firstLine"; ?>

1711. Siodh do chleir da snadhmadh sibh (aceph.)$
Length: short 14qq (fragmentary)
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Copenhagen Ny kgl.Saml.268b 16th c.
Prints:
  1. transl. Greene DMU, no. vi
Motifs:
  1. patron’s irresistible attractions for women
  2. patron’s wine drinking
  3. liberality to poets
  4. Patron’s prowess in battle
  5. war with Foreigners
  6. medical lore
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d 1589
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Síodh do chléir dá snadhmadh sibh


[Greene, David: Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 6]


1 Síodh do chléir dá snadhmadh sibh

ní réir re dtarla do thail;

fán sídh do réidhighedh ruibh

do bhrígh chuir énfhiledh air.

2 Manchaidh réd egar nír an

co legar co talmhain tor,

nach bhfaghar ó chomhla cion

d’fhior th’fhaladh nír chomhdha ar chrodh.

3 Neimh h’áladh do mhedhair mná

ón deabhaigh mur tánic tú;

do chaoir a tteallach nír theo

sa ghleo dhaoibh ag cendach clú.

4 Ben nár fhéch d’fholtaibh a fir

a rothoil a gcéill do chuir

nach sia astegh an copgha ad chneidh

- ben mur sin gonta dod ghuin.

5 Righbhen re amhsaibh gá ól

fírshreabh nach bhfaghar a bhfér;

luath do mholadh re mnaoi ríogh

díon an chraoi fhoghadh nar fhégh.

6 Tug co hésgaidh d’fhilidh uaidh

séda nár dlighedh do dháil;

díon dá bhloidh san fhalaidh óir

ní dóigh faghail oir an fháil.

7 Ar fhíon luinge go dtéid trágh

ón chléir do chonnaimh a riar;

dob fhiú foide a n-óil ar fhíon

an nóin gá líon troidi ag triall.

8 Ní an sin a cconchlainn clú

a theisd ó chonchlainn do-chuaidh;

fada bhíos a goil ón ghréin

léir re sgoil grís ria ghruaidh.

9 Cú Chonnacht a mbeirn do bhí

seilbh an chlú do chosain sé;

san ágh dob ionLogha a ghnaoi

lán craoi na hiomghona é.

10 D’fhoghail ní thriallfa do thigh,

ní hiarthoir dá lotaibh luibh,

bas ar áth do chuir re cneidh

luibh mur sein nír ghnáth re guin.

11 Síol Uidhir re bhfoghmhar féin,

Gallthrugh fa dhoighir ’na ndeoigh;

re fuaim geimhiol a n-am áigh

do ceiliodh gáir na ccrann cceoil.

12 Geall ar eineach gon fhréimh riamh,

ar a n-eineach ní théid trágh;

do chosg raoin etorra am fhíon

do sgaoil síol deghColla an dámh.

13 Cú Chonnacht a n-egar áigh

benas ar tosach don tóir;

tús gliadh ní héider nach uair

uain riamh don chédfher as cóir.

14 Luath do fhregair an ré nua

a léim tegair budh tuar clú;

mac Siobhán do ghabh a ghó

ar tionál dó re car crú.