firstLine"; ?>

1676. Saothrach bocht an domhan-so $
Length: short 8qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Connacht ?
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 1218 (C/II/3) 16th -17th cent.
Prints:
  1. text Eigse ix, 253
Motifs:
  1. envoi to BVM & angels
  2. extreme unction
  3. almsgiving
Poet Christian Names:
  1. Aodhagan (RIA 1218)
Poet Surnames:
  1. cname only
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

Saothrach bocht an domhan-so


[Gearóid Mac Niocaill, Éigse 9, 253-4]


1 Saothrach bocht in domhan-so,

baoghlach fa dheoigh a dheireadh;

tú féin fear mo chobharrtha,

fóir orom, a rí neimhe.


2 ’Iosa ionmhain thairisi

do chum, do cheannaigh misi,

cidh adhbhol mét m’ainnisi

m’fhurtacht is féidir libhsi.


3 Feadh mo ré sa tsaoghal-so

sirim ort, a mhic Mhuire,

cuit cháis, céirce is daonnachta:

múin, a Dhé, mé mur dhuine.


4 Ola, ongadh is aithrighe

a tigh fhairsing bhias biadhmhur,

m’ég is mur sin aithnimsi

air an airdrígh ngeal ngrianmhur;


5 [a]imsear shéimhidh shoinennta

lán do shíocháin, do shonus,

lá ciúin glégeal loinnearrdha

gan díth soillsi ná solais.


6 Tabhair, a Mhic ro-uasail,

a rígh do chum in chruinne -

d’fhear do ghrás ní hanualach -

gach ní dh’iarras ort uile.


7 In breithemh nach leathtromach,

lán d’aithne agus d’eolas,

in Trínóit tré-phersannach,

mé dá silleadh go seola.


8 Aingil uaisle flaitheamhnais

is Muire cona hógha,

sirit damhsa maitheamhnas

air aon nDia atha[i]r mór-so.