Poem in printable PDF format
Sgian mo charad
ar mo chliú
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 52]
l Sgian mo charad
ar mo chliú,
nírsum ralag mian
na mná,
ni racha ar
ngrádh dhi gach día,
go ría slán an tí
gá ttá.
2 Ní holc í, ní
dáor a dealbh,
ge cáomh a lí, ní
lí gharbh:
an tí do sgeach
an sgían ghorm,
fíal um chorn um
each 's um arm.
3 Atá a sáith
uirre don ór,
agus buinni
bláith ré a bél:
tug an ghég
dhonnmhailghioch dhúnn
an séd úr
gormfhaighnioch gér.
4 Áith agus
leabhar a los,
bláith agus
sleamhan a slios:
do-rad uaidh an
cíabhfhann cas
íarann glas
cruaidh ar mo chrios.
5 Faighin dualach
agá díon,
go huallach agus
go húr,
órchluidhe trom
ina táobh,
cráobh lom
chróchbhuidhi 'na cúl.
6 Bean do mhnáibh
an tíre theas,
go gcnáimh sídhe
mar an snas,
banMhuimhnioch
cháomh ar mo chrios,
go slios cháomh
ghlandruimnioch ghlas.
7 Donnchadh
Cairbrioch na gcon gcáomh,
ní hairgthioch ar
chrodh na gclíar,
trilis roimhín
fhionn mar ór,
lór liom fám
sgloimhín a sgian.
8 Máol Ruanaidh,
rannaire an ríogh,
go ndualaigh
cambuidhi a chíabh,
gnúis cháidh mar
fhuil nó mar fhíon,
go díol cáigh ní
sguir, a sgian.