firstLine"; ?>

1692. Seanoir cuilg cairt an Bhurcaigh $
Length: very long 53qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/13) O’Curry trscr. BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Motifs:
  1. Envoi to BVM
  2. nobility of ancestry
  3. cooperation btn Irish and Anglo-Irish
  4. tribute, cain
  5. submission, umhla
  6. High kingship of Ireland
  7. legal terminology
  8. historical precedents
  9. Classical allusion
  10. merchant (cloth)
Patron Christian Names:
  1. Riocard [Saxonach] m.Uilleag m.Riocaird
Patron Surnames:
  1. a Burc (2nd Earl of Clanrickard d. 1582)
Apologue Subclasses:
  1. Hercules conquers isle of purple sheep
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Seanóir cuilg cairt an Bhúrcaigh

[O’Conor Don, 344a]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Senóir cuilg cairt an Bhúrcaigh

pinntshledh a ccléith cennluptu[i]r

fedh sgríobhth[a] na cairte cuilg

re maicne ríoghdha Riocaird.

2 Cairt cloidhimh ca cairt is ferr

cairt Riocairt ar rath Ráoilenn (Raoile)

cairt gac deghshloigh as [s]i soin

ar seanRóimh Dha Thí is Túathail.

3 Ag sin cairt chloinne Neimhedh

is Fher mBolg na mbánbhleidhedh

is Tuath Dé nar dhóigh mbiodhbadh

ar Rait[h] Té na ttiormfhionnmhagh.

4 Nior chuir Lugh na lamh bfada

nior cuirsed clann Cearmada

ar crich nAirt na n-aibhnedh mall

acht cairt airmshledh is (órarm no) órlann.

5 Nior cuir clann Mhílidh ar muir

cairt leabhair oig na arsaidh

acht cairt nderglann sith a sen

ar crich na lergGhall linngheal.

6 Nior chuir an Cungúrach féin

sinnser Búrcach chlair chaithNeill

acht cairt sgíath is lann leabhar

ar íath na gcall gcnóremur.

7 Os cairt chloidhim chosnus sin

ionann cert cloinne Mílidh

[i]s na mBúrcfher dar giall goil

ar íath ccúirtgheal Ó cCobhthaigh.

8 Lenmhuin cairte cuilg gairthigh

gar chóra da chédaithribh

ar íath n-aillgheal núa na Niall

ina d’úa airmshen Uilliam.

9 Gar chóra do gasraidh Grég

dar fuilngedh í gan ainmhéd

táth Banbha an oirir fherghlais

ina d’oighir fhinntSherlais.

10 Gar chóra d’áoineac oile

dar chosain críoch Láoghaire

ina d’óigre an Íarla Rúaidh

griangha na coinnme cathshlúaigh.

11 Ag so a ccartadha ar crich mBregh

cairt a ccuilg cairt a sinnser

gnúis núa ar nach ccinnter a ccúirt

úa na n-imper ón (b)f[h]ionnBhúirc.

12 Go bfuair me ar ar ccairte a chuilg

do Riocard mac mhic Riocaird

áoidhedh sgeoil fa sgel annamh

frémh gach eóil do fhéuchamur.

13 Do bhí oigmhílidh gniom nglonn

mas fhíor d’eólchaib da altrum

nár thim chédcheim a ccliathaigh

sa GreigThéibh fhinn órsgíathaigh.

14 Laoch gníomhfhoirbhthe go n-áois óig

darbh ainm Earcóil mac I-óib

lamh lagtha [fh]laithmhileadh ttrén

dalta caithghniom[mer](ur) [C](tt)roighén.

15 Seolais gáoth ar sníomh a s(h)eóil [344b]

la don Téibh a ccenn Chroidheóin

luing tar sál go sédaib búaidh

fa lán édaigh dhuinn dhaorlúaigh.

16 “Sloinn duinn a fhir an éduigh”

ar tríath an fhuinn fhailmghéguigh

“cia an luibh da ndérnadh an dath

’na bfuil an dealradh díomsach.”

17 “Ni luibh dar fhás a húir ghloin

ní bláth dár fhás ar fhíodhbaidh

do chuir” ar sé “dhuin-ne an dath

acht gne chluimhe na ccáorach.”

18 “Oilen na cCáorach cCorcra

as ainm don crich cháomhanta

na ccaorach bfithe ar a bfuil

an cáondhath síthe sochruidh.”

19 “A gcomhtrom do chur a méidh

d’ór dherg no a mhes do mhaoinibh

fíorbhun a bfíach soiréidh sin

do thríath an oiléin áirmhigh.”

20 “Ceist agam ort” ar Earcoil

“cía tríath an f[h]uinn iongantoigh

’san treóid dhathghloin go ndáoire

nac bfaghthair gan iolmháoine.”

21 “Mac rígh na ríoghbhuille a-ndes

dán hainm fíre Fiol-óises

urra an treóid fhíthe d’aire

’s na criche” ar an cennaighe.

22 “A fhios damh cionnus do-chúaidh

a seilbh na criche an chédúair

an ttiúbra an tí dar sealbh sin

nó nar shealbh í da aithribh?”

23 “Ar nert lámh ar crúas ccroidhe

do bhen sé da sealbaighe

crich bfíthe na séd senta

’san tréd síthe súaighenta.”

24 “Muna bfuil acht cert chloidhimh

aige ar an ttir ttiormoighigh

cairt ar n-airm-ne ní fhuighter

cairt bhus daingne [d](fh)éuchfuighter.”

25 Lucht loinge d’armghasraidh óig

gluaisis Earcail mac I-óib

ó Théibh na ndroibhel ndruichtfhliuch

gus an oilén n-áolchúirteach.

26 Draig dhúaibhseac d’fhine F[h]ómra

go ndeilbh ndúaibhsigh n-allmurdha

mairg tarla a cclíathghoil ’na cenn

tarla san íathmhoigh d’Ercaill [leg. d’Eirceall].

27 Ag ardrigh gasda an ghormfhuinn

ré haghaidh an anfhorluinn

do bí tréiníath na ngniom nglonn

ar nár dhíon d’éinfhíadh echtronn.

28 “Cía tú [a] óigfhir na n-arm ttrom

nó an tú” ar an fómhóir fíochlonn

“athuir na sgíath n-aracht n-óir

as tríath don ghasraidh ghlanshlóigh?”

29 “Ní do shenchus dod ghnúis ghairbh

do ghlúais me” ar mac meic Sáduirn

“do bhéin do braghadh da bun

tánag ó Théibh na ttorcur.”

30 Gluaisid a ccenn a chéile

ga hamus dob aigmheile

don da draig chonfaidh chatha

don da onchoin fháobhracha.

31 Ga ttam acht nir fhill Earcail

ón draig dhúaibhsigh dhíoghaltaigh.

a bhás ’na caithreim gur chuir

gan spás do caithreim confaidh.

32 Gabhais caithmhílidh ghuirt Grég [345a]

fa a mbídis ríoghna ag róiéd

sgoith ghiall an oirir innsigh

ar n-oighidh an aithigh-sin.

33 Tug Filiosías airdri(gh) an fhuinn

ag sin díbh crich a ccomhluinn

an laimh nertmhair mbáin mbarrghloin

a laimh Earcail órarmaigh.

34 Sealbh an fhuinn fa ttig treasa

fograis an Fiol-oisias-[s]a

don ré láin ghégnuaidhe ghloin

láimh nár eccrúaidhe a n-iorgoil.

35 Iomthus Earcail nír feidm beg

do léig misi a mhic Uilleacc

an chríoch[-sin] da tshiol ó shoin

gur dhísligh a ghníomh gaisgidh.

36 Earcail airdrigh innsi Créid

muna tusa as tú a leithéid

a dhamh ré gasroidhe Gall

sé as casmhoile ad chonchlann.

37 Cuirfidh tú a mhic meic Mairgreg

ar crich bFloinn na bfochanghég

seula a ccartaigh cholg ngartha

ar lorg Earcail fháobhartha.

38 Cuirfe séula ar slios Lughaidh

’s ar Emhuin ccáoimh cConchobhair

’s ar Nás go n-allaibh áoil

gan tlás re clannaibh Catháoir.

39 Ar Cruachain Áoi (’s) ar Chaisiol cCuirc

a ccairt chloidhim eacht n-orrdruic

cuirfe réla ón Bhúirc bhilidh

séla a ccúirt nach cceilfi(gh)thir.

40 Raith na Niall ní náir dhisi

na tri fola ó a bfhuili-si

da táth gan chairt gan chlíathaigh

do ghnáth Airt is fhinnFhíachaidh.

41 Sreabh don Fraingcfhuil duinn dhathghloin

sreabh don Gréugfhuil ghniomharthaigh

sreabh fúibh re haghaidh n-iomuidh

don ghlanfhuil úir Éirionnaigh.

42 Da ttairgedh éinneach oile

spairn fa inis nIúgoine

ré heó thobair na ttri sreabh

obair don tí do thairgfedh.

43 Ar cairt leabhairar chairt ccuilg

dearbachaidh mac meic Riocaird

nach ben gan céile Bóin Bhredh

tar dhóigh na gléire Gáoidheal.

44 Cía do chuirfedh a n-iongnadh

táth Fódhla na bfionnbfhíodhbha[dh]

d’áonrogha gan ríghe ris

d’fhine sháormhodha S[h]érlais.

45 D’íarla mur é dob oirches

uaim Temra gan tacharthreas

fer sgagtha ríaghla na ríogh

íarla lagtha fher n-ainghníomh.

46 Ni fhuil einchéim ‘na ttoghthair

san crich-si shíol s[h]áorChobhthaigh

ceile d’fionntulaigh The thoir

nach iontogaidh é d’eólchoibh.

47 Más gnúis réidh go rath ndealbha

iarruid eólaigh fhinnTemra

do Ráith Té an ghríanmhoighe ghloin

as é ar n-íarloi-ne a n-iarraidh.

48 Más do gháois d’fheile nó d’iocht

théid sí no d’úaisle as d’oirbhiort

cóir ní fhuighther ’na aghaidh

fa Bhóin shruithghil siothbroghaigh.

49 Más do dhúthchasaibh dleghair [345b]

Nás Cruachain is cláoinTemhair

do bhi a ccáin ar cura shen

nír lugha a ccáir ar Chaiseal.

50 Iarla caithghníomhach cholg ndéd

do shenaibh meic meic Mairgreg

don stúaigh fherrdha bhéulrúaidh bróin

trénshlúaigh Emhna do umhloigh.

51 Cert Riocaird ar cathraigh cCuinn

ar gach adhbhar da n-abruim

cía aga mbiadh amhorus air

fa íadh ccladhsholus cCobhthoigh.

52 Riocard féin as é m’urraidh

re dearbadh a ndubhramair

d’inis chíachmhoighe Criomhthain

gan fhíafroidhe d’Eirionn(a)chaibh.

53 Mathair Dhé d’fhurtacht m’anman

ógh ghenmnach gniom n-iodhanghlan

gruaidh bhrechtdonn mar gríanga geal

stúaigh dercchorr niamdha naoimhshen. Seanóir..