Poem in printable PDF format
Sbéacláir na
cruinne an chroch naomh
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 54]
Donnchadh Mór Ó
Dálaigh .cct. (?)
1 Sbéacláir na
cruinne an chroch naomh
crann suaithnidh
na sleas ndonnchaomh;
séala an
chroinn-se na gcóig gcneadh
róid as soillse
re silleadh.
2 Croch Íosa,
mionn cabhra cháigh,
mór ngné as a
ngairthear sbéacláir
don órchuanna
thiormghlain thais
d’fhiodhbhaidh
phórchuanna Pharrthais.
3 Sliocht a
chneadh an uair fhéaghthair
páis Dé is aisde
airléaghthair;
an rí as cinnte
dar gcoimhdhe
innte do-chí ar
gcabhair-ne.
4 Dá taobh táinig
an tsoillse
do sgaoil doirche
an domhuin-se;
ní sbéacláir ar
nach cáir cion
do bháidh
céadcháir an Choimdheadh.
5 Cóir sbéacláir
do rádha ria,
naomhchroch
chéasda Mheic Mharia,
crann na slios
gcomhchorcra gcáidh
ar sgrios
dorchachta an domhnáin.
6 Mór gcioth do
cuireadh impe
d’fhíonfhuil Dé -
dáil aidhmhillte;
do chéadthráigh
fholta gach fhir
an sbéacláir
chorcra chroinn-sin.
7 Aoine Chásg ria
do righeadh
corp Dé - díochra
an t-aindligheadh -
croch
[ghuaisbheithre] cabhra cháigh
- damhna a
huaislighthe d’fhagháil.
8 A-tá si-se ó
soin i-le
’n-a cairt sídh,
’n-a crois choimhdhe
re slios
ghéagcláir chaoimh chobhsaidh
’n-a sbéacláir
shaoir sholusghlain.
9 Iomdha raon
guasochta gon,
lorg cneadh agus
áit áladh
tre chlár ngeal
séanta a sleasa
’n-a sbéacla
fhear n-ainbheasa.
10 Silleadh
créacht a chuirp chorcra
cúis truaighe,
tuar furtochta,
dáil chabhra
athair d’fheithimh
fachain anma
d’fhóirithin.
11 Sompla ar
sídh, séala ar ngrádha,
fáth tuirse, tuar
lúthghára.
an mionn croinn
ghéigleabhair ghlain
do chloinn
éidtreabhaigh Ádhaimh.
12 Cúis lúthghára
a dtáinig tríd;
fáth tuirse an
tráth do-chímíd
an slios
corpghonta, an cíogh donn,
do bhríogh
fhurtochta ar n-anman.
13 Mairg nach
sill sleachta a beoghon,
mairg croidhe
nach cuimhneoghadh
iul diadha
doinnleabtha a chneadh,
piana
coimhdheacra an Choimdheadh.
14 Cneadha a
thaoibh - truagh an sompla -
lorg bear a bhonn
mbeoghonta,
an dá
chréachtláimh, an chlí gheal,
sbéacláir don tí
do thuigfeadh.
15 A thuigsin
dúinn - dia do chéill -
an fáth far
fhuluing iaid-séin
feadh sléachtana
dhíonn do dhligh,
créachtghona
ríogh an ríchidh.
16 Dá dtugtha a
hinneall dot aoidh,
a fhir do-chí an
gcroich bhfíornaoimh,
sléachtain ní ba
díoláimh dhuit
don íomháigh
éachtaigh orrdhruic,
17 ’N-a sompla
chabhartha cháigh
tuig ar tús mar
tá an íomháigh
’n-a deilbh
chneisiomláin chruaidh thigh,
’n-a heisiomláir
thruaigh thuirrsigh.
18 Tuig fós - is
feirrde a hionadh -
mar tá sí ar n-a
suidhioghadh;
féach an tarbha a
ndeachaibh dhaoibh
i mbeathaidh
th’anma, a óglaoigh.
19 Fáth a
cheangail is an gcrann
oidhir Dé -
diadha an fulang -
fáidh gach
aoinfhear dar fhoillsigh
sgaoileadh cáigh
san cheangail-sin.
20 Ciall a dhá
lámh do leathadh
Uan Dé, dalta ar
ndeirbhsheathar,
ró gráidh ar n-a
fhaláir air
do ghabháil cáigh
san chrann-sain.
21 Mar
fhairrsinge dá aos ghráidh
fuilngis cumhgach
- cúis tochráidh -
idir ghlaisreanna
dealg ndonn
an leanb
d’fhairrseanga oram.
22 Fáth fa dtug -
truagh an cosgar -
doirse a chneadh
re a gcomhfhosgladh
mar shlighe dar
dtochta is-teagh
tre chridhe
gcorcra an Choimdheadh.
23 Fáth claonta a
chinn san chroich-se
d’umhlacht dúinn
- dál athtuirse -
Rí do bhí i
gcumhnga dar gcionn;
do bh’í an umhla
gan fhuighioll.
24 Fáth fa dtug
d’fhurtocht oruinn
crann céasda an
óig abhramhoill,
dul ’n-a rann go
ráinig linn;
re crann tháinig
ar dtuitim.
25 Báidhthear anu
d’fhuil a chroidhe
croch Dé, crann
ar gcabhrai-ne,
crann corcra
slánuighthe ar sean,
folta cánuighthe
an Choimdheadh.
26 Crann do
lubhghort phuirt Pharrthais,
mionn croiche
clár leabharthais,
crann soillse na
sé gcineadh,
ré an chroinn-se
ní caithfidhear.
27 Cros choimhdhe
cloinne hÁdhaimh,
luibh chabhra
créacht bhfíorghábhaidh,
crann do thomhais
Mac Muire,
slat tomhais na
trócuire.
28 Sbéacláir
cháigh, éanchrann ós fhiodh,
tríthe
at-chonnairc Dia ar ndídion;
d’éis ar
gcabhartha tar cáir
tabhartha sbéis
’n-ar sbéacláir.
29 Peadar
comharba an Choimdheadh
bíodh leam an
seang séaghainngheal
fa chréachtcháir
na gcroidhe thall
sbéacláir oile ní
iarrfam. Sbéacláir.