firstLine"; ?>

167. Ag so an chomairce a Chormaic $
Length: middling (27qq)
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597 with additions
  2. NLS Adv. 72/1/44 17th c.?
  3. RIA1387 (23/O/78) UillR. MacCoitir1723
  4. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
  5. RIA 72 (3/B/14) trscr. < O’Hara MS1826
Prints:
  1. transl. (Bk O’Hara no. 3, TD no. 30)
Motifs:
  1. envoi to spouse of patron
  2. qualities of patron’s character
  3. Function of poetry
  4. Foreign conquest of Ireland
  5. Submission, tuarastal, coimirce
  6. use of legal terms
Poet Christian Names:
  1. Tadhg (Dall) (O’Hara MS)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Cormac
Patron Surnames:
  1. O hEadhra (d. 1612)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ag so an chomairce, a Chormaic


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 30].


1 Ag so an chomairce, a Chormaic,

gabh an láimhse id leabharghlaic,

fuaigh an cridhe red chroidhe,

a bhile bhruaigh Bhóroimhe.


2 Gabh an corpso ar do chorp féin,

a chodhnaigh cloinne ríChéin,

ar smacht ríogh glaininse Gall

bíodh an t-ainimse ar h’anam.


3 Gabh meise ar h’iocht ’sar h’oineach,

ar charaid ’sar chomhoidheach -

a lámh tromaighthe ar chrú gCuinn -

m­o chomairche is tú is tualuing.


4 Ná léig eadrainn is aoinneach,

a ghnúis ríoghdha rodhaoineach,

ós tú ar n-aonchara, a ghruadh gheal,

do shluagh thaobhthana Tailltean.


5 Bheith aguinn a hucht chóra -

gá dtú, a mheic meic Onóra? -

ní budh éadáil ód dhreich dhuinn

gan bheith san éagáir aguinn.


6 Atú i mbeól ghuaise do ghnáth,

re a ndeachaidh oruinn d’iomráth,

gan neach do-ní dísle dhamh

muna thí dhíbhse a dhéanamh.


7 Atáid dlighthe nuaidhe aniogh

dá gcur ar Mhacaibh Míliodh

ag slógh nár ghlacnuaidhe Ghall

fa chlár bhfaltuaine bhFréamhann.


8 Goirid na críocha ’na gceann,

iarraid ar chách go coitcheann -

go dtig a sgrios uile as -

fios gach duine ’sa dhúthchas.


9 D’éis na dtíreadh do thion­ól,

sgríobhaid Goill Ghuirt Éiriomhón

anmonna a slógh, druim ar dhruim,

i nglanrolla mhór mheamruim.


10 D’éis a gcruinnighthe ’na gceann

is éigean d’fhearaibh Éireann,

a ghríobh fhírfheardha ó Thigh Tháil,

tighearna gach fhir d’admháil.


11 Ní ghabhaid ó neach fa nimh

gan bheith dó ag urraidh éigin -

truagh an cás do cumadh dáibh -

nó bás go hullamh d’fhagháil.


12 Gá dtú ris, a rí Luighne? -

ort chuirim mo chomuirghe;

feadh mo ré, mar dhleaghar dhamh,

budh é ar leabhar do leabhar.


13­ Ní ar mo bháigh do bheith ruibh,

ní ar bheith im’ ollamh aguibh,

a chnú do chrobhuing Eaghra,

thoghuim thú­ mar thighearna.


14 Do aomhsad G­aoidhil is ­Goill -

bheith agad is as toghoim -

rí fíréanda do rádh ribh,

a ríréadla ó chlár Chaisil.


15 Bheith lán d’iocht agus d’eineach,

bheith fíréanda foisdineach -

iomdha ­fáth daghthola dhuit -

fáth do charthona, a Chormuic.


16 Sgríobhthar leat id leabhraibh féin,

a airdrí sleachta saoirChéin,

fán snaidhm nár réidhigheadh ruinn,

ainm gach éinfhileadh aguinn.


17 Bíodh ainm gach fhir dom fhine,

bíodh mh’ainmse go háiridhe,

a mhionn séanda a seanMhoigh Tháil,

’sna leabhraibh céadna ar congbháil.


18 Bíodh a dheimhin ’gud dheirc mhoill,

ó tá h’ionmhuine aguinn,

a shlat chuirmtheann chuain Duibhe,

go dtuillfeam uaibh h’ionmhuine.


19 Tógbhaim thú féin d’fhiadhain air,

má bhím ré bliadhna im’ beathaidh

nách ba fearr dhamhsa ná dhuit

h’annsa fam cheann, a Chormuic.


20 Do-ghéan an laoidh ngréasaigh ngloin,

do-ghéan duit an duain shaothoir,

’s do-ghéan aonrann uair oile,

a shaorbharr bhruaigh Bhóroimhe.


21 Do-bhéaram dhuit, mar dhleaghair,

eólas do ghéag ngeinealaigh;

cíos do shean ar fhiadh nÉireann,

rian a gcean ’sa gcaithréimeann.


22 ­ Do-bhéaram dhuit, a dhreach sheang,

fios t’uaisle ós fhearaibh Éireann,

’s dá gach urraim budh dual duit -

luagh ar gcumainn, a Chormuic.


2­3 Do-bhéara mé, a mheic Úna,

ar chách do chur iomthnúdha,

an ceann bhus fhearr dhuid dom dhán,

’san chuid bhus fhearr dom iomrádh.


24 Ní fuláir dhuit ’na dhíol sin

go dtiobhra tú, a thuir Chaisil,

h’anam ’s do chorp tar mo cheann,

dá bhfagham tocht ’nar dtimcheall.


25 Giodh cúis bháis do bheith ar neach

i dtigh cúirte is é ar h’eineach -

níor chorruighthe dho ioná dhuit,

ag so an chomuirche, a Chormuic.


26 Gaibh ar h’oineach mé, a Mháire,

a hucht flatha fionnGháille,

a shlat chnuais do chloinn Shuibhne,

nách guais coill a comuirghe.


27 A ­Mháire inghean Mhaoil Mhuire,

gur chuireas ort m’ionghuire,

beag nár cailleadh, a chiabh­ lag,

gach daingean riamh dá r­ánag.