Poem in printable PDF format
Saoghalta sin, a
shaoghail
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 53]
Donnchadh Mór Ó
Dálaigh .cct. (?)
1 Saoghalta sin,
a shaoghail,
ar gcaitheamh do
chéadfhaobhair;
saoghalta sibh
iná sain,
a fhir shaoghalta
shanntaigh.
2 Mar taoi fa
thoice an domhain
- is rioth eich
gan arodhain -
más tuar baoghail
an bhochta
truagh, a
shaoghail shaoghalta.
3 A
aidhbheirseoir na n-uile,
id chumann, a
chealgaire,
do mhuin
deaghshóigh nír dhulta;
sguir, a sheanóir
shaoghalta.
4 Ní théid
duit-se fa dheireadh
do chisde dar
cruinnigheadh,
luach an
tsaoghail do rádh ruibh;
baoghail do dhál,
a dhomhain.
5 Gidh bé
chaitheas, gnáth a ghoin,
críoch bhur
gcumainn, a shaoghail;
a fhir-se is a
ghlac ’n-a ghar,
dar lat is
sibh-se an saoghal.
6 Más tú, a
shaoghail thuirsigh thruim,
an bioth cé
do-chuaidh tharainn,
a earr ag breith
ar an mbioth
gá fearr a bheith
ar biseach?
7 Feadh an
tsaoghail dá rádh ris,
a dhuine a-tá ag
teacht thairis,
do chéill san
saoghal ná sir
a thaobhadh féin
an faid-sin.
8 Fada gur
thuigeas tu-sa
fa chumann na
colna-sa;
mairg do
rothaobhuigh thú, a thruaigh,
a thrú, a
dhrochshaoghail diombuain.
9 Ar do sgáth, is
tú dá thoil,
taobh red
leithsgéal an lá-soin
mairg a-tá, a
shaoghail shanntaigh,
go lá an aonaigh
iongantaigh.
10 Ar
cathaighthibh na colna
le hainmhianaibh
ionmhalla
gérsam dual im
fhear fhallsa
truagh ar seal
san saoghal-sa,
11 Críoch an
tsaoghail is sí sain
seacht dtroighthe
d’fhagháil d’iomdhaidh;
mar as dual dó
agus di-se
ag so an uagh ga
innise.
12 Mar théid an
t-umha is an t-ór
téid an
t-aoibhneas ’s an t-anshógh;
téid a chruth don
chruth fhallsa;
loch le sruth an
saoghal-sa.
13 Bhar mbeith go
hoirchilleach air
is córaide, a
chlann Ádhaimh,
an bioth go
dtairrnge tharaibh;
rioth na hainnle
a ionnshamhail.
14 Nach cuireann
an saoghal sibh
do dhéanamh oibre
im aighidh
ní thig lá dá
uaisle ann,
a thruaill-se
a-tá ’n-ar dtiomchall.
15 Gé taoi
neamhnáireach a-nois
budh nár ar
chionn an chonntais
do neamhchomhall
dá nochta,
a sheancholann
shaoghalta.
16 Mar tá riamh
dá chur i gcéill
córaide an
cholann d’aimhréir
nach faghann sé
acht moirn nach mar
gidh bé dan
soirbh an saoghal.
17 Dámadh leat ó
Dhia an domhan
más tú iarras
athroghadh
leathlámh is méad
a mholta
créad acht
seachrán saoghalta?
18 An saoghal dá
dhearbhadh dheit
dá mbeitheá it
athair éinmheic
an mac san
láthair nach libh
’s nach lat
máthair an mheic-sin.
19 Caidhe an t-ól
’s an t-aoibhneas trom?
caidhe a dtáinig
riamh romham?
caidhe an saoghal
a-né a-nos?
caidhe an té
aonar anas?
20 Ná coiglidh
cluiche ná cleas,
ná coiglidh ól ná
aoibhneas
má tá, a dhaoine,
gan bhar ndul
ná lá saoire ar
an saoghal.
21 Fa dheireadh -
truagh an tuirrse -
d’éis do
shainnte, a shaoghail-se.
ceadh sibh acht
na seacht dtroighthe.?
ag sin do cheart
críochnuighthe.
22 Tuigthir nach
caithionn do chrodh
méad bhar sainnte
ar an saoghal;
lá feasda ní lat
dod láibh;
ná bac dá dteasda
teasdáil.
23 Aontroigh dá
dtugtha toradh
dá mbeinn aga
breathnoghadh,
treabhtha dom
ithir ní fhuil;
mithidh do
sheachna, a shaoghail.
24 Ar an dtalamh
ó thánag
a-taoi fúm ag
fanámhad;
lúbghal darab gar
a goimh
an dot shúgradh,
a shaoghail.
25 Gá fios an
mairfeá a-márach?
a-tá an saoghal
seachránach;
a dhuine, ní lat
go lá;
ná glac don
chruinne [a carta].
26 Do budh
mithidh d’fhior m’aoise
d’éis mo ruathair
robhaoise
gan bheith red
bhanncaibh baoghail,
a shanntaigh, a
sheanshaoghail.
27 D’éis ar
dháilis do dheochaibh
oirn-ne is ar ar
n-aithreachaibh
ní cneasda go
ndlighe a dháil
deasga do dhighe,
a dhomhnáin.
28 Fa chabhair
Caitir-íona
do mhúchadh mo
mhíghníomha
ní beag an
daingean damh-sa
m’aingeal is
m’éarlamh-sa. Saoghalta.