Poem in printable PDF format
Sgéal tásgmhar do
ráinig fá chríochaibh Fáil
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 41]
Aonghus Dubh Ó
Dálaigh
Scél tásgmhar do
ráinig fá chríochaibh Fáil
dá ttáinig
lántuile a nGaoidhiltigh Cláir
do chloinn aird
áithiosaigh Mhíleadh Easpáin.
Toisg áirmhioch
ar lár an laoi ghil bháin
tug gárda láidir
mhic Aoidh mhic Seaáin
do chuir ár ar
bhárda an aolchaisleáin.
’S báidh liom nár
fágbhadh neach d’fhuidheall an áir
gan
chnáimhghearradh a bhfán an mhaolchnuic aird
acht an bhráighe
atá fá dhaoirsi a láimh.
Ón lá sin bú
láidir Gaoidliil go bráth,
’s ní náir liom
mar táid na laoich sin slán
d’éis an áir gan
chneadhuibh a gcaoinios sleagh
’S ní bás do
shliocht Seaáin mhic Aoidh go bráth
amárach dá
bhfaghaid a n-aoinfheacht bás
d’éis áthuis
láinmhir an laoi so amháin.
So an ghárda do
bhí an lá so ag sraoineadh an áir
d’fhuil Raghnuill
nár ghrádhuigh síoth do ghnáth
’s nár chuir lá
ná cairde am dhíol ar dháimh.
Táin státmhar
árrachta míleadh mBreagh
nár ghabh scáth
ré ndá urad buidhne ar áth
’s leis nár
ghnáthach sámhchodladh oidhche d’fhagháil,
Do-ní lá do lár
na hoidhche dháibh
gárlasair
smálghairthe críche a námhad.
Is iomdha
Spáineach scáithgheal dírioch leabhar
is feilm
bháinghreanta ar adhbhar laoich ar aird,
scéith áille
táite le clí dheasláin,
is lámh láidir
fhágus le píosa práis.
Ceann an bhárda
ar sgáth an spíce ar lár
a ndiaidh
sháirmhic áirmhigh Aoidh mhic Seaáin,
lámh láidir mhic
Saidhbhe as dídion dáibh.
’S dá ttráchtuinn
a ndearna ó [a] aois go bás
d’áithios mhic
Saidhbhe scríobhtha a bpár,
budh mé an fáidh
dob fhearr fios a gcríochuibh Fáil. ’
Do- chluinim mar
do- chluin cách
scél chuirfios a
lán a ttrén;
ciodh gearr ó
a-né gus a-niugh
’s fada ráinig
fios na scél.