firstLine"; ?>

1713. Sion choitcheann cumha Ghaedheal $
Length: long 45 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) O Gara MS 1655-9
  2. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
  3. RIA 1387 (23/O/78) Uill.R. McCoitir 1723
  4. RIA 3 (23/L/17) S.OMurch.naRaith.1744-
  5. RIA 493 (23/C/18) MmcP Ui Longain 18c
Prints:
  1. (O Raghallaigh, Fili & Filiocht Connacht)
Motifs:
  1. caithreim
  2. nature mourns
  3. general grief for patron
  4. Classical allusion
  5. agriculture
Poet Christian Names:
  1. Aindrias (Mayn. M 6 only)
  2. Cormac mac Ghiolla Choluim (RIA 2)
Poet Surnames:
  1. MacCruitin
  2. O hUiginn (‘Cormac O hUiginn’ RIA 743)
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh mc Cathail Oig mhc Thaidhg
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair Sligeach d. 1609
Apologue Subclasses:
  1. Wanderings of Aeneas
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Síon choitcheann cumhadh Ghaoidheal

[RIA 2 (23/F/16), ‘O’Gara’, 2]

Cormac úa hIgginn mac an Ghiolla Coluim .i. marbne Ui Conchubhar Shlíghi .i. Donnchaid mic Cathuil Óig.

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Síon choitcheann cumhadh Gháoidhil

luisni is leithne cráobhsgáoileadh

fa mhagh bfhoirleathan na bFhionn

do ghabh coimhshreatha[dh] coitchionn.

2 Sníomh na nGáoidheal-sa guirt Bhreadh

an ghrían mur gabhus timcheal

do choimhshiobhlaigh ceann a gceann

gach beann d’oiriormhuigh Eireand.

3 Ní heasghar ón héidir teacht

cáoinedh cáich uile a n-é(a)infheacht

ní tús fromhtha acht foirc(h)eann leóin

orchra coitcheann gach c[e]in[e]oil.

4 Bás Uí Conchabhair Chairbre

creidhim nach cailg áonairde

do shráonmhuigh(e) an treabhlaid tinn

nar dhearmuid áonmhuigh d’Éirinn.

5 Ní díoth duine tar dháoinibh

íarsma fola fionnGháoidhil

ní héag neich is oire and

ni croidhe ar leth ro-s leónand.

6 Ionann cháoineas a chara

’s a bhíodhba(idh) bás Donnchadha

on té le ttuigthear a nimh

ní he guilter acht Gaoidhil.

7 Bathadh Gáoidheal ghuirt Lughaidh

do bhí ar bhás Ui Concabhair

ré dibh[dh]agh deirigh an smáil

fíorghar don teinigh teasdail.

8 Éag onchon Easa Dara

ceann uidhe gach easbhadha

orchradha oirir na bFhionn

oighidh Donnchadh[a] a ndi(o)ghionn.

9 Ní heasbaidh áonláoi idir

oighidh flatha finnShlig(h)idh

ginfidh ní nár nocht da nimh

bus olc don tí nar tuismedh.

10 Cáoinfid(h) foirne a bfhad a-nonn

deredh Gáoidhil ghuirt Fhremonn

a mhaircc nach ne(a)imhnidhe a-niogh

cailg gach de(a)rbhfhine a ndeiriodh.

11 Cáoinid(h) a-niogh treóin 7 trúaigh

cáoinid(h) na huile a n-éanúair

an ceathardhúil cáoinidh linn

aoibhil eatharmhúir Oili(o)ll.

12 Do cheangladar cumaidh bhróin [3]

airdreannaidh fhiochdha an áitheóir

na muige túir na tonna

’s an uile dhúil dhomhanda.

13 Ruithne grianda na goile

breachtradh na mbláth ttalmuidhe

fa dláoi an [d]oirchearraidh ar ndul

ar áoi coimhceang(h)ail cumhad[h].

14 Ionann cháoined cleath [Li]ne

buiredh na bpiasd muiridhe

bérla imshniomhach na n-éan

érma ilgníomhach a-éar.

15 A dháoine a dúile balbha

a cheathra clair fionnBhanbha

truime ’sa chách bur gcaoine

uille d’fáth bur n-eagc(h)áoine.

16 Cía an dúil do doille tuigse

nar thuig dioth an Donnchaidh-si

cía an croidhe nar chailg a ne(a)imh

ca maircc oile nar fhoiligh.

17 Bíoth nar éagc(h)áointe ar áoi féin

bás eigne Easa Coiléin

doilgheas do budh cóir fa a cheann

ar choimhleas cáigh a gcoitcheann.

18 Táraidh d’fhe[i]theamh na n-oir[e]acht

docroidhe 7 de(a)óradhacht

dar thúill a smúaineachadh soin

do(i) dhruim duaibheatha[dh] Donnchaidh.

19 Beag súim ar son a dheacra

fríoth leis go lá a imtteachta

tarla da socraide o shoin

tarbha docroidhe Donnch(adh)aidh

20 An beach chuiris cúairt leabhair

fa chiomsaibh bfheadh bfhoithreamhuil

da hadhbha gidh be do-bheir

ní hé a tharbha ge thairseigh.

21 An damh go nd(h)ithcheall ttreabha[idh]

cnáoitear fa chuing n-oibreamhuil

ag cách tar cheann [a] dhocra

is gnáth earr a f[h]oghanta.

22 An ghéag dar goire sgothadh

bhíos a cnúas na créachtothar

acht comhghar an té len toil

ní le(dh) foghnamh a húalaigh.

23 Amhlaidh sin is sníomh croidhe

sáothar slaite Callraidhe

mur tárla uadh a n-aisgidh

duagh gan tarbha tarr[a]isdir.

24 Úalach nach bfhúair a thoradh

do iomchuir dar n-an(fh)ocal

ní bfhúairacht sníomh gan tarbha

gan díon é gan athordha.

25 Fúair go foirceann a re(a)imhis

sníomh Aengheas mic Aine(a)icis

tarla d’ursan fhuinn Meadhbha

cuing cosmhuil a chinneamhna.

26 Dar ádhnadh ar eacht oile

cogadh fa chúis eolchoire

Troigh[i]anaigh le gcuirthe cath

is tuirthe goirmfhialaidh Gregach.

27 Tinolaid(h) d’éis ar-oile

ar mhair da áois ionmhuine

no gur coimhlean díreamh [leg. -im?] dhe

d’fhír(r)eir[r] fhoirneadh na hairgne.

28 Naisgid(h) re chéile a gcora

tugsad d’Aeneas áonlugha

ráoin glíadhcatha do léim leis

gan réir triathfhlatha tairreis.

29 A dée a-dubhradar ris

nach bfhuigheadh orláimh flaithis

go ttoirnedh lé trén láimhe

sén fhoirneadh na hEadaille.

30 Mac Ai-niceis nathadh slúaidh

freagras an aibhéis n-ionnfhuair

loingsidh ler áit[h]aid[h] gach fiagh

o chathair thoirsigh Thro-ian.

31 Gach gúasacht tíre tarraidh

gach eigiontus iombathaidh

gach ro dúaigh ga ttamuid daibh

ranig íar n-úair an Eattail.

32 Ní cúmhang a chur a ccéil

gach gleó tug fan ttír n-aigmheil

gach treas da ttáireadh impe

beas dom aireamh eigcinnte.

33 Gidh edh gerb fhada an treimsí

do bháoi ag troid ’na timcheill-si

dob é a chríoch so íar sealadh

an chríoch do gur disleadhadh.

34 Súil frioth leis lúach a dhochair

air bás ’na bhás gleóthoc[h]air

iar ttearnomh o ghaisdibh gliadh

eanbun taisdil na tTró-ian.

35 Beatha 7 bás an chéidfhir

beag leaghthar da leitheidibh

tarla rinn ar séd samhail

ar n-ég chinn O cConchubhair.

36 Gan lot áirm gan f[h]eidhm ndocrach

bás Áeneas gerbh iongontach

ar chor nach diomolta a dhul

ionganta dul do Donnchadh.

37 Oighidh láoich a léirg chosgair

íongnadh nach eadh tarrosdair

no éug do chroilighe a chneadh

do shéd móirfhine Míleadh.

38 Níor cheisd ar Choimhsigh nimhe

a bhreith ar bhás n-aithridhe

gé madh gnás d’aighleannaibh áigh

bás le hairmreannaibh d’fhaghail.

39 Athach an áosa cádhais

guidhe núadh gach naomhárais

dob e(a)ittiogh fan uaidh-sin Taidhg(h)

a nguais[d]ibh n-e(a)gion n-iomairg.

40 Bioth go bfhúair an t-éug a am

mor fhlath ar sloidhedh sáorchlann

do fhill gan fíordheargadh fair

a rinn toinnleargan tochair.

41 Mór máidhm 7 malairt tachair [4]

tarruidh úa Cuinn Cheadchathaigh

bheth ag cuimhne na ttreas ttiogh

beas is doilghe ina a ndioghoil.r

42 Dob oile an úir ar fholaigh

aitheas chinn O gConcabhair

do mionríomh a mic Cathail

no reic t-iolghníomh n-anachain

43 Do mhuchsad a mac samhla

lucht an Chatha Cathardha

a bfhad thall nach tiosadh te

griosadh a chlann re a chéile.

44 A ua Taidhgh is tríd dleagh(th)ar

gan t’aitheasa d’fhoillseaghadh

teacht tríotha cia ar nac ccuirfedh

dia an fhioc[h]a do adhainfedh.

45 Cúis eile d’falach do chean

nach fuasgladh anma d’aireamh

b[h]úr síorfhoghu(i)l ga ttás dí

gur fhás díobh(l)ogha[dh] dísi. Sion...