firstLine"; ?>

168. Ag so an t-easlan dar-iribh $
Length: short 14qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
Motifs:
  1. imagery for God (physician)
  2. imagery for God’s grace (healing herb)
  3. soul enemy of body
  4. Fives Senses
  5. Seven Deadly Sins, Eight Vices
  6. sickness
Poet Christian Names:
  1. Maolmhuire (BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Ag so an t-easlán dar-íribh

[O’Conor Don, 57a]

Máolmuire Mac an Baird cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Ag so an t-eslán dar-íribh

ag sechna an ráoin roidhírigh

ré ceó ngalur is ghon mbáis

do thol fhaladh as úathbháis.

2 Ad-chiú sunna sáobh a dhál

othur ainéigneac easlán

a-ta ar [gc?]or ndoiligh ndocrach

fá roinimh ghon nguasachtach.

3 Ni cnédha nach cúis gábhaidh

a-ta síad seacht bpriomhaláidh

’gom creuchtnochadh tinn at-tám

sinn an t-echtothar easlán

4 Ocht luit oile och do ghoimh

a-táid is béid rem bethoidh

ag foghail oirne dom áis

do ghonuib dhoímhne díanbháis.

5 A-ta bhós do bharr tédhma [57b]

ar na gonaib gráineamhla

cúig dóirsi dórcha do druid

soillsi d’forgla [leg. dorchla?] ní dhénuid.

6 Ní léigid so tharsa as-tech

do leigios mo lot néimhneac

luibh budh tarbha dhamh no dháibh

mo char as dhámhna diombháidh.

7 Na sechtrphecuidh márbhtha

crechta bhús cian comhartha

na secht n-álaigh-si as íad soin

námhfhaigsi iad dom anmoin.

8 Na hocht n-áluidh úd oile

na hocht coirthi collaidhe

gáoi gera lé ngontur sinn

ochtar ’sa bfrémha ó bfhuilim.

9 As íad na doirsi dórcha

mo cedfadha corpárdha

nach leig líaigh an tédhma as-tecch

na berna ’na ndíaigh dúintear.

10 Tú an líaigh nach leigter as-tech

tú luibh na n-áladh n-éignech

tú mo Rí-si a Rí nemhdha.

a Rí-si as tú ar ttígherna.

11 O nach bfuil líaigh na lot-sa

’na luibh fhóirthi m’áladh-sa

acht thú a-mháin a Meic Muire

deit as cáir ar ccomhdhui-ne.

12 Leighis mé do mhuin páirte

bráon d’fhírshreib na híocshlainti

leig do cobhair mo chned ttrom

go ttoruid as-tecch torom.

13 Sgáoil an ceó-sa fan ccroidhe

nocht damh a Rí an ríchighe

lés dod tshoillsi muscail me

osgail mo doirsi dúinte.

14 A Dhé athar na n-uile

ós treisi an truaill talmhuide

trasgair í fan anam lag

lé mbí an chalann ag comhrag. Ag...