firstLine"; ?>

1690. Sealbh Eireann ag aicme Neill $
Length: very long 59qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. TCD 1399 (H.5.28) 1679
  3. TCD 1378 (H.5.6) --- O’Reilly, late 17th c.
  4. Bodl. Rawl. B 477 south Ulster 1678
  5. NLI G 24 Aodh O Dalaigh c. 1750
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. poet incites to battle
  3. hosting, sluaigheadh
  4. English conquest of Ireland
  5. prophecies of expulsion of Foreigners
  6. inauguration ? (‘ar do bhroig dheis’)
  7. reim rioghraidh, regnal list
  8. king’s officers: maoir tabhaigh
  9. submission, tuarastal, umhla
  10. legal terminology
Poet Christian Names:
  1. MacCon (RIA 2)
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mac Neill
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1595
Apologue Subclasses:
  1. Tuathal Teachtmhar expels foreigners
  2. Muircheartach of Leather Cloaks’ Circuit
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Sealbh Éireann ag aicme Néill

[RIA 2 (23/F/16), ‘O’Gara’, 76]

Mac Con O Cleirigh cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Sealbh Éirionn acc aicme Néill

a-tá ré haimsir n-imché(o)in

ni maoitti ar sheainshliocht Neill náir

a n-eighriocht fe(a)in ní furáil.

2 Síol Neill ríamh o ré na sean

dáiph as cóir ceandas Gáoidheal

mairidh a sealbh ar chlár cCuinn

gidh searph re a lán a labhruim.

3 [Is] mo as faide a-ta Teamhair

ar láimh Ghall o Gháoidhealaibh

mithidh Bóinn a be(a)in a glas

d’Ó Néill as cóir a ceandas.

4 Sgél é ar[a] bfhuilid fiadhain

don chrích-si Néill Náoighiallaigh

cairt sheilbhe ar Bhóinn ’s ar Bhreadhaibh

don eighre as cóir creideamain.

5 Cairt Fodla re foirneart Gall

ar íasacht ge a-ta tamall

cairt na seilbhe acc síol Eogain

a diol d’eigre aigeoraidh.

6 D’athchar Danar [t]ar sál soir

ar aithris Túathail Teachtmhair

rucc reim fa thuataibh Teamhrach

méin Tuathail a tToirrdhealbhach.

7 Céad cath mur do-chúala sinn

tucc Conn acc cosnamh Éirionn

mac Feilim as dearbh gur dhligh

sealbh na hEirinn ’ga hoighir.

8 Tríocha bliaghan búan an seal

do bhí Éire ag Art Áoinfhear

air a rogha do fhréimh Airt

Ó Neill a togha tochmairc.

9 O chrích Mhidhe go Muir nIocht

náir dá oighir an t-oirbhiort

do mac Eachaigh do Niall náir

ní dheachaidh gíall gan gabháil.

10 A neart ar chách do chuir Níall

ar mháoilinn Mhara tToirrian

ní mhaoidhim mur neart d’Ó Neill

a cheart ar aoineing oiléin.

11 Tuarastal Neill na Náoi nGlas

do Corc Mor bá mor díomhas

a haithle an deighfhir Neill náir

béim dá eighir a admháil.

12 D’Eogan mac Néill na Náoi nGiall

tuc Padruicc dhó ar a dheighréir

lúach a dheighbheart as dearbh liom

sealbh ar eighriocht na hÉirionn.

13 Muirceartach Mór mac Earca

tucc tiomchioll na hoighreachta

ceithre catha cóig húaire

fa fhóid Macha Mongrúaidhe.

14 Clann Murceartaigh fa mór rath

tuccsadur timcheall Teamhrach

ceithre catha ’s ní céim mion

le féin Macha do maoidhiodh.

15 Tucadh ceannas chláir Teamhrach

gan eanchath d’Áodh Uairiodhnach

tuc gan cath fan cclár do chur

ba lán gach rath dá rioghadh.

16 Tucc Fearghal mac Mháoila Dúin

fa chlár Teamhrra is fáth iomthnúidh

cnuic fhóid Mhacha gur mhionair

cóig catha ar ná cóigiodhaibh.

17 Fuair Niall Frasach fechthar linn

céad giall a n-umhlacht d’Éirinn

Éire ar tí an Fhrosaigh go rath

do chosain í gan eanchath.

18 Seacht ccatha fa clár mBanbha

do búain d’fhoirinn allmhardha

ar gach táobh do mhuigh Midhe

do chuir an tÁodh Oirdnidhe.

19 Niall Caille do chuir roimhe

gur chosain críoch Úgoine

tús ratha a neart a-nallan

seacht ccatha do chúalamar.

20 Gur bhean umhla da gach iath

géill Éirionn go hAodh bFhionnlíath

cairt an fhuinn re hocht ccathaibh

do nocht o Chuinn Céadcathaigh.

21 Tucc Niall Glúndubh na ngleo tteann

náoi ccatha fa íath nEirend

ráith Neill cuiridh fa chánaidh

duiligh réir an Rómhánaigh.

22 Do ghabh gan chogadh gan chath

clár Oiligh d’aindeóin Ulltach

nár da gháol gan a ghabhail

an clár fa Áodh Athlamháin.

23 Géill Éirionn ar n-eirge a-mach

le beagán sluaigh go siobhlach

gabhthair le hÁodh Ó Neill náir

béim da gháol gan a ghabhail.

24 Cath Craoiphe Tulcha tuc thoir

’nar thuit Eochaidh mac Ardgail

damhna béime ar Áodh ni (b)fhuil

Éire ar gach táobh do thiomchuil.

25 Braighde Gaoideal na ngleo tte

’na choinne go cáol uiscce

go faghail ghiall d’fhéin Uladh

Brian Ó Neill bá neamhumhal.

26 Iomdha cath nach cumhain linn

tuc síol Eogain fá Éirinn

da mbheith go madh e(a)igin d’fhior

a leith ní héidir d’áiriomh.

27 Fuaras a lán do leaphraiph

scél leanfus tú a Thoirrdhealbaigh

ar mac Neill oile a hEamhain

tar bhéim Mhuighe Muireadhaigh.

28 Oighre Neill an Ghlúin nar gheal [78]

do ghlúais ger bheag an bhuidh(gh)ean

do thuaidh on tír go-roile

do shín úainn ar amhsaine.

29 Do gheall bhós ger bhríathar theann

go ngabadh geill bfhear nEireann

no go roithfe thíar is thoir

nac bíadh dá oidhche a n-eantoigh.

30 Deicch ccéad láoch líon a thionóil

ag taistiol fhuinn Éiriomhóin

fágbhaid máoine a mbothaibh beann

laoighi na ccochall ccroiceand.

31 Airdri Muman bá mór nimh

darbh ainm Ceallachán Caisil

le clódh d’oighir Neill a-nonn

le fé(a)in Oiligh a n-íarond.

32 Rí Átha Clíath na ccolg sean

rí Connacht láinrí Laighean

7 rí Dháil cCais na ccreach

a láimh tar ais go hOileach.

33 Murceartach mur thucc as-teach

braighde Éirionn go hOileach

ceann sluaigh na ccaithNiall do chinn

do bhúain na n-aithghiall d’Éirinn.

34 Mic dha Niall sibh leath ar leath

ionann daoibh úaisle is e(a)ineach

muna mó ní lugha libh

do dhula a ccló an chéidfhir.

35 An lá as lugha líon a shlóig[h]

mac Neill as taidhphsioch tionóil

deich ccéad re chéile cuiridh

cread acht Éire dh’iondsuighidh.

36 Do ghabh Murceartach mhac Neill

neart Banbha na mbrugh soilléir

lorcc ag mac an aithNeill air

dar lat as caithréim(h) cosmail.

37 Cóir dhuit an lorg do leanmain

go ráth Teamhra a Thoirrdhealbaigh

do mháoir tabaigh ar chóir cCuinn

cóir at aghaigh ní fhaghuim.

38 An Bhóroimhe do bhí ríamh

acc síol cCuinn ar chath Gailían

gan teacht go síol Neill as náir

ni díobh fé(a)in gan a f(h)aghail.

39 Do braithfinn duit déanamh slúaigh

madh áil críoch Chuinn do comhúaim

nach beith sluagh an t-athla ort

uam da ngabhthá do gríosacht.

40 Ionnann frémh o bfhuilid soin

síol cConuill is clann Eogain

dleaghaidh cabhair a cheile

Teamhair d’faghail einfhreimhe.

41 Síol Néill uile thúaidh is teas

Gáoidhil Alban is oircheas

cungnamh sluaigh d’fógra orthaibh

do bhúain Fhódla d’allmhorc[h]aibh.

42 Rachaid leat líon a tteaghlaigh

créad fhostus tú a Toirrdhealbaigh

do bhrath ainbhreath ar fhoir Ghall

an fóir Laighneach ni locann.

43 Tucc comhaltas chloinne Cuirc

re Niall an anma orrduirc

leanuid fós da bfhuighlibh óil

Muimhnigh a ttós an tionóil.

44 Clann Uillíam is aicme Táil

is riograidh Rosa Comain

do rann Uí Neill a-nallan

is clann Chéin do-chualamar.

45 A-táid ní tráth da locadh

Gáoidhil uile ar h’áonfhocal

do dhíochar Gall tar sál soir

muna thall dob ál anmain.

46 Lios Teamhrach na ttulach nglan

na sé rí déag dá dhearbadh

’na tuaidh ar léim do leasa

dot fhréimh ní húair aighneasa.

47 A mhic Neill nach tláith a ttroid

do fíoradh fuighle Padruicc

dot bhuadhaibh on náomh a-noir

gan táom uamain a n-iorghoil.

48 An lá bheire ar do bróicc dheis

d’Eirinn uile as fáth faitcheis

tarla on bróicc ndeis-si id dheaghaidh

do threisi ar chóig ccóigeadhaibh.

49 D’iomad mbuadh bhías ar marthain

tuc mac Arploinn d’Eoganchaibh

neart ar gach fiadh as dúal dáiph

is buadh giall do ghapháil.

50 Buadh ccríoch do chur fa chánaidh

búaidh feile ’s dá fágbhálaibh

do shén slúaigh Macha maraidh

buaidh catha ar a ccuradhaibh.

51 Beith umhal d’einrigh oile

ar son óir no eachroidhe

ag so geasa Ui Neill a-niodh

do réir feasa na bfhileadh.

52 Re sgoil Bhanbha da mbheith geall

fa fholaibh uaisle Éireann

ni féile ara bfuil falach

as réidhe an f[h]uil Eoghanach.

53 As í breath do bhí acc sgolaibh

do shíol Neill a-nallomhain

meath gach deighfhir deimhin linn

a leath einigh ré hÉirinn.

54 Niall as Art re hiomchar sgol [79]

Conn is Énrí is da Eoghan

leanaid tréad na ríogh reamhaibh

le ríomh do geag ghinealaigh.

55 Tadhg(h) Glinne airdri Uladh

Brian an Chatha is Conchubar

[is] da Fhlaithbeartach do bhladh

Máol Dúin Máol Firthre Ferghal

críoch na bfhuinedhach fáoi ar fedh

Muireadhach os mhnáoi miledh.

56 Ceithre Domhnaill as dearb linn

ceithre Murceartaigh mhaoidhim

sé hÁodha gan éra ar sgoil

is ocht Neill do Niallaigh

ga glún gáoil as uaisle fuil

san craoibh uaibh-si go hEochaidh.

57 Cúig ghlúine déag as dearbh sin

is fithi glún do ghlúinibh

o mac Neill go Niall oile

is íarr an réim(h) rioghraidhe.

58 Seisior ceithre fithit fear

’s gan íad féin orra dh’áireamh

fir do sheachain crúas um crodh

súas o Eachaidh go hAdhomh.

59 Ge frith an úain o fhuil Neill

fa chrích Mhidhe an chláir choimhréidh

a bfhuil a láimh re Bóinn Breadh

ní dáibh as cóir an ceidseal. S[e]albh...