Poem in printable PDF format
Sguir dod
shuirghe, lean dod leas
[Tomás Ó Rathile:
Dánta Grádha no. 105]
Muiris (mac
Dháivi Dhuibh) Mac Gearailt
1 Sguir dod
shuirghe, lean dod leas,
ná bí éasgaidh ar
h’aimhleas;
smuain, a bhean,
an bráth id chionn
gach tráth,
neamh, uaigh is ifreann.
2 Ní buan antoil
na hóige,
ná hoir don chorp
chréafóige;
tuig go dtéid
gach ní fó neimh
gan bhréig sa
chlí ór chéidghein.
3 Ná car na
daoine deasa
charas tú d’fhonn
t’aimhleasa;
ceil do
chaidreabh caoin orra,
ná sgaoil
t’aigneadh eatarra.
4 Dá n-éistir a
reacfaid ribh,
ataoi i mbaoghal
uair éigin
go mbréagfa an
séad suirghe sibh,
an bhréag, nó
fuighle féinnidh.
5 Léigid orra,
d’fhonn t’fheise,
éag d’aonghrádh
do dheilbhe-se;
a ghrádh, ná
creid go gcaraid,
bleid a lán dá
luathchanaid.
6 Má tá leat do
leas i ndán,
seachain suirghe
na n-ógán,
a bhean na gciabh
bhfraistiogh bhfionn,
nách biadh
h’aistear go hifreann.
7 Fearr mar lón
lá na Cuinne
Dia ná aoinfhear
againne;
ag so an Fear is
dile dhuibh,
a bhean mo
chridhe, is caraidh.
8 Ní bhia póg mar
luach leasa
uait ann, ná uain
aighneasa
dhuit ón Fhior
nách cam cridhe;
a-niogh am na
haithrighe.
9 Ní beag dhamh a
ndubhart ribh;
cuirim thú ar
dhíon an Dúilimh;
guidhe Ríogh an
Luain do leas,
dod dhíon gach
uair ar h’aimhleas.