Poem in printable PDF format
Siobhlach ar
chéilibh críoch Branach
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 62]
Ruaidhrí mhac
Tomáis Mic Eochaidh .cc.
1 Siobhlach ar
chéilibh críoch Branach
brath tochmhairc
go ttarla dhí;
gur chuir fheirm
ar fhear dá céilibh
níor bhean a
seilbh éinfhir í.
2 Dá foluibh féin
fuair an chríoch-so
céile toghtha
thiocfus lé;
móide do gheabh é
gan fholaidh
ar bhean sé do
Tholaigh Thé.
3 A ttig ’na
choinne a gcóir feadhma,
fágbhuid aige an
t-áth ’na mbí;
gi-bé réir do
chleacht a gcliathaibh,
is ceart ar
fhréimh Fhiachaidh í.
4 Tabhairt diadh
tré dhúintibh faghla,
folta a námhad
níor nocht sé;
deireadh a gcean
ar fhóir Almhan.
níor lean tóir ar
adhbhar é.
5 Fá cheann
creiche críche faghladh
fagháil antruim
dob í a thail
créd fár ghabh an
táir ré ttarla
’na dháil do char
anma air?
6 Ar doirteadh
uaidh d’fhionnfhuil curadh
cuimhnighthear
leis lór do bharr
d’éis gliadh do
fhógair a n-araidh
ar thógaibh Brian
d’fhalaidh ann.
7 Ní hiongna [a]
fholta ar ua Chathaoir
do chrodh cáigh a
gcuirthear lé;
minic dá riar [
’s] í ’na hadhbhaidh,
cliar do-ní ’na
fhaghluidh é.
8 Cuimhne óg ar
fholtuibh seanda
mar so do-ní ag
nochtadh lann;
ní fada ar ttocht
go fiadh faghladh
gur nocht Brian
[a] adhbhar ann.
9 Tar éis lingthe
tré lár ceilge,
cuairt ’na
ttimcheall tug ’na suan;
leis ní bheir
aoinfhear acht araidh
go treibh
caoilshleagh adhaigh fhuar.
10 Ar fud laoch
ag locadh comhlann
cairt ar chánaidh
gur chuir sé,
fagháil clú fá
thaobh ’na ttiachair.
ní saor do chrú
Fhiachaidh é.
11 Gluaisid leat
do laochruidh armtha
ealta churadh
chleachtus buaidh
do dhéanamh cean
go fiadh faghlaidh
do-gheabh cliar
go hAlmhain uaidh.
12 Gér ghnáth é
’na urraidh cosnaimh
cairt a thíre tug
fád láimh
gibé eacht ar a
mbíodh brágha
is díol ’na ceart
cána cáigh.
13 Ní beag do
chaomhna ar chreich tíre
trillsi ad
dheaghaidh deargus port
deatach
fionnbhrugh ar feadh n-adhnadh
ag ionnramh cean
t’fhaghladh ort.
14 A ndearna
riamh do ró dhíoghla,
duit-si, a
Bhriain, do-bhéaraidh íoc
is mór do bhean
t’fhoghluim d’fhéinidh
fear comhluinn do
dhéinimh dhíot.
15 Luaithe thusa
ag triall ’na coinne
a gceann troda
mar thug léim
fágbhuidh sibh ar
fhiar don fhogha
as-tigh a ngiall
ghona géill
16 Dortadh fola
féinneadh ttoghtha
gidh taisi dhíbh
do dhruim clú
téighe ar áth
n-éigin gach énlá
tráth éigin ní
thérná tú.
17 A gcumhga do
cuireadh libh-si
laoich fheardha
ar nárbh iartha buaidh
mór an fuaradh lé
fear h ’adhbhair
bualadh ar feadh
n-adhnaidh uaibh
18 Do chuirn
shídhe, do sheóid bhuadha
bronntar uaibh
gérbh ainbhreath docht
ní beirthior
geall oinigh uaibh-se
doiligh teann na
huaisle ort.
19 Órthar am nóin
ré neart téigle
tolcha uaine as
áille lí;
saobh ’s a mbídh
ón ghréin do ghabhluibh
nách léir a ttír
t’fhaghluidh í.
20 Seargthar lé
grán ngeal coll sídhe
sreabha tana
timchioll chuain;
gé tharla soin ar
thal treabhthuigh,
do loigh gal ar
thealchuibh tuair
21 Do ling teas
ar thaobhuibh móirshliabh,
do mhéduigh
fuacht fírshreabh ngeal
do dhruid sál ó
fhiadh ar eachtra,
grian ’na dhál ag
teachta as-teagh.
22 Brian mhac
Fhéilim meic Fhiachaidh,
ár a chruidh níor
choigill sé;
bíodh nách fuil
béim ar a bhronnadh,
níor chuir a
gcéill d’ollamh é.
23 Tairgid
triatha ar tteacht dá rochtain
roighne a gcorn
’s a gcaomhchloch mbuadh
créd fár lean ar
ghiall a ghealladh?
níor gheabh riar
ná earradh úadh.
24 Níor ghabh
umhla, níor fhaomh diúltadh;
díol do láthair
locaidh sé;
nár ghabh riar a
ndíol a dhiomdhadh
ré giall ríogh
dob iongnadh é.
25 Tig a ttuinn
do thormán aidhbhsioch
gurbh eaguil dul
do dhruim eóil;
béim ag gaoith ag
béin ré bratuibh,
laoich ag léim a
slatuibh seóil.
26 Ar bhfilleadh
dó a ndeaghaidh coscair,
don chuairt tug
timcheall níor an;
taobh re giall do
bhí do bhuidhin,
do-ní Brian ar
bhruidhin ban.
27 Éirghid roimhe
ríoghmhná uaisle,
onóir a
bhféinneadh fuair sé;
teann file san
teagh ’na ttiachair,
más treabh
d’fhine Fhiachaidh é.
28 D’eagla a
bhfoghla go fuil Raghnuill
roithfe comhtha
Cláir Dá Thí
cáin nár éiligh
Brian ar bhiodhbhaidh,
tré fhiadh
nÉibhir siobhlaidh sí.
29 Máire Óg ’s a
inghion Mháire
ní mheasuim trá
gur thuill béim,
gég nár chlaon ó
iomrádh íre,
an fhionnbhán
chaol shídhe shéimh.
30 Inghion
Toirdhealbhaigh taobh slisgheal,
[a] seóid bhuadha
bronnaidh sí;
urraidh dála do
dháimh dhoiligh,
námha do mhnáibh
oinigh í.
31 Plannda
oirdheirc d’fhionnfhuil Chathaoir,
craobh fhíneamhna
as uaisle pór,
sgél náir ar a
fuil ní fuighthear,
ar dháil cruidh
ní chuirfeadh clódh.