firstLine"; ?>

17. A bhean na gcioch gcorrsholus $
Length: middling (c. 19qq)
Certainty: 0
Areas:
  1. Leinster ?
Classes:
  1. Love
Manuscripts:
  1. RIA888 transcr. of RIA5
  2. RIA 5 (23/D/4) Munster 17th c.
Prints:
  1. text (O’Rahilly DG no. 32)
Motifs:
  1. Envoi to ‘saint’ (Christ son of Mary)
  2. Pains of love
  3. Proverbs
  4. Riddles
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

A bhean na gcíoch gcorrsholas


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha, no.32]


1 A bhean na gcíoch gcórrsholas,

noch do chonnarc ó chianaibh,

mo bheith ag coill th’óghachta

badh aoibhne leam ’na iarlacht.


2 Mairg do nocht im ghoire-se

th’ucht is do chíocha corra;

mó do treaghd mo chroidhe-se

mar do fhéachamar ortha.


3 A Dhé, is beag dom dhonas-sa

i measg an tighe uile

féachain ar th’ucht solas-sa

ré ndul dom leabaidh luighe.


4 Níor chollas uair d’éanoíche,

ó tharla mh’aire ar th’fhéachain,

gan osna nó éagcaoine

fád cheann-sa, a dhreach dhéadla.


5 Mé d’fhéachain ar th’aolucht-sa-

truagh nár dalladh mé ruimhe;

mór do ghearr dom shaoghal-sa

féachain an ochta gil-se.


6 Ní tug cú dá céadchuaine,

na lacha do linn uisge,

ná bean d’fhear {na h}éanuaire

oiread mo ghrádha dhuitse.


7 Bím le hiomad t’ionmhaine

ag tuile bhróin dom báthadh;

mh’fhortacht, a chúl fionnbhuidhe,

ní thiocfa do shíol Ádhaimh.


8 Mar bhím gan do radharc-sa,

ní fhuilngim bheith it éagmhais;

bheith trian uaire it amharc-sa

ní fhéadaim, a shaor shéaghain.


9 Mo chroidhe do roghortaigh

méad mo ghráidh dod dhreich gcoimhthe

dóthain phrionnsa d’osnadhaigh

do-géabhthar uaim gach n-oidhche.


10 Bím ag iarraidh uaigneasa

mar fhortacht mór dom aigneadh;

do bheith ort ag smuainteaghadh

ní fhéadaim cách do chaidreamh.


11 Ní chreidim uaidh aonluighe,

gé madh eólach é ortsa,

damh dá ndearbhadh aonduine

nách tú is áille san domhan.


12 Ní chreidfinn ó phríomhfháidhibh

go dtáinig do shíol Ádhaimh

aonainnir ba fíoráille

ná thusa, a throigh bhántais.


13 Go ríomhthar na réaltana,

nó drúcht ar féar faichthe,

trian mo ghrádha éagmhaise

go brách ní fhéadfainn d’aithris.


14 Snámh i n-aghaidh tréantuile,

nó is cur gaid um ghainimh,

cur rem leigheas d’éanduine

ón toil don mhnaoi do radas.


15 Nách nár don mhnaoi shéaghain-se

bheith dom mhealladh gan adhbhar

’s nár mheallas féin éanduine

do mhnáibh ná d’fhearaibh talmhan.


16 Mar táim d’éis a grádhaighthe,

uaidh muna fhaghar fortacht,

deimhin damh go háirithe

go dtiocfa dhe mo dhochar.


17 Coll is nion go nuaghloine,

is dá choll ar n-a gceangal,

ruis is coll go cruadhshnoighthe,

ainm na mná so dom mhealladh.


18 Gibé bhias re síorthuigse,

atá an sloinneadh re leanmhain

mar ainm ar shruth fhíoruisge

thiar isan Mumhain meadhraigh.


19 Bean do-ní mo dhochar-sa

ó nách lamhaim a guidhe,

mé d’fhortacht ón rothoil-se

sirim ar Oighre Muire.