firstLine"; ?>

1705. Sgol gan oide an t-ord gaisgeadh $
Length: very long 59qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1381 (H.5.9) Toird. O’Reilly 1684
Motifs:
  1. internal dating
  2. imagery for patron
  3. war with Foreigners
  4. nature mourns
  5. plight of subjects after patron’s death
  6. general grief (hostages mourn)
  7. historical allusions
  8. Classical allusions
  9. sickness?
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (TCD 1381)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Seaan Og mac Seaain
Patron Surnames:
  1. O Dochartaigh (d. 1601)
Apologue Subclasses:
  1. Cormac Conluingeas
  2. Conlaech dies
  3. Charlemagne’s corpse carried to victory
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Sgol gan oide an t-ord gaisgidh

[TCD 1381 (H.5.9), 46]

Fergal Óg Mac a Bháird cecinit

[Date 1601 in qt 58]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Sgol gan oide an t-órd gaisgidh

an rioghraidh o rioMhaisdín

fer a n-ullmaighthi ní fhuil

um tegh ccornghairthi Criomhthain.

2 Mur táid an [táin i?] ccrich Chuinn

[do] bhádar d’éis Chon cCulainn

ursain [troide?] Benn mBoirche

treall gan oide a n-ullmhaighthe.

3 Cú Rí na rúathur mbáoghlach

do bhí an gaisgeadh gérfhaobhrach

ar n-écc flatha Bend mBerbha

treall a ttacha a thigherna.

4 Murchadh mac Bríain bruinne sheng

gaisgeadh Gaoidheal i ngeibhend

do fhágaibh badhbh bionnchúain Breagh

i bhfionnChlúain Tarbh do thuit-sén.

5 Bíaidh do breith cáich leith ar leth

an gaiscceadh céadna i ccuibhreach

i ccrích fhoirfe an fheóir bhratghlain

choidhche i ndeóigh Í Dhochartaigh.

6 Gaiscceadh Gaoideal ghuirt na fFhionn

coll gan chnáoi c(h)airt gan sgríbhinn

no as tréd gan bhuachail(l) ’na bhun

ég Í Thuatail da thurnam (?).

7 Airlegadh nach íocfa féin [45]

ruccadh dhínn día do thoibhéim

gach eineng tíre dar thib (?)

le righe a gherrend gaisccidh.

8 Do nós na tTroighenach thoir

do bhí an Tráoi íar n-ég Eachtoir

mur do bhí i ndán fa dheireadh

clár Dha Thi do thoirbeiredh.

9 Conuill Bhredh mur do bhí an Róimh

d’éis Phoimp fa phendaid ndobróin

gan comairce gan trían thall

do mhían donnaighthi an termann.a

10 Ar an ccor-sin do bhí an bioth

ar ndul d’Alasdair úaibhreach

lucht ar n-eoill ní haontaoibhr linn

i ndeóigh iompóidh air Éirinn.

11 Mur do bhí t(air)’éis Eogain Móir

an Mhumha a-níar fá néll dobróins

leith Cuinn fa nélltursi a-noir

’mun réltuin-si fhuinn Fhiachaidh.

12 Abhla crom(h)a criche Fáil

as dhi tanaic a togbhail

tanaic dhi an cuisne do chur

ní tursi í gan ádphur.

13 Do-bhe[i]r don fhúacht a ernach

oighidh fleisgi fíonTemhrach

an g[h]oil(l) i ngíallghlas do gheabh

fiabhras ar nach bfoil fa[oi](n)semh.

14 Mur do sgáoil egcóir oile [44]

sgotha brúaich na Boroimhe

as toronna thoighe Cuinn

is doire chnodhonna ó cConuill.

15 A bfhaighthi a bhferoinn chairti

a ccuirthi ’sa (n) cclainnmhaicne

7 sealbh gach aoin d’Ultaibh

do sgáoil dearbh Í Dhochartaigh.

16 Banbha do bhe[i]th ’na cotchaiph

tuc teimel Uí Dhochartaigh

críoch linnte air nach luidhiodh troid

gan inte acht fuighiol(l) formoid.

17 Do dhruim formaid amhlaidh so

do sgaradh clár na Crúachno

fonn síothmhalla na slat ccuir

le mac fíochdhana Fiothaigh.

18 Fráoch mileata mac Fiodhaigh

méd a ghnáoi iter (?) Ghaoid[ea]laibh

té[i]d fon réltain [ó](a)n mBuill mbuig

a crechtghuin don tnúidh tanaic.

19 Ar aonach Caisil cían úadh

mac rí[ogh] Uladh iúl fionnfhúar

nír écht é narbh ega(i)l dún

do legadh é tre iomthnúdh.

20 Cormac Con Loingis laoch Cuilt

Medhbh Chruachain na ccreach n-oirdhircc

mairg fa ráinig rún a fill

ar thnúth tainic a tuitim.

21 [B?]ás Conlaoich na ccleas ngoile [43]

tuc tnúth sgoile Sgathuidhe

an ghein tshochair ó Bhoinn Bhreagh

do-róchar tar dhoigh dhraoithéd[h].

22 Ó thús dhomain ga ttam dho

ar leag an tnúth túar iargnó

ríamh san chruinne ghégthruim ghil

ní fhédfuin[n] uile a n-airemh.

23 Ní sáoghlach (a)ríamh gach ré lán

do bainedh mur so Seaán

deireadh (?) choillghil an chluimh laig(h)

a ttoirnimh don tnúidh tánaic.

24 Do bháith a ghaiscceadh gniomh caigh

mur bháithes troimchioth tendáil

nir ghúais da ré acht silleadh súl

do lingedh é tre iomthnúth.

25 Fáoi do bhídis ag cur cath

mur thamhna re taobh ndarach

do dhiogail (?) síorthnuth shluagh mBreagh

tre fhíochrún f[h]úar a aithbher.

26 Ar formad Gaodheal sluagh Breagh

nior sháor a cholg no a chaoilshledh

Ó Dochartaigh do dhún bhFloinn

no a rócharcair úr íaroinn.

27 O Dochartaigh dioghbha sluaigh

nior chaillseat air acht énuair

níor shaor badhbh airmgher Uisnigh

saighnén na n-arm n-echtach-sin.

28 Nior bheg muna bheith an t-ég [42]

a shledh chorcra ’s a chaoilstéd

’s a bheirt ghlíadh d’imdhidion air

ar fhiadh bhfinnliggeal bhFíachaidh.

29 Do dheimhnigh airde an fhedha

do dhearbh muir ga[n](ch) maighredha

mo-núar do fhoillsidh an úir

búadh na n-arm-sin ar n-iompuidh.

30 I n-ionadh na n-arm oile

a-tá an [leg. ar?] fedh fhóid Iugoine

airm thinntighe ag túar gach uilc

deirgthine úadh ar adhairt [leg. -nt?].

31 Airm fhuigfes an úir gan ioth

ler soillsiodh saighnen nimhneach

bes do nochtadar na neóill

cnes ochtabaidh an aieoir.

32 Na géill-sin mur ghiallaibh caigh

ag cáoi Seaáin óig d’énláimh

a-táid frasneoill san tír thall

ag sin a nglaisreoidh ngobhang.

33 Na heignedha is na healta

ag cáoi flatha finnBherta

nellchuisne ar gach an do chuir

núall gherthuirsi ag na gáotaibh.

34 Nír shaoil a chonach catha

nir smúain a reacht riofhlatha

teacht do re caoilleabaidh ccla(i)r

do cháoinedur so Seaán.

35 Ni híongnadh cách da cháoinedh [41]

fert sebhuic fhóid fhionnGhaoidheal

ni lucht aoinfherta fhuil ann

an fhuil Ghaoidhealta i ngobhang.

36 Teg(h)ascc siodh chomurle cen

crúas as buga mac Míledh

mac le clár náoinghreanta Neill

mur lán áonleabtha íad-séin.

37 Ni he fein dóibh is doilghe

do-chúaidh crioch a chomhairle

le láimh [deirg] mbráoininnsi mBreagh

na Gaoidhil-si ó leirg Lighen.

38 Each uaibhreach i n-esbaidh sr(a)éin

no as táin gan ionramh íad-sein

da damhna i ndeoir gach Ultaigh

tarla i ndeoigh Uí Dhochartaigh.

39 Fa bhrat qumhadh cían ó shoin

do bhi treall mur táid Ulltaigh

tre Sherlas na ttachar tte

achadh ferghlas na Fraingce.

40 Serlas morfhlaith na bhFrangcach

airsidh doiligh dioghaltach

tuc ri ghairm gach fine fáoi

righe re a ainm ni fhedfáoi.

41 Cinn [leg. Cing?] Serlas fa saidhbhre i ngairt

fa dheóigh tar chend a qhumacht

do bheru [leg. dhearbh?] an t-ég a anáir

derbh nar fhéd a ionghgabháil.

42 Na hEsbainnidh anba an rath [40]

cinnid air an ccath fFhrangcach

déd tirmceart far gherlas goil

Serlas ar n-imtheacht úathaibh.

43 A sén catha ar ccúl do-chóidh

do líonadh re dhoidh ndobróin

an Fhraingc fhlesgfháinneach donn tte

tre throm Espainneach uirrthe.

44 “Os ar thSerlas do bhí ar mbúaidh

curem” ar droing da dheghshlúagh

“roinn a ghealchnámha a ccend chath(a)

an seang creachmhalla créchtach.”

45 Cinnid Frangcaigh fíor a ndáil

taisi a ttriatha do thógbháil

is cath do chur as a n-ucht

nior rath nar ghabh a ngríosacht.

46 Do churseat a ccomhruidh óir

taisi an airdri[ogh] tre anóir

bristior leo air a lucht cogaidh

gleó as a n-ucht do fhogradu[i]r.

47 Na hEaspainnidh tair a n-ais

ga du acht fillid slúagh Sérlais

curid i ngnáth orrtha a-rís

na comhtha ar chách do churdís.

48 Taisi Sheaáin tarla thall

Easpainnidh an fhían eachtrann

geuga c[a]oimhmhillsi ó qhúan Rois

na Gaoidhil-si shlúagh Sérlais.

49 Re taisi Seaain mur soin [39]

is gluaiste don fhoir Ulltoigh

do bhúain fhoghloighedh tar ais

ó ghormoirer bruaith Bernais.

50 Do curedh re sén ngníomhas

deich ccatha um chorp an airdrigh

mac Fiachrach ler foibhreadh sledh

fa ttoirneadh giallchath Gaoidheal.

51 Tuc a muinter meaphair linn

corp Dha Thi go híath Eirenn

ó Shlíaph ciochdhonn úr Ealpa

na mú(i)r síothchorr suaithenta.

52 Corp Se[a]áin óig do bhreith búaidh

dob ioniomchuir é an athúair

fan tí do iomchradar ann

do bhí fionnphobal(l) Fremhann.

53 Néll Se[a]áin óig re hucht ccath

da ffhaicdís an fhian Ulltach

do budh leó an tsealbh dh’uaim ar-ís

derbh nach gan búaidh do bhedhdis.

54 Féchain andalaigh (?) an fhir

no smúainedh air tre fhísibh

féirrde síol airmgher na nArt

no a mairbhnell far-[í](a)or d’amharc.

55 Ar easccair dibh re hucht ngleóidh [38]

beith ag maoidhemh [m]airbhneoill

ar aithceime d’f[h]uil na nArt

tuir dar chaithcheile an chrodhacht.

56 Ursa cothaidh chriche Breagh

deireadh cogaidh mac Míleadh

tús luidhe finnshleachta Floinn

tinnghealta chloinne Conaill.

57 Bile cogaidh mac Míleadh

bárr cumhra chóig ríghthíredh

trénursa gach gleóidh trer gheabh

gérosna ’na dheoigh dáilter.

58 Sé céad [déag] bliadha(i)n beacht liom

blíadhain oile d’iúl sgríbhinn

ó ghein Dé [go] dola uí Chuinn

gan rogha mur é aguinn. [date 1601]

59 Ri(gh) Oiligh na n-eathar nocht

mac Seaáin úa Con Chonnacht

ar camhair do sgáoileadh sgor

rádhaigh dhraeithedh is msgol. Sgol...

Seaán Ó Raghallaigh