Poem in printable PDF format
Ag so chugad, a
Chormuic
[McKenna, L.:
The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 14]
1 Ag so chugad, a
Chormuic,
drud le fasgadh
fochanbhruit;
roimhe ad cheann
do-chuaidh meise,
bhudh fearr an
uair eileisi
2 Ag so mhé
dhuit, a dhreach ghlan,
gabh rinn a-rís
mar ollamh
lámh a láimh is
cneas re cneas;
gan teas ní cóir
an cairdeas.
3 Córuide
réidhioghadh rind
- ní hé a-bháin,
a bhas tséghoinn -
neach nach
ordhruic gan ollamh,
a Chormuic,
do-chualamar.
4 Gidh maith
damhsa, a dhreach mhálla,
do bhronnta is
barr th’anára,
feirde thú ollamh
agoibh,
a chnú ollamh
fhíorabuigh.
5 A ghnúis
ríomhálla, a rosg mall,
cubhoigh ribhsi é
dh’fhulang
dá mbeath
ainmhéin at ollamh,
a dhreach
glainréidh, gan athollamh.
6 Rí Midhe agus
Mac Coise
- sgél foirfe go
bhfiadhnoisi -
tiad, a Chormoic,
ó chéile,
dob ordhruic a
n-aimhréighe.
7 Dob é a-rís
críoch a gcogoidh
a ndíoghrais go
ndeachodair
Maoil Eachloind
ios a ollamh;
ní leathroind ar
labhromar.
8 Do bhí Fíthiol
fada a bhfeirg
le Cormac mac
Airt airmdheirg;
do-ní a mheanma
do mheasgadh
rí Teamhra do
thréigeasdar.
9 Ar an ollamh as
sé a bhrígh,
do-chuaidh
iarruidh ón airdrígh;
síodh cheandoigh
ór mhaith meanma
do cheannoigh
flaith finnTeamhra.
10 Giolla Brighde
ó Bhaile Í Néill
fa fheirg go
Cruachoin gclaidhréigh
gor bronnadh réir
tar riaghoil
d’ollamh í Néill
Naoighialloigh.
11 Murchadh mac
Briain eacht oile
’s Mac Liag lán
do chorroighe
tugsad annsacht
darr-oile
gan fhallsacht
’n-a n-ionmhoine.
12 Ní bhiam réidh
red rosg rionnghlan
a gcaidreamh ná a
gceiliobhradh
go bhfaghthar, a
chleath Choradh,
breath Chathfaidh
ó Chonchobhar.
13 Mar dho-rinne
gach rí dhíobh
ó a-tá tú ar
airrcchibh innríogh,
tú dhúinn bhus
cuisle chroidhe
cuirsi ar gcúl ar
gcorroighe.
14 Sé ar ghníomh
do chor ’n-a chomhaidh
gach rí dhíobh
dhá ndubhromar
dar leat do
fhaomh Ó hEadhra;
nír ghlac acht
taom tighearna.
15 Ríoghradh
Éireann leath ar leath
ler gceirdni ag
iomchor ainbhreath;
gár chóra dháibh
iná doit,
fam rádha as
cóir, a Chormoic.
16 Gabh meisi, a
Mhuire, ar hionchuibh,
a ghnúis dhiagha
deighiomchuir,
a chroidhe ar
nach feas formod,
a chneas lile
leabharlag.