaidh bhaoghuil do bhaoi

Domhnall gan fhosadh aonlaoi,

ag bhe fhinnshreabh Fhóid Bhreagh

ag innreamh na gcóig gcóigeadh.


20 Gé tháinig a thuitim dhi,

mac Domhnaill - dia do dhoilghi ! -

dob fhiú a bhuain re Tealuigh Tháil

gach deabhuidh fhuair dá headráin.


21 Fuair oidhidh a samhuil soin,

a ndiaidh a ndearnaidh d’eachtoibh:

mór gnaoi Eactoir fan am-soin

san Traoi neartmhoir neamharsoidh.


22 Ar ionchuibh a ghníomh ngoile

téid Eactoir dá hionghoire,

go línibh sluaigh fán seanráith

’mun sduaigh ndírigh ndaingeanbhláith.


23 Rí Gréag a los a láimhe

gus an dTraoi - tuar dearmháire -

’san mhéid do fhéad d’íodhnuibh áigh

do ríoghruidh Ghréag dá gabháil.


24 Ó láimh Eactuir nár theith troigh

ní lamhthaoi Traoi do thoghoil:

crithir bheó budh teann tachair,

’na cheann gleó re Gréagachaibh.


25 Eactoir mac Prímh ceann na gcath

gach aon lá a ngleó na nGagach,

gan lá leóin ó fhaobhruibh air,

d’aonghuin fa dheóidh go ndeachaidh.


26 Tiad Gréaguigh gan ghleó gan ghoin,

ar gcosg an aonlaoich Eactoir,

gan oilbhéim don taobh as-teach

a raon choimhréidh na caithreach.


27 Do nós Eactoir an airm chuirr

do thuit Domhnall mac Domhnuill:

ó fhaobhruibh gion gur fhill sin,

le haonghuin fhill a n-aisgidh.


28 Tug an ghuin-si ó mhuir go muir,

ar feadh Chraoi fhairsing Fhiachuidh,

a dteinnléim don ghléire Ghall,

Éire ag deighréir a ndaorchlann.


29 Mar do bhí an Traoi ar n-a toghuil

atá ar-ís a hionnshamhail,

gan chéile fá chiaigh dtoirse

Éire a ndiaidh an Domhnoill-se.


30 Gan lá cádhais ar chealluibh

neamhthoil d’ord is d’Aifreannaibh,

móid re laoidhibh a leabhar,

na Gaoidhil dá ngeimhleaghadh.


31 Re Gallaibh go nuaidhe a-niogh

aoinfhear do ghasruidh Ghaoidhiol

a gcaoi imreasuin ní fhuil

fá fhinnleasuibh Chraoi Cobhthuigh.


32 Gan lá imreasoin orra,

Goill dá himirt eatorra;

Eire mar budh dúthuigh dháibh

fúthuibh féin ar n-a fágbháil.


33 Beanfaid a n-áit do Chloinn Chuirc,

don chloinn ní maith an mhaluirt:

a bhfionnbhruidhne, a gcúirte cloch,

dúinte ar mbiodhbhuidh-ne, bearnoch.


34 Fada mhéarus a mhairg di,

goin Í Shúilleabháin Shiúiri;

ní mairg bliadhna do Bhóinn Bhreagh,

’na iarla as cóir a chaoineadh.


35 Acht lá díoghla druim ar dhruim

ní bhia ag Éirinn d’éis Domhnuill;

ní budh téarna ’na dheóidh dhi,

lá leóin gach éanlá innti.


36 Do chaith sé téarma a treise;

fiú an léan fhuair an Éire-si:

sé mar thuile sléibhe ag sódh -

ar dtréine uile ag iompódh.


37 A gceann gach aonghlais oile

dár luigh ar Fhonn Iúghoine,

sgaoileadh ní chlaisdir ’na gcionn,

gaisgidh Ghaoidheal a ngéibhionn.


38 An líog thalluin fá dtá sin,

gé mór thárruidh do thaisibh,

taisgidh ní bhfuair-si budh fearr

d’aisgibh uaisle na hÉireann.


39 Fada liom ó Iath Fhuinidh

dá thaise a gcrích chomhoidhigh,

fá ghuidhe naoimhcheall a-niogh,

aoincheann uidhe na n-aoighiodh.


40 Ní hiad a thréidhe do thuill

ré ghairid, mac meic Domhnuill;

cré ar ar gcoill-bhile do-bhir

oirbhire Dé ar na daoinibh.


41 Ní thiocfa d’fháidh ná d’fhisidh

mar tá a n-urbhuidh d’innisin:

sgéal raithinn ríomh a neamháigh,

maithim do shíol Shúilleabháin.


42 A ré rolán gus a-niogh

’na soillsi do-chuaidh caithiomh:

ré dhoirche ar ndéanamh dhi-si

méaraidh choidhche am chroidhi-se.


43 A haithghin d’aimsir arís

choidhche san chruth a mbímís

ní hé shaoilim dá dtí a theacht,

ar mí aoibhill ar n-imtheacht.


44 Ní a n-uruidh do reacadh ruinn

na fuighle chuirthear chuguinn;

iomdha a mbliadhna ag séana ar sídh

sgéala an Iarla an gach éintír.


45 Seóid riamh dhá dtigeadh tar tuinn,

ní thigid ar ndul Domhnuill;

féach le céile an Chlár Chuinn-se

ní ar Bhéirre a-bháin bhrathaim-se.


46 Ní goin aoinfhir áirmhim dhi,

gion gur bhean d’aoineach eile:

gá brígh goin Í Éibhir Fhinn

acht goin gach éinfhir dh’Éirinn?


47 Ní hé mac Mairgréige a-mháin

torchuir uatha san Easbáin,

acht cur na nGaoidheal dá ngreim;

dul don ainfhear ní áirmheim.


48 Ní ghéabhdaois Goill gearr ó shoin

d’fhios a long acht lán d’armoibh;

gan arma dh’iomchar anois

tiomchal Bhanbha do-bhéardaois.


49 Sgiath chorcra, ceis, ná cloidheamh,

ní beantar, ní beanfoidhear

d’airmreannaibh ghall ar n-a ghoin

d’aighleannaibh, ón tann torchoir.


50 Gidh bé fáidh ór síothladh sin,

atá ó a dhul ’na dheimhin

an tairngire ag toigheacht rinn

roineart ainbhfhine ar Éirinn.


51 Goin Í Shúilleabháin Mhúir Mhis

a Madril - damhna doilghis -

tearc ngráin gach grianmhagh ón ghomh,

san Sbáinn tiaran do tornadh. san Sbáinn.