firstLine"; ?>

1672. Saor do leannan a Leamhain $
Length: short c13qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th early
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. UCD MacFirbis autogr. Geneal. 1645-70
  2. RIA 743(A/iv/3) 17th cent.
  3. RIA 5 (23/D/4) 17th cent. Munster
  4. RIA 582(C/vi/2) S. MagUidhir trscr.MacF
  5. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R. 1744-5
Prints:
  1. transl. McKenna, AiD no. 42
Motifs:
  1. praise of appearance
  2. praise of patron’s feasts
  3. King as spouse of territory
  4. king’s officer: mormhaor
Poet Christian Names:
  1. Muireadhach Albanach (RIA 743,5,3)
Poet Surnames:
  1. cname only
Patron Christian Names:
  1. Alun Og mac Alun (Alwyn)
Patron Surnames:
  1. MacMuireadhaigh (Mormhaor of Lennox)
Apologue Subclasses:
  1. wife of Corc Caisil drowned in Leamhain
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Saor do leannán, a Leamhain


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 42]


Muireadhach Albanach Ó Dálaigh cct.


1 Saor do leannán, a Leamhain,

Alún ógmhach Muireadhaigh,

a chúl druimneach gan duibhe,

ó Luighdheach a Liathmhuine.


2 Maith do chonách ghiolla ngeal

ó do charais do chéidfhear;

mac ríogh Bealaigh do bhí i ndán

gurbh í Leamhain a leannán.


3 Gearrabhann th’ainm eacht oile

i reimheas na ríoghroidhe

go riacht Corc Muimhneach tar muir

folt druimneach ós a dhearcuibh.


4 Dá dtáinig Fearadhach fionn

mac ríogh Alban na n-óirphioll,

dá ndearna re Corc cleamhnas

ar dtocht i n-a thighearnas.


5 Tug Fearadhach - feirrde liom -

a inghean do Chorc chúilfhionn;

lán dá tairm Teamhair Mhidhe,

Leamhain ainm na hinghine.


6 Toirrchios ríoghna rug Leamhain

Maine mac Cuirc chúilleabhuir

do thaisigh ’n-a hucht an t-éan

do Churc Chaisil na gcoiléan.


7 Lá do laithibh do Leamhain

máthair Maine mhéirleabhuir

caoga inghean fa bán bonn

ag snámh inbhear na habhann.


8 Báidhtior ar bhruach an chalaidh

Leamhain inghean Fhearadhaigh

baisdior Leamhain ort dá éis

meabhair nach olc re fhaisnéis.


9 Dob annamh céim catha Gall

fat imlibh uaine, a abhann;

fa meince lat, a Leamhuin,

mac eilte fat inbhearuibh.


10 Do fhás umad Alún óg

mac Muireadhaigh na míonród

áluinn snuadh a ghlac nglanúr

mac do chuan an céadAlún.


11 Nochar leathchumthach leanna

Alún óg Ó Oiliolla

bídh an ghéag d’fhine Alúin

céad ag ibhe an aonghalúin.


12 Gin go mbé acht aontunna d’fhíon

ag fine Chuirc an chaoimhríogh

ní sochma síol ceannghlan Cuirc

dá ndearnadh fhíon don anuirt.


13 Mórmhaor Leamhna leaca mhín

deaghmhac ingheine Ailín

a gheallámh a thaobh a throigh

saor do leannán, a Leamhain. Saor.