Poem in printable PDF format
Seacht dtroighe
mo thír dhúthaigh
[McKenna,
Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 21]
1 Seacht dtroighe
mo thír dhúthaigh
lem chroidhe ón
nídh do níthir
gin gur toil táth
rem dhúthaigh
fúthaibh soin go
bráth bíthir.
2 Leig a chlí
th’uaill ar umhla
creid gurab í an
uaidh th’adhbha
leag seol do
mheada meanma
bearna an éaga
eol th’anma
3 Ní bhí a
hoirchill ar m’aire
an toirchim go
dtí im ghoire
gearr lá Dé ris
an duine
má tá uile a ré
roimhe
4 Deirge glac
eidhre an athar
ar slat sheilbhe
ar a shochar
a leig linn gá mó
an maitheamh
dá maitheadh sinn
dó a dhochar.
5 Nír bhac grádh
d’fhagháil uadha
nar bh’ál gabháil
an ghrádha
do bharr ar a
bhuain d’Éabha
fuair séana i
gcrann na cána.
6 Dá mbeath nach
duine an dúileamh
do neath ar Muire
ar múnadh
do bhac mo
ghníomh é d’iadhadh
dá dtrialladh
cíogh Dé dúnadh.
7 Ar m’óidh ní
fhuil an crúsa
an fhuil do fhóir
mo chássa
do bhí an bhroid
do bhaoi ar Íosa
naoi míosa ag
goid a ghrása.
8 Teachta ar a
hiocht budh éigean
a eachtra fan
fhiort lígeal
mé do thaom gé do
tréigeadh
éigean do laogh
Dé ar ndídean.
9 An bás fhuair
nochar airigh
do smuain ar cás
a chinidh
a fhearg agus í
ar galuibh
gabhaidh sí searg
ar slighidh.
10 A fhíoch ar
cairde cuirthear
cairde fan síoth
ní sirthear
teach Dé is ar
bháidh do beirthear
sé ar neimhchion
dáibh ni dlighthear.
11 Do roghain rug
a oidheadh
go dtug cobhair
dá chineadh
bacaidh sé fás na
foladh
nach roghabh grás
Dé dligheadh.
12 Do bhí a uille
ar a fhine
nó gur bh’í a
mhuime Muire
gar ar ngaol
a-raon roimhe
goire a ghaol
damh ná duine.
13 An bhfuigheam
cóir ’n-a chneadhaibh
cóir a fhuigheal
re a oidhir
dlighthear dhíot
cách do chabhair
tabhair tráth íoc
[ót] oidhidh.
14 Do ní t’fhearg
ar ais d’fhilleadh
an dealg id bhais
do barradh
do chuaidh as
t’fhíoch a fhuinneamh
dá dtuillear
síoth uair annamh.
15 Sé ar mo sgáth
do sgaoil tusa
’s gan mé ag táth
do thaoibh dheise
gémadh maith mo
lucht leasa
t’ucht deassa ní
mhaith meise.
16 Saobh is an
t-eol gá fhuráil
nach eol dod
ghaol a ghabháil
ní luagh i
n-aghaidh t’anshóigh
anóir thabhaigh
uann d’fhagháil.
17 Do tharadh
croinn na cána
nír bhoing acht
bhadhadh síodha
do maith tú an
aithne d’Éabha
séala an
mhaithmhe crú an chíogha.
18 A tonna an
tráth bhus bhuirbe
ar cách dá gcroma
an meirge
gabhaidh an grás
í i n-airde
go mbí cairde ar
fhás t’fheirge.
19 Don ulc dá
n-ana meise
ní budh fhala
th’ucht deassa
an ochtghuin is í
as usa
gontair tusa ní
as neasa.
20 Dearg san
bhráth sliocht na sleighe
t’fhearg re cách
san riocht reimhe
cuirfidh tú i
n-uaisle ar th’fhine
crú an chridhe an
uairse eile.
21 Ní fhuighe
táth do thaobha
an tráth bhus
ghloine ar ngníomha
díol do budh
déanta d’éara
géabha a síodh
créachta an chíogha.
22 An bior tarla
san troighidh
cion na habhla do
fholuigh
do pháis gan
cheart dár gcabhair
gabhaidh neart
dot áis oraibh.
23 Dá leanta díol
a ndearnas
gá deacra an
cíogh ná an chorrbhas
ar gcás do
chuaidh i ndoilgheas
nach cuibhdheas
grás uaith fhoghnas.
24 Do mhaol
th’fhearg ris an uile
an dealg maol nar
mhaol neimhe
ar fhuil nó ar
uisge an chridhe
cuir nighe
m’uilcse d’eire.
25 Téid an grás
dóibh tar dhligheadh
nach cóir id bhás
do bearar
ní bhean don
chíogh ar gcuireadh
fuidheal cean
díonn má dhleaghar.
26 Gur fhás síodh
leis an sanais
a síol na ngrás
do gheinis
ar bhfuil gan
fháth nír ibhis
ní gnáth milis
luibh leighis.
27 Do chuir
céadnús cíoch Muire
t’fhíoch i
n-éadlús ret fhine
díol id chígh
cridhe eile
go cridhe ríogh
dhínn dlighe.
28 Ag teacht ar
gcúl ón chomhrair
a rún gun fheart
ag anmhain
a brú gin gur
bh’í th’iomdhaidh
do ionghuir sí tú
i dtalmhain.
29 A glún maol
d’fhulang th’eire
do shaor ón
ubhall th’fhine
do bh’í ar gcosg
don chaoi oile
tosd Muire ’n-a
chaoi cridhe
30 Cóir a rádh is
rádh bagair
ar ndóigh fa lár
ná leigidh
fearg th’oidhre
an t-am bhus abaidh
agair ann
coimhdhe an chreidimh
31 Tráth budh dhú
díol a dhoirre
ní síodh gnáth rú
do rinne
an dó féin do bhí
id bhruinne
rí an chruinne ó
nach réidh rinne
32 Do chuaidh a
neimh ar neamhghrúig
fan gcneidh ní
huain fhionnmaoid
ar teach nDé is
beag do bhearmaoid
meallmaoid dá
chead é i n-iomlaoid.
33 A bhfuair féin
d’ore an othair
mar phéin Moire
nír mhothaigh
do bhí ar a láimh
é d’fheithimh
teichidh sé i
ndáil an dochair.
34 Barr éarca ag
Dia ar na daoinibh
a chréachta cia
nach núidhigh
guin a thaoibh ni
hé as uamhain
daoibh achd
nuaghoin Dé dhúiligh.
35 Mian na
gcéidchean gum chlíse
a srian mar
léigthear léise
a-tá an chlí ag
brath a baoise
sgath na haoise
is í ar m’éise. Seacht.
36 Ó tharla ar
th’iocht mé a Mhichíl
maithfidh Dia
dealg na coise
daingean d’fhior
taobh red threise
saor mheise ar
bhior na boise. Seacht.