Poem in printable PDF format
Saoghal so nách
saoghal damh
[Thomas F.
O’Rahilly: Measgra Dánta I, poem 33]
Diarmaid Bán Ó
Hanglainn
1 Saoghal so nách
saoghal damh,
ní hé an
saoghal-sa ar saoghal,
saoghal ó nách
saoghlach sinn;
baoghlach an
saoghal, saoilim.
2 Níor thuigeas
[ba thuigse shlim;
truagh nár
thuigeas mar thuigim!]
nách í an tuigse
do thuig mé;
tuig nár thuigse
mo thuigse.
3 Anois tuigim
nár thuig mé,
giodh mall do
thuig mo thuigse;
ní fhaghaim lem
thuigse ar dtoil,
tuigse do adhair
d’antoil.
4 Mo thuigse ar
thoil mo thoile
le toil do thoil
mh’antoile;
mo thoil-se ar
thoil na tuigse,
toil dár foigse
fíorthuigse.
5 D’éis a dtuigim
[truagh mo thoisg]
dar leam is duine
díochoisg
nách géill ó
thoil do thuigse
le céill oimh na
hantuigse.
6 Mo thoil, a
Dhé, ar do thoil-se,
coisgeadh dá toil
mh’antoil-se;
mo thoil, mo
thuigse mar so
tuig-se gan oil,
a Íosa.