Poem in printable PDF format
Séad fine teisd
Thoirrdhealbhaigh
[Dáibhi I. Ó
Cróinín: ‘A Poem to Toirdhealbhach Luinneach Ó Néill’, Éigse
16, 50-66]
Muircheartach Ó
Cobhthaigh cc.
1 Séd fine teisd
Thoirrdhealbhaigh,
teisd dhlighthear
do dheighleanmhain;
cia dá n-oir
teisd Thoirrdhealbhaigh?
as ceisd soin a
seinleabhruibh.
2 Brath céile
mhná Muireadhaigh
don chléir a-tá
talamhail,
brondaidh riar go
roiridhin
do mhian ollaimh
d’anamhain.
3 Líon troide
nach taobhaighthear,
a ngríos bhloidhe
ar beomharthain,
cách uile ní
háirimhthear
as duine ar áth
d’Eoghanchaibh.
4 Dar leat as í
an ingheanraidh
fada dhi dá
dheighleanmhain,
bean Fhloind ar
tí Thoirrdhealbhaigh
do bhoing sí as a
seinleabhraibh.
5 Deacair riar
don ríoghasraidh,
iath dá chora a
gceoluisnibh
de naoidhe ós
mhuigh mhíonUisnigh
ní haoidhe ón
fhuil Eoghainsin.
6 Úir as dola a
ndeirgcrithir,
dúin chorra do
chrundtochail,
cách ar
fhuighlibh iontachair
fuilngidh an
t-áth d’Ulltachaibh.
7 Sgur im nóin ar
nuabhothaibh,
ar ndol dóibh fa
chaoildeathaigh
deoch uile
d’fhíon éineathair
ní fhuighe síol
saoirEachaidh.
8 Mac Néill an
ais órsholais
géill aige as
gach éininis,
conair a gceand
ríoghamhais
tré choraidh
reand réidhighis.
9 A gcor síth ré
seanSacsaibh,
a gcrích do chur
roimheisneigh,
ní léir d’iath a
uireasbhaidh
más réidh an
fhian Oilighsin.
10 Dáigh gu
mbiadh ’na bhuanfholaidh
nach áil diall re
deoradhaibh,
glas labhra ar
leic ríoLughaidh
gu reic anma an
Eoghanaigh.
11 Maoir lé
bhfaghthair ainbhreatha,
laoich go
sleaghuibh siobhlacha,
lór leo géill gan
gheimhleacha
mása ghleo
d’fhéin fhiondMhacha.
12 Mac Néill orra
an imreasain,
sgéith dhonda na
ndondbhasaibh,
goill dá bfhógra
a findleasaibh,
Fódla fán gcloind
Chondlasain.
13 Na róid reampa
réidhighthear,
tóir tharsa do
hsheolathraigh,
áth troda ní
taobhuighthear
má foda ón áth
d’Eoghanchaibh.
14 Sgol d’éra
níor haontuigheadh,
ré ndol
d’fhéchain óiltigheadh
tucc sé don
chléir cuartughadh,
budh lé féin a
bhfóicfidhear.
15 Mór bhfear and
gan urmaisin
as barr aige ó
fhindleasaibh
do theagh
caithmhe an chumuighsin
gan aithne ar
fhear n-imreasain.
16 Tuar síth
teachd dod thaobhughadh,
glas ar hfhíoch
do iadhabhuir,
do chóir ar fear
bfhíorfhaladh
re headh n-óil
níor iarrabhair.
17 Téid réir dó
nár dhligheabhar,
fá a thoil féin
do fuirigheadh,
sibh d’éra fhir
ealadhan
sgéla sin nár
suidhigheadh.
18 Deacair coscc
fhir fhíorfhaladh,
sibh a-nos dá
nuaghoradh,
bean Néill ribh
ag réidhiughadh
achd sibh féin
nach fuarabhar.
19 Críoch ’na
ndeoidh tré dhondlasair
nach fríoth ar
eol d’earmaisin,
beag libh a n-eir
d’imreasain
re t’fhéin fán
dtreibh dTeamhraisin.
20 Teachd le
cléir do chuidiughadh
d’éis an treasa
tuccabhair
líon cuiridh gan
cheadughadh
go bruidhin ríogh
ruccabhair.
21 Don ghréin
as-teagh toirleanga,
sreabh dá
n-éirghid iodhlanda
fear taisdil
bhruaigh bhionBhanda
fuair aisgidh nár
ionronda.
22 Fearthain mhín
fán mailleassa
beanaidh a
Craoibh chlanndosa,
súil ag tréagadh
thindeasa
d’fhéagadh
bhrúigh na Bandaso.
23 Maoidhid é ar
an ingheanraidh,
sé ar dhraoithibh
’na dhaighmheanmain,
bheith dóibh ar
tí Thoirrdhealbhaigh
don tóir dob í an
ainleanmhain.
24 Triall feadhma
nír failligheadh,
cliath reand ag á
rionndubhadh,
tóir ’na gcoinde
ag cruindiughadh
nír mhoille
d’fhóir fhiondUladh.
25 Sé ar mhac
Néill ’na neamhthathamh,
teachd tar bhéim
nach buingfithear,
ní hé as fáth
d’fhíon d’anchaitheamh,
a dhíol ar chách
cuirfithear.
26 Laoich
thoghtha as fhearr urmaisin
a bhfearg throda
teandlasaidh,
ní béim ar fhear
n-imreasain
nár bhean don
fhéin Eamhnasoin.
27 Ní ticc leis í
d’fhóiridhin
an neimh do bhí a
mbeoghonuibh
liaigh gan aithne
ar áladhaibh
a ngliaidh
d’aithle an Eoghanaigh.
28 Ní cás riar dá
rodhoilghe
cách as iad a
n-orfhuighle,
gealladh áigh
d’fhéin Mhodhairne
as céim far cáir
comhairle.
29 Mac Néill ar
chách coimbrisidh
áth nach éidir
d’ormaisin,
fada clú ar fhear
n-imreasain
gur bhean don
chrú Chondlaisin.
30 Laoich gan
fhéghain d’anfholaidh
nach maoidh
dénaimh deaghoinigh,
sriobh séin d’ól
gan ealadhain
as béim le slógh
seanOiligh.
31 Draoi do
mhnáibh dá mhinleanmhain,
an líon áigh do
oirbhearnaigh,
suan do b’fhoda
ón ingheanraidh
tré luadh dtroda
dToirrdhealbhaigh.
32 Fríoth le
mnáibh mhúir ríleasa
rún fá ndáilid
deorfhrasa,
néll cean don
fhuil Endasa
tar muir do
b’fhear eolasa.
33 Re huchd
ndeabhtha dearbhobaidh,
eachra ar ndul a
ndrumshrollaibh,
brath seilge im
Bóinn mbailbhenaigh
ag fóir dheirge
im dhubhnonaidh.
34 Mac Néill ní
fear fuaroráin
téid a dtreas go
gléimheadhón,
maoir fhiach ar
gach énoilén
do sgaoil ó iath
Éireamhón.
35 Blodhthar
reampa ríodhoirsi,
mall n-eachdra na
heolaighsi,
tuir im Bóinn tré
bheoluisne
go nóin ón fhuil
Eoghainsi. Séd fine t.t.