Poem in printable PDF format
Searc mná Ír
dhuit, Aoidh, ná léig a bhfaill
[Knott, E.:
The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts
Society 22-23 (1922, 1926), poem 35]
1 Searc mná Ír
dhuit, Aoidh, ná léig a bhfaill,
diombáidh díbh an
chríochso Néil gan aird;
dearbh dá dtí,
más fíor a n-éibert Flann,
beidh fád chíos
go haoil ó Néid modh Cairn.
2 Leath dá bhrígh
mar bhíos an féithle am chrann,
an tan fa líonuid
grís na sléibhte reann,
mac Séain líthior
thríd ón ghléire Ghall,
ag teacht fán
tír do dhíbirt féine eachtrann.
3 ’Sdo ghabháil
bhraoighde ón tí nách téid ’na cheann,
an tan fa mbírsi
ar dídion t’éidigh as t’airm,
eas fá líne
gríobh ar ghréaschur eang,
scoth lán shíoda
ar íochtar gléasa gairbh.
4 Seanlann
righean nách díon air éide Gall,
sbolard dín ar do
rígh go mér ’na bharr;
each árd díola as
díorgha léimios bearn,
is giorrán díon
nách ísin féin a hainm.
5 Sleagh dá brígh
lé ríghmhac Réathuir ann,
’sdo chaith, más
fíor, a síothbhrugh Aonghuis treall,
’s a ndán díbh do
bhí, a dhéghmhic Seáin,
atá scríobhtha
líne an sgéith air h’ainm.
6 Gabháil rígh, a
laoch na sé leathrann,
’s tearc lá
choidhche nách bíonn, mar théid san arm,
frasgháir laoch
ag gníomh ré bélaibh badhbh,
’s gealtáin
gaoithe tríodso ag éirghe a ngleann.
7 Leath dá mhaoin
ní díol lé cléirchibh ceall,
d’fhothráil chíos
ón líon do théigheadh ann,
’só an lán bhíos
san oidhche am Aodh mhac Seáin,
sgol dá suidheadh
fa dhíon do réir a rann.
8 Seantáin
naoidhe faoi, lucht léighte leabhar,
’s tiompáin
tsídhe dá mhaoidheamh a dtéidchrot meann,
bandáil bhíos gan
ní ar bith d’éifiocht ceard
acht broit dá
bhfíghe lé croidhe do chéal. . . . eang.
9 Tachráin bhíos
ar baois as éisg ’na dtairr,
sgol chláir
tríochat, buidhne ag dréim cum bearn,
’sbas fá dhísle
trí seacht gérbhreac mall,
seas dá síorchur
tríd a chéile ar pheall.
10 Seantraill
chaoilbheirt líomhtha ag éara crann,
is beart don
taoighe dá fíghe aige faena tharr,
is gorbhaird
bhíos fa chíos na fléise ag spairrn,
asteagh dá
líonadh [ ] do ghléas na gceann.
11 Is iomdha ní
do-ríne réidhmhac Seáin,
seanchlár
Laighean gan aodhaire ar éanchrodh ann,
’s gan dail aoide
san oidhche do bhéin do chrann,
an tan as rí ar
an tír an té so as fearr.